20220808_IRISH_long_lan_arbhair_on_ucrain_le_bualadh_chun_poirt_in_eirinn
AUG 08, 2022
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2h3bpmn9

Contact: irishlingos@gmail.com
A ship full of grain from Ukraine to dock in Ireland.
Long lán arbhair ón Úcráin le bualadh chun poirt in Éirinn.
The Turkish Government has indicated that three ships with grain cargo have left ports in Ukraine under the custody of the United Nations and that one of them is due to dock in Ireland.
Tá sé tugtha le fios ag Rialtas na Tuirce go bhfuil trí long a bhfuil lucht arbhair orthu tar éis calafoirt san Úcráin a fhágáil faoi choimirice na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil ceann acu le bualadh chun poirt in Éirinn.
Turkey is an occasional peacemaker between Russia and Ukraine since it is a neighboring country that has a voice in the conflict between them.
Tá an Tuirc ina ceann réitigh ócáideach idir an Rúis agus an Úcráin ós tír chomharsanachta leo í a bhfuil guthaíocht aici ar an gcoimhlint eatarthu.
Last week, diplomats from Turkey and the United Nations managed to persuade the Governments of both Russia and Ukraine to reach an agreement on sending grain across the lake.
An tseachtain seo caite, d'éirigh le taidhleoirí na Tuirce agus na Náisiún Aontaithe áitiú ar Rialtais na Rúise agus na hÚcráine araon teacht ar chomhaontú faoi ghrán a sheoladh thar loch amach.
There was a point, of course, since Russia and Ukraine produce a third of the world's wheat.
Bhí téirim leis, ar ndóigh, ós iad an Rúis agus an Úcráin a tháirgeann an tríú cuid de chruithneacht an domhain.
There was concern - and there is still concern - that there would be a famine in poor countries, which are already in dire straits, due to cargoes of grain being locked up in a dock in the south of Ukraine.
Bhíothas imníoch - agus táthar imníoch i gcónaí - go mbeadh gorta i dtíortha bochta, atá i ngéarchall cheana féin, de bharr lastaí arbhair a bheith faoi iamh duga i ndeisceart na hÚcráine.
When the iron is red it should be struck and apparently the Ukrainians were not the most negligent.
Nuair atá an t-iarann dearg is cóir a bhualadh agus níor leis na hÚcránaigh ab fhaillí, de réir cosúlachta.
In light of what was decided about corn matters, permission to export other raw materials - such as iron ore - is now being demanded.
I bhfianaise ar socraíodh faoi chúrsaí arbhair, cead bunábhar eile a onnmhairiú - leithéidí amhiarainn - atá siad a éileamh anois.
It is not known, however, when their petition will come in, if it does.
Ní fios, áfach, cén uair a thiocfas a n- achainí isteach, má thagann.
As with the war in Ukraine, the Russian Army is reportedly pushing the town of Avdiivka north of the city of Donetsk in the east of the country, as well as other important settlements in the region.
Mar leis an gcogaíocht san Úcráin de, tuairiscítear go bhfuil Arm na Rúise ag brú ar bhaile Avdiivka ó thuaidh ó chathair Donetsk in oirthear na tíre, chomh maith le lonnaíochtaí tábhachtacha eile sa réigiún.
It seems that the Ukrainians' quatrains in the places where they are not in a position to fight the enemy's encroachment.
Dealraítear gur geall le ceithearnaigh na hÚcránaigh sna háiteanna nach bhfuil siad in araíocht dul i ngleic le hanfhorlann an namhad.
This approach of the Ukrainian Army in some areas has been criticized, however, by the human rights organization Amnesty International.
Tá cur chuige seo Arm na Úcráine i ndúichí áirithe cáinte, áfach, ag an eagraíocht chearta daonnna Amnesty International.
Amnesty claims that civilians are being put at risk by soldiers settling among the population in a residential area.
Maíonn Amnesty go bhfuil sibhialtaigh á gcur i nguais de bharr saighdiúirí a bheith ag cur fúthu i measc an phobail i gceantar chónaithe.
That claim made the President of Ukraine Volodymyr Zelensky blush and he accused Amnesty that the organization was trying to take the bait from the house of the evildoers and send it to the door of the victim.
Comments