20240114_IRISH_ni_stopfaidh_aon_duine_muid_i_ngaza_-_benjamin_netanyahu
JAN 14, 2024
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/yu8mg9az

Contact: irishlingos@gmail.com
"No one will stop us in Gaza" - Benjamin Netanyahu.
"Ní stopfaidh aon duine muid i nGaza" - Benjamin Netanyahu.
Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu has said that the International Court of Justice will not stop Israel from achieving a complete victory in its war on Gaza, despite South Africa's case of genocide against Palestinians.
Tá sé ráite ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu nach stopfaidh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta Iosrael bua iomlán a bhaint amach ina gcogadh ar Gaza, ainneoin chás na hAfraice Theas cinedhíothú ar Phalaistínigh a chur i leith na tíre sin.
"No one will stop us - The Hague, Axis of Evil or anyone else.
"Ní stopfaidh aon duine muid - an Hág, Ais an Oilc ná aon duine eile.
We can and must continue to win and we will," Netanyahu said at a press event broadcast across Israel today and the first day of the war there tomorrow (Sunday).
Is féidir agus is gá leanacht go mbeidh an bua againn agus déanfaidh muid sin," a dúirt Netanyahu ag preas ócáid a craoladh ar fud Iosrael inniu agus an céadú lá den chogaíocht ann amárach (Dé Domhnaigh).
Netanyahu was referring to a case that South Africa brought to the International Court of Justice, the highest court of the United Nations in The Hague, in which South Africa claims that Israel has violated the United Nations Genocide Convention.
Is ag tagairt a bhí Netanyahu do chás a thug an Afraic Theas chuig an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, an chúirt is airde de chuid na Náisiúin Aontaithe sa Hág, ina maíonn an Afraic Theas go bhfuil Coinbhinsiún Cinedhíothaithe na Náisiún Aontaithe sáraithe ag Iosrael.
Axis of Evil is a reference to a nickname given to an alliance of armed groups in the Middle East supported by Iran.
Is tagairt í Ais an Oilc de leasainm atá tugtha ar chomhghuaillíocht de ghrúpa armtha sa Mheán Oirthear a bhfuil tacaíocht na hIaráine acu.
Netanyahu said that "most of the Hamas battalions have been eliminated" in the Gaza strip, but that thousands of people who had to flee from northern Gaza will not be able to return to their home area for the foreseeable future.
Dúirt Netanyahy go bhfuil "formhór chathláin Hamas sriosta" i stráice Gaza, ach nach mbeidh ar chumas na mílte duine arbh éigean dóibh teitheadh as tuaisceart Gaza, filleadh ar a gceantar dúchais go ceann i bhfad.
"There is an international law that says you move a community out of an area and you don't allow them to return as long as the danger is still there," Netanyahu said.
"Tá dlí idirnáisiúnta ann a deir go mbogann tú pobal amach as ceantar agus nach gceadaíonn tú dóibh filleadh an fhad is gur ann fós don chontúirt," a dúirt Netanyahu.
"And there is the danger.
"Agus is ann don chontúirt.
The fighting is still going on (in northern Gaza)."
Tá an trodaíocht fós ar bun (i dtuaisceart Gaza)."
Netanyahu also said that a decision has yet to be made regarding military capture of the "Philadelphia Corridor" that runs along the Gaza border with Egypt.
Dúirt Netanyahu chomh maith go bhfuil cinneadh fós le déanamh maidir le gabháil mhíleata ar "Chonair Philadelphi" a ritheann feadh theorainn Gaza leis an Éigipt.
"The area could be closed in an attempt to trap Hamas there, according to Israel's campaign plan," but Netanyahu said "there are several options," including sending Israeli forces into the Philadelphia Corridor.
"D'fhéadfaí an ceantar a dhúnadh in iarracht Hamas a sháinniú ann, de réir phlean fheachtas Iosrael," ach dúirt Netanyahu "go bhfuil roinnt roghanna ann," ina measc sin tá fórsaí Iosrael a chur isteach i gConair Philadelphi.
Israel in Gaza fighting for "their right to live in safety" - Netanyahu In a televised address, Israeli Army chief Herzi Halevi said that Israeli soldiers are in Gaza for "their right to live in safety" and they will not forget ever since the Hamas attack on...
Comments