20240213_IRISH_comhraite_i_gcaireo,_cinniuint_rafah_i_ngeall_orthu
FEB 13, 2024
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/26srxwg3

Contact: irishlingos@gmail.com
Conversations in Cairo, the fate of Rafah depends on them.
Comhráite i gCaireo, cinniúint Rafah i ngeall orthu.
CIA director William Burns is to take part in joint talks in Cairo today regarding the crisis in Gaza.
Tá stiúrthóir an CIA William Burns le páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna i gCaireo inniu maidir leis an ngéarchéim in Gaza.
Israel's intelligence agency director David Barnea and Qatar's Prime Minister Mohammed bin Abdulrahman Al-Thani will also participate in the talks.
Stiúrthóir áisíneacht faisnéise Iosrael David Barnea agus Príomh-Aire Chatar Mohammed bin Abdulrahman Al-Thani, beidh siad páirteach sna cainteanna chomh maith.
Israel's intelligence agency - Mossad - is responsible for the Israeli secret military operations in Gaza.
Is é áisíneacht faisnéise Iosrael – Mossad – atá freagrach as oibríochtaí mileata rúnda na nIosraelach in Gaza.
The talks have been tense since the Israelis have vowed, they say, to launch an all-out invasion of the city of Rafah in southern Gaza, a 'bottleneck' where hundreds of thousands of people have been trapped since they fled the Israelis elsewhere in the country. Palestinian enclave.
Tá téirim leis na comhráite ó tá na hIosraelaigh mionnaithe, a deir siad, ionradh iomlán a dhéanamh gan spás ar chathair Rafah i bhfíordheisceart Gaza, 'scóig buidéil' a bhfuil na céadta míle duine sáinnithe ann ó theith siad roimh na hIosraelaigh in áiteanna eile san iamhchríoch Phalaistíneach.
What the Israelis are planning has been widely criticized, however.
Tá a bhfuil beartaithe ag na hIosraelaigh cáinte go forleathan, áfach.
Some want them not to go ahead with the invasion and others want them to protect civilians if they do go ahead.
Tá roinnt daoine ag iarraidh orthu gan dul ar aghaidh leis an ionradh agus tá daoine eile ag iarraidh orthu sibhialtaigh a chosaint má théann siad ar aghaidh leis.
It is said that the President of the United States Joe Biden is one of those who are urging the Israelis to cancel the invasion.
Deirtear go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ar dhuine den dream atá ag tathant ar na hIosraelaigh an t-ionradh a chur ar ceal.
King Abdullah of Jordan discussed the situation with Joe Biden in the White House in Washington yesterday.
Phléigh Rí Abdullah na hIordáine an scéal le Joe Biden sa Teach Bán in Washington inné.
The king said there would be another major humanitarian disaster if Israeli forces invaded Rafah.
Dúirt an rí go mbeadh tubaiste mhór dhaonnúil eile ann dá ndéanfadh fórsaí Iosrael ionradh ar Rafah.
The war must end without further delay, he said.
Ní mór deireadh a chur leis an gcogadh gan a thuilleadh moille, arsa sé.
Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu seems to have no intention of backing down on his plans, however.
Is cosúil nach bhfuil aon rún ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu dul siar ar a bhfuil beartaithe aige, ámh.
He has only said that the Israelis would let civilians leave Rafah, but the United Nations says those people would have nowhere to go.
Níl ráite aige ach go ligfeadh na hIosraelaigh do shibhialtaigh imeacht as Rafah, ach deir na Náisiúin Aontaithe nach mbeadh aon áit le dul ag na daoine sin.
As with life in Rafah, there are over a million people in need and a large number of them live in tents and shacks of all kinds.
Mar leis an saol in Rafah, tá os cionn milliún duine ar an ngannchuid ann agus cuid mhór acu ag baint fúthu i bpubaill agus i bprochóga den uile shórt.
Diseases are spreading strongly in those places and many people, especially children, have hepatitis and diarrhoea.
Tá galair á leathadh go tréan sna háiteanna sin agus tá heipitíteas agus buinneach ar a lán daoine, leanaí go háirithe.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Comments