20240226_IRISH_agoid_mhor_i_tel_aviv,gorta_i_gaza
FEB 26, 2024
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/26ppqdop

Contact: irishlingos@gmail.com
Big protest in Tel Aviv, famine in Gaza.
Agóid mhór i Tel Aviv,gorta i Gaza.
In Israel 21 people were arrested during a protest in the city of Tel Aviv.
In Iosrael gabhadh 21 duine le linn agóide i gcathair Tel Aviv.
The police eventually managed to disperse the crowd by throwing water at them.
D'éirigh leis na póilíní ar deiridh an slua a scaipeadh tré uisce a scaoileadh leo.
The protesters were demanding that the Prime Minister of Israel, Benjamin Netanyahu, resign, that a general election be speeded up in the country and that the hostages held by the Hamas extremists in Gaza be freed.
Bhí lucht na hagóide ag éileamh go n-éireodh Príomh Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu as oifig, go gcuirfí dlús le olltoghchán sa tír agus go saorfaí na gialla atá á gcoinneáil ag treallchogaithe Hamas i Gaza.
In the northern Gaza Strip, UNWRA, the United Nations agency that cares for Palestinian refugees, has indicated that it has temporarily halted the delivery of relief supplies to the region.
I dtuaisceart Stráice Gaza, tá sé tugtha le fios ag UNWRA, an áisíneacht de chuid na Náisiún Aontaithe a dhéanann cúram do theifigh Pailistíneacha,go bhfuil stop curtha aige faoi láthair ar sheachadadh sholáthairtí fóirthinte chuig an réigiún.
He claims that it is now very difficult for a truck to cross the border into it because they come under attack from people who rob the supplies.
Maíonn sé go bhfuil sé an-deacair anois ag trucail dul thar teorainn isteach ann mar go dtagann siad faoi ionsaí ó dhaoine a robáileann na soláthairtí.
It is reported that there is now a severe famine in the region thanks to the war between Israel and Hamas which has been going on for 4 and a half months.
Tuairiscítear go bhfuil gorta mór sa réigiún anois a bhuíochas don chogadh idir Iosrael agus Hamas atá ar bun le 4 mhí go leith.
Negotiators in Paris this weekend are making strenuous efforts to come up with a ceasefire plan that would be acceptable to both sides.
Tá tréaniarrachtaí á ndéanamh ag lucht idirbheartaíochta i bPáras an deireadh seachtaine seo theacht ar phlean sos- comhraic a mbeadh glacadh ag an dá thaobh leis.
Talks will continue in Qatar in the coming days.
Leanfar le cainteanna sa Chatar sna laethanta romhainn.
Comments