20220806_IRISH_luach_€8.4m_de_chocaon_faighte_ag_na_gardai_san_iarmhi
AUG 06, 2022
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/28u2rget

Contact: irishlingos@gmail.com
Gardaí have recovered €8.4m worth of cocaine in Westmeath.
Luach €8.4m de chócaon faighte ag na Gardaí san Iarmhí.
Gardaí in Co Westmeath have found 120 kilograms of cocaine with an estimated value of €8.4 million.
Tá 120 cileagram de chócaon a meastar luach €8.4 milliún a bheith ann faighte ag na Gardaí i gCo na hIarmhí.
The Gardaí found the cocaine when they searched two cars they had stopped in the Loch Uale area shortly after 6 o'clock yesterday evening.
Tháinig na Gardaí ar an gcócaon nuair a chuardaigh siad dhá charr a bhí stoptha acu i gceantar Loch Uail go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné.
Gardai say the cocaine was first brought to Co Longford on a small private plane before being put in the cars.
Deir na Gardaí gur tugadh an cócaon go Co an Longfort ar eitleán beag príobháideach ar an gcéad dul síos sular cuireadh sna gluaisteáin é.
Gardai took two men who were in the cars and also seized some communication devices.
Thóg na Gardaí beirt fhear a bhí sna gluaisteáin agus ghabh siad roinnt gléasanna cumarsáide freisin.
After arresting the men, Gardai searched a commercial airport in Longford, where they seized the small Cessna plane they believe the cocaine was transported on.
Tar éis dóibh na fir a ghabháil, chuardaigh na Gardaí aerpháirc thráchtála sa Longfort, mar ar ghabh siad an t- eitleán beag Cessna a gcreideann siad gur iompraíodh an cócaon uirthi.
They also searched a number of houses in Naas in Co Kildare and in Waterford city.
Chuardaigh siad roinnt tithe sa Nás i gCo Chill Dara agus i gcathair Phort Láirge freisin.
The two men who were arrested are aged 54 and 40 and are being questioned at Kildeoglan Gardai Station in Co Meath.
Tá an bheirt fhear a gabhadh 54 agus 40 bliain d'aois agus tá siad á gceistiú i Stáisiún Gardaí Chill Dhéagláin i gCo na Mí.
Gardai believe that the Kinahan crime gang is involved in the cocaine trade.
Measann na Gardaí go bhfuil baint ag drong coireachta Kinahan leis an lear cócaoin.
Comments