20240209_IRISH_duine_fasta_tar_eis_bhais_le_bruitineach_i_gcuige_laighean
FEB 09, 2024
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/28x524k9

Contact: irishlingos@gmail.com
An adult has died of measles in Leinster.
Duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean.
The Health Service Executive has confirmed that an adult has died of measles in Leinster.
Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean.
It was revealed that the person died in the hospital but it was not said where exactly.
Tugadh le fios gur san ospidéal a bhásaigh an duine ach ní dúradh cén áit go baileach.
This is the first case of measles recorded in the State so far this year.
Is é seo an chéad chás bruitíní a taifeadadh sa Stát go dtí seo i mbliana.
A special medical team that was recently established is on standby in light of the person's death and people with symptoms of the disease are being appealed to consult a doctor.
Tá foireann speisialta leighis a bunaíodh le gairid ar fuireachas i bhfianaise bhás an duine agus táthar ag achainí ar dhaoine a bhfuil airíonna an ghalair orthu dul i gcomhairle dochtúra.
Health Minister Stephen Donnelly indicated yesterday that there was likely to be a measles outbreak shortly among groups that have not received the MMR vaccine.
Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios arú inné gur dhóichí go mbeadh ráig bhruitíní go gairid i measc grúpaí nach bhfuil an vacsaín MMR faighte acu.
The Chief Medical Officer in the Department of Health, Professor Breda Smyth, has since said that she is very concerned that there will soon be an outbreak of smallpox in Ireland.
An Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, an tOllamh Breda Smyth, tá sé ráite aicise ó shin go bhfuil an-imní uirthi go mbeidh ráig bhruitíní in Éirinn gan mhoill.
She confirmed that at least 95% of the population would have to have received the MMR vaccine to prevent an outbreak.
Dhearbhaigh sí nár mhór an vacsaín MMR a bheith faighte ag 95 faoin gcéad den phobal ar a laghad le ráig a chosc.
Unfortunately, says Professor Smyth, only about 90% of children nationally have received the vaccine in two years and the rate is as low as 80%, or below that again, in some counties.
Ar an drochuair, arsa an tOllamh Smyth, níl an vacsaín faighte ach ag thart ar 90 faoin gcéad de leanaí ar bhonn náisiúnta le dhá bhliain agus tá an ráta chomh híseal le 80 faoin gcéad , nó faoina bhun sin arís, i gcontaetha áirithe.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Comments