20240120_IRISH_fiosruchan_coiriuil_faoi_phleasc_i_mbru_do_dhaoine_gan_didean
JAN 20
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/yugnojdk

Contact: irishlingos@gmail.com
Criminal investigation into explosion in homeless hostel.
Fiosrúchán coiriúil faoi phléasc i mbrú do dhaoine gan dídean.
Gardai have launched a criminal investigation into an explosion in a homeless hostel in Dublin yesterday which killed a man.
Tá fiosrúchán coiriúil curtha sa siúl ag na Gardaí i dtaca le pléasc a bhí i mbrú do dhaoine gan dídean i mBaile Átha Cliath inné ar maraíodh fear dá bharr.
It is understood that a device of some kind exploded in the room where the man was staying.
Tuigtear gur phléasc gaireas de shaghas éigin sa seomra a raibh an fear ag fanacht ann.
The man was of Lithuanian origin and was in his thirties.
Ba de bhunadh na Liotuáine an fear agus bhí sé sna tríochaidí.
Gardai believe that the device was not thrown into the room from outside and that it had been there for some time before that.
Measann na Gardaí nár caitheadh an gaireas isteach sa seomra ón taobh amuigh agus gurbh amhlaidh a bhí sé ann ar feadh tamaill roimhe sin.
No one else was injured in the explosion at the Depaul clubhouse on Wales Street in the north of the city.
Níor gortaíodh aon duine eile de bharr na pléisce a bhí sa bhrú leis an gcatharnas Depaul ar Shráid na Breataine Bheag i dtuaisceart na cathrach.
In addition to the person who was killed, there were 73 other people in the hostel at the time and accommodation had to be provided for them in other places in the city last night.
Chomh maith leis an té a maraíodh, bhí 73 duine eile sa bhrú ag an am agus b'éigean lóistín a chur ar fáil dóibh in ionaid eile sa chathair aréir.
After Army explosives experts examined the scene last night, they ruled out an unspecified substance in the chamber.
Tar éis do shaineolaithe pléascán ón Arm an láthair a scrúdú aréir, chuir siad ábhar neamhshonraithe a bhí sa seomra as feidhm.
They have not yet said, however, whether it was an explosive material.
Níl sé ráite acu fós, ámh, ar ábhar pléascach a bhí ann.
A post-mortem examination is to be carried out tomorrow on the body of the man who was killed.
Tá scrúdú iarbháis le déanamh amárach ar chorp an fhir a maraíodh.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Comments