Learn Irish with daily podcasts

V H

About

Short sentences with English translations

Available on

Community

1192 episodes

20240326_IRISH_maigh_eo_buacach_go_dramatuil_i_sraith_allianz_na_peile

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2b787dm4 Contact: irishlingos@gmail.com Mayo triumphantly in the Allianz Football League. Maigh Eo buacach go drámatúil i Sraith Allianz na Peile. 4 minutes into injury time Mayo scored the winning point in this match tonight in the Allianz Football League in Castlebar. 4 nóiméad isteach in am cúitimh do ghortuithe a scóráil Maigh Eo pointe an bhua sa chluiche seo anocht i Sraith Allianz na Peile i gCaisleán an Bharraigh. The visitors were the All-Ireland champions, Dublin. B'iad seaimpiní Uile-Éireann,Baile Átha Cliath, na cuairteoirí. Fergal Boland's name will be on the lips of the Mayo community for a while now; he was the one who scored the winning goal within 50 seconds of the end of the game. Beidh ainm Fergal Boland i mbéal phobal Mhaigh Eo go ceann tamaill anois;b'eisean a fuair cúilín an bhua i bhfoisceacht 50 soicind do dheireadh na himeartha. A pass crossed to him from a free-kick, Boland studied straight in front of goal just over 20 meters out and kicked the ball between the posts. Pas a cuireadh trasna chuige ó chic saor, rinne Boland staidéar díreach os comhair an chúil beagán le cois 20 méadar amach agus chiceáil an liathróid idir na cuaillí. Mayo 1-12, Dublin 0-14 the final score. Maigh Eo 1-12,Baile Átha Cliath 0-14 an scór deiridh. That leaves Mayo on full league points after 2 games, Dublin still with nothing. Fágann sin Maigh Eo ar lán phointí sraithe i ndiaidh 2 chluiche, gan tada go fóill ag Baile Átha Cliath.

5m
Mar 26
20240323_IRISH_beirt_fhear_gafa_faoi_thragoid_an_chraoslaigh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dh83ehw Shop for Thai Pearls Contact: irishlingos@gmail.com Two men arrested in the Craoslaigh tragedy. Beirt fhear gafa faoi thragóid an Chraoslaigh. Two men in their fifties have been arrested in connection with the Garda Síochána's investigation into the Craoslaigh tragedy in County Donegal almost a year and a half ago. Tá beirt fhear sna caogaidí gafa i dtaca le fiosrúchán an Gharda Síochána faoi thragóid an Chraoslaigh i gContaeDhún na nGall beagnach bliain go leith ó shin. The men were arrested this morning. Gabhadh na fir ar maidin inniu. They are being questioned in 2 separate garda barracks under Section 4 of the Criminal Justice Act 1984. Tá siad á gceistiú i 2 bheairic gardaí ar leith faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984. Guards can hold them 24 hours. Is féidir le gardaí iad a choinneáil 24 uair a chloig. Ten people died in an explosion that occurred at the Applegreen petrol station and in a flat next to it in Craoslach on 7 October 2022. Bhásaigh deichniúr i bpléasc a tharla i stáisiún peitril Applegreen agus in árasán taobh leis sa Chraoslach ar an 7Deireadh Fómhair 2022.

3m
Mar 23
20240319_IRISH_ciaran_cannon_le_n-eiri_as_an_bpolaitiocht_’de_bharr_dhrochide’

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22u2yjuk Contact: irishlingos@gmail.com Ciarán Cannon to retire from politics Ciarán Cannon le n-éirí as an bpolaitíocht 'de bharr dhrochíde'. Dáil Deputy Ciarán Cannon from Fine Gael has announced that he will not put his name forward in the next general election because of how harmful politics is to these lives, as he said. Tá sé fógartha ag an Teachta Dála Ciarán Cannon ó Fhine Gael nach gcuirfidh sé a ainm chun cinn sa chéad olltoghchán eile mar gheall ar chomh nimhneach agus atá an pholaitíocht ar na saolta seo, mar a dúirt sé. Ciarán Cannon is a Dála in East Galway and is Fine Gael's media, arts and culture spokesperson. Teachta Dála i nGaillimh Thoir is ea Ciarán Cannon agus is é urlabhraí meán, ealaíon agus cultúir Fhine Gael é. In a statement, he said that there was a roughness and narcissism in politics today that did not exist decades ago. I ráiteas, dúirt sé go raibh gairbhe agus nimhneas sa pholaitíocht sa lá atá inniu ann nach mbíodh ann scór blianta ó shin. "None of us wants to be made a little god of us, we just want to be treated civilly and respectfully, just as people in other jobs are treated", he said. "Níl aon duine dínn ag iarraidh go ndéanfaí dia beag dínn, ní theastaíonn uainn ach go gcaithfí linn go sibhialta agus go measúil, díreach mar a chaitear le daoine i bpoist eile", arsa sé. He accepts, he said, that the public's eyes are on politicians, but he thinks that it is a minor interference at the moment. Glacann sé leis, ar sé, go mbíonn súil ghéar an phobail ar pholaiteoirí ach dar leis gur cur isteach as miosúr atá ann i láthair na huaire. According to a recent survey carried out by 7LÁ, around 80% of Dála MPs have been consulted online in the past year. De réir suirbhé a rinne 7LÁ le gairid, tugadh íde ar líne do thart ar 80 faoin gcéad de Theachtaí Dála le bliain. The leader of Fine Gael, Taoiseach Leo Varadkar, indicated that Ciarán Cannon was one of the most enthusiastic Dáil Deputies in Dáil Éireann and said that his friends and colleagues would miss him. Thug ceannaire Fhine Gael, an Taoiseach Leo Varadkar, le fios go raibh Ciarán Cannon ar dhuine de na Teachtaí Dála ba dhíograisí i nDáil Éireann agus dúirt go n-aireodh a chairde agus a chomhghleacaithe uathu é. Nine other Fine Gael Deputies previously announced that they would not be contesting the next general election. D'fhógair naonúr Teachtaí Dála eile ó Fhine Gael roimhe seo nach mbeidís féin san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile. They are Paul Kehoe, Richard Bruton, Fergus O'Dowd, Brendan Griffin, Charlie Flanagan, Joe McHugh, Michael Creed, David Stanton and John Paul Phelan. Sin iad Paul Kehoe, Richard Bruton, Fergus O'Dowd, Brendan Griffin, Charlie Flanagan, Joe McHugh, Michael Creed, David Stanton agus John Paul Phelan. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

9m
Mar 19
20240317_IRISH_an_fheile_mhor_a_ceiliuradh_anseo_agus_go_domhanda

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/235hepw8 Shop for Thai Pearls Contact: irishlingos@gmail.com The Great Festival being celebrated here and globally. An Fhéile Mhór á ceiliúradh anseo agus go domhanda. Thousands of people are taking to the streets across the country and around the world for parades and other events celebrating St. Patrick's Day. Tá na mílte duine ag tabhairt sráideanna orthu féin ar fud na tíre agus ar fud an domhain do pharáideanna agus imeachtaí eile ag ceiliúradh Lá le Pádraig. Here in Ireland the biggest parade was held in Dublin. Anseo in Éirinn bhí an pharáid ba mhó á reachtáil i mBaile Átha Cliath. The schlep then began at noon. Cuireadh tús leis an scléip ansin ag meánlae. It is said to have been the biggest St. Patrick's Day event ever in the capital. Deirtear go raibh sé ar an ócáid Lá le Pádraig ba mhó riamh sa phríomhchathair. The presenter of the 'Late Late Show' television program Patrick Kielty was the leader of the parade. Ba é láithreoir chlár teilifíse an 'Late Late Show' Patrick Kielty a bhí ina cheann feadhna ar an bparáid. The parade, in which over 4,000 participated, was broadcast live on the RTÉ One television station. Bhí an pharáid, ina raibh breis is 4,000 rannpháirteach, á craoladh beo ar stáisiún teilifíse RTÉ a hAon. The theme of the parade this year is 'Spark'. 'Spréach' téama na paráide i mbliana. Up to 14 bands were seen in total, some of which came from the United States and France. Chonacthas suas le 14 banna ar fad, cuid díobh a tháinig óna Stáit Aontaithe agus ón Fhrainc. Public transport services operate on a Sunday timetable today. Is ar amchlár an Domhnaigh atá feidhm le seirbhís iompar phoiblí inniu. The big day of our patron saint is of course not only recognized in Ireland and the crowds will also be seen in cities around the world. Ní in Éirinn amháin a thugtar aitheantas do lá mór ár bpátrún naofa ar ndóigh agus feicfear na sluaite amuigh freisin i gcathracha ar fud na cruinne. It is also a day when government leaders from this country are seen in Washington meeting the American President. Is lá é freisin a bhfeictear ceannairí rialtais ón tír seo i Washington ag bualadh le Uachtarán Mheiriceá. That is the case this year as Taoiseach Leo Varadkar is to present President Joe Biden with a shamrock bowl at the White House later today. Tá sin amhlaidh i mbliana agus an Taoiseach Leo Varadkar le babhla seamróige a bhronnadh ar an Uachtarán Joe Biden sa Teach Bán níos deireanaí inniu. The crowds at the Great Parade in DAC Na sluaite ag an Pharáid Mhór i mBÁC

8m
Mar 17
20240313_IRISH_bruitineach_ar_phaisineir_eitleain,_an_triu_cas_sa_stat

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/284uohsp visit this site to buy some cheap pearls from the street markets of Thailand" Contact: irishlingos@gmail.com Measles on an airplane passenger, the third case in the State. Bruitíneach ar phaisinéir eitleáin, an tríú cás sa Stát. The Health Service Executive has confirmed that there is a third case of measles in the State. Tá sé dearbhaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an tríú cás den bhruitíneach sa Stát. It was revealed this afternoon that one of the passengers on a plane that arrived at Dublin Airport last Saturday morning had the disease. Tugadh le fios tráthnóna go raibh an galar ar dhuine de na paisinéirí a bhí ar eitleán a tháinig go hAerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin Dé Sathairn seo caite. It was an Etihad airline plane that came from Abu Dhabi. Eitleán le haerlíne Etihad a tháinig ó Abú Daibí a bhí i gceist. The Executive is now asking some of the passengers who were on that plane to contact the health authorities without delay. Tá an Fheidhmeannacht anois ag iarraidh ar roinnt de na paisinéirí a bhí ar an eitleán sin teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis sláinte gan mhoill. Passengers who are expecting a child, who is under twelve months old or who have another serious illness are the most worried about them. Paisinéirí atá ag súil le páiste, atá faoi dhá mhí dhéag nó a bhfuil drochthinneas eile orthu is mó a a bhfuiltear buartha fúthu. It was announced at the beginning of this month that a measles vaccine was to be offered to more than 300,000 people in the State. Fógraíodh i dtús na míosa seo go rabhthas le vacsaín in aghaidh na bruitíní a thairiscint do bhreis agus 300,000 duine sa Stát. It is expected that there will be an outbreak of measles in the country, especially since it was confirmed at the beginning of February that an adult died of the disease in the province of Leinster. Táthar faiteach go mbeidh ráig bhruitiní sa tír, go háirithe ó deimhníodh i dtús mhí Feabhra gur bhásaigh duine fásta leis an ngalar i gCúige Laighean. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

6m
Mar 13
20240309_IRISH_leithsceal_gafa_ag_cead_aire_an_tuaiscirt_faoina_bhfuil_i_kenova

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ad7cczw Contact: irishlingos@gmail.com The First Minister of the North has apologized for what is happening in Kenova. Leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt faoina bhfuil i Kenova. The First Minister of the North, Michelle O'Neill, has apologized to all the families whose family members were killed during the troubles because they were thought to be spies. Tá leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt,Michelle O'Neill leis na teaghlaigh ar fad ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na dtrioblóidí mar gur síleadh gur brathadóirí a bhí iontu. The IRA were responsible for these murders and Michelle O'Neill said today that she felt sorry for everyone who suffered from the troubles in the north. B'iad an tIRA a bhí freagrach as na dúnmharuithe seo agus dúirt Michelle O'Neill inniu go raibh aiféala uirthi faoi chuile dhuine a bhí thíos leis na trioblóidí ó thuaidh. Michelle O'Neill was speaking and the report of Operation Kenova was published. Bhí Michelle O'Neill ag labhairt agus tuairisc Oibríocht Kenova foilsithe. It told about the way the British Army used detectors at the time and the relationship the army had with the agent, Freddie Scappatacci. Insíodh ann faoin mbealach ar úsáid Arm na Breataine brathadóirí ag an am agus an caidreamh a bhí ag an arm leis an ghníomhaire,Freddie Scappatacci. She admitted that the way the IRA dealt with those they suspected of espionage was wrong. D'admhaigh sí go raibh sé mícheart an bealach a ndeachaigh an tIRA i ngleic leis an dream a raibh siad in amhras fúthu i dtaca le brathadóireacht. Michelle O'Neill said she was determined to heal all the wounds people had suffered as a result of the troubles. Dúirt Michelle O'Neill go raibh sí meáite ar na créachtaí ar fad a d'fhulaing daoine de bharr na dtrioblóidí a chneasú. The Tánaiste, Michael Martin, said that Sinn Féin should now say clearly that the war waged by the IRA in the North was wrong. Dúirt an Tánaiste,Micheál Martin gur cheart do Shinn Féin a rá amach go soiléir anois go raibh an cogadh a bhí ar bun ag an IRA sa Tuaisceart mí-cheart.

6m
Mar 09
20240305_IRISH_gaza:_meiriceanaigh_ag_eileamh_sos_comhraic_laithreach

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); visit this site to buy some cheap pearls from the street markets of Thailand Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ys3zlg8b Contact: irishlingos@gmail.com Gaza: Americans demand an immediate ceasefire. Gaza: Meiriceánaigh ag éileamh sos comhraic láithreach. US Vice President Kamala Harris has said that a cease-fire should be implemented in Gaza immediately and that the Israelis should allow more relief supplies into the Palestinian enclave without further delay. Tá sé ráite ag Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe Kamala Harris gur chóir sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza láithreach agus gur chóir do na hIosraelaigh níos mó soláthairtí fóirithinte a ligean isteach san iamhchríoch Phalaistíneach gan a thuilleadh moille. Kamala Harris said that I agreed with the reason because people in Gaza were suffering from famine and the life of the community there was terribly hard. Dúirt Kamala Harris go raibh téirim leis an gcúis mar go raibh daoine in Gaza ar an ngorta agus go raibh saol an phobail ann uafásach crua. There was also a term, which did not exist before, to depend on the speech of the Vice-President and it is understood that the coming of Ramadan will calm him down. Bhí téirim freisin, nach raibh ann cheana, le brath ar chaint an Leas- Uachtaráin agus tuigtear gurb é teacht Ramadan is siocair leis. Ramadan is one of the most important rituals in the Islamic calendar, a time when Muslims fast from dawn to dusk and will begin at sundown next Sunday. Tá Ramadan ar cheann de na deasghnátha is tábhachtaí i bhféilire Ioslam, tráth a dhéanann Moslamaigh troscadh ó mhaidin go faoithin agus a gcuirfear tús leis le dul faoi na gréine Dé Domhnaigh seo chugainn. It is reported that representatives from the United States and Qatar are still trying to persuade Hamas to accept the ceasefire proposed by those countries. Tuairiscítear go bhfuil ionadaithe ó na Stáit Aontaithe agus ó Chatar fós ag iarraidh a chur i bhfáth ar Hamas glacadh le comha an tsosa comhraic atá molta ag na tíortha sin. It is understood that the Israelis have already accepted what the diplomats proposed, for the most part. Tuigtear go bhfuil glactha cheana féin ag na hIosraelaigh lenar chuir na taidhleoirí faoina mbráid, ar an gcuid is mó de. According to the deal that hasn't been made yet, the Israelis would loosen their grip on Gaza a bit and let more relief supplies in. De réir a bhfuil sa mhargadh nach bhfuil déanta fós, bhogfadh na hIosraelaigh beagán an greim atá acu ar Gaza agus ligfidís tuilleadh soláthairtí fóirithinte isteach ann. In that case, Hamas would allow the withdrawal of the Israeli hostages they are holding in Gaza and the Israelis would free the Palestinian hostages they themselves are holding in various prisons. Ina cheann sin, ligfeadh Hamas an scoir leis na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil in Gaza agus shaorfadh na hIosraelaigh géibheannaigh Phalaistíneacha atá siad féin a choinneáil i bpríosúin éagsúla. It seems that this is not enough for Hamas since all the groundwork has been left to the Palestinians and it is reported that they are demanding that the Israelis withdraw completely from Gaza. Dealraíonn sé nach leor do Hamas an méid sin ó tá an treampán bunáite ar fad fágtha ar na Palaistínigh agus tuairiscítear go bhfuil siad ag éileamh ar na hIosraelaigh tarraingt amach go hiomlán as Gaza. The United States and other countries have been dropping food supplies from planes for the people of Gaza in recent days after what some aid organizations have called a weak and ineffective policy. Tá na Stáit Aontaithe agus tíortha eile ag ligean anuas soláthairtí bia as eitleáin le haghaidh mhuintir Gaza le cúpla lá tar éis go bhfuil sé ráite ag roinnt eagraíochtaí fóirithinte gur polasaí lag agus neamhéifeachtúil atá ann. It would be much better, according to those organizations, for the Israelis to fulfill their own duties towards the ...

14m
Mar 05
20240303_IRISH_bru_ag_teacht_ar_iosrael_i_ndiaidh_eachtra_an_lae_inne

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); visit this site to buy some cheap pearls from the street markets of Thailand Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yk93av9n Contact: irishlingos@gmail.com Pressure coming to Israel after yesterday's incident. Brú ag teacht ar Iosrael i ndiaidh eachtra an lae inné. The Israeli government has come under particular pressure in connection with the death of more than a hundred Palestinians in Gaza City in the north of the strip yesterday. Tá brú ar leith tagtha ar rialtas Iosrael i dtaca le bás bhreis is céad Pailistíneach lámh le Cathair Gaza i dtuaisceart an stráice inné. It is reported that up to 112 Palestinians were killed and hundreds more injured when Israeli soldiers opened fire on a large crowd of people who had gathered around trucks full of aid lunches. Tuairiscítear gur maraíodh suas le 112 Palaistíneach agus gur gortaíodh na céadta eile nuair a scaoil saighdiúirí Iosraelacha a ngunnaí le slua mór daoine a bhí bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach. A number of countries have now demanded the United Nations to set up an inquiry into what happened. Tá éileamh déanta anois ag roinnt mhaith tíortha ar na Náisiúin Aontaithe fiosrúchán a chur ar bun faoinar tharla. It is because the soldiers believed that they were 'in danger from the crowd' that they began to release, said the Israelis. Is mar gheall gur chreid na saighdiúirí go raibh siad 'i gcontúirt ón slua' a thosaigh siad ag scaoileadh, arsa na hIosraelaigh. The Israelis had previously revealed that people were injured when they trampled on each other in the skid steer that was the subject of the lorries. Bhí sé tugtha le fios ag na hIosraelaigh roimhe sin gur gortaíodh daoine nuair a shatail siad ar a chéile sa sciob sceab a bhí ar an ábhar sna leoraithe. It was later that they admitted that soldiers fired bullets. Ba ina dhiaidh sin a d'admhaigh siad gur scaoil saighdiúirí piléir. Hamas has warned that the latest escalation could derail ceasefire talks in Gaza. Tá foláireamh tugtha ag Hamas go bhféadfadh an sléacht is deireanaí comhráite faoi shos comhraic in Gaza a chur ó mhaith. The President of America, Joe Biden, had every hope that a ceasefire would be in effect in Gaza by next Monday, but yesterday's incident could change the situation. Bhí chuile shúil ag Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go mbeadh sos cogaidh i bhfeidhm i Gaza faoin Luan seo chugainn, ach d'fhéadfadh eachtra an lae inné cor nua a chur sa scéal. An author of hope, if you read in Gaza these days, is that the European Union will finance the United Nations Relief and Works Agency for the Palestinian Territories (UNRWA) again from the next year onwards. Údar dóchais, más ann dá léithid i Gaza na laethanta seo, is ea go maoineoidh an tAontas Eorpach Eagras Fóirithinte na Náisiún Aontaithe sna Críocha Pailistíneacha (UNRWA) arís ón tseachain seo chugainn amach. An arrangement has been made to keep extremists from the organization. Tá socrú déanta chun antoiscigh a choinneáil ón eagras. UNRWA drew a big controversy in January when the Government of Israel accused the organization of having some people working for it who participated in the attack by Hamas on the 7th of October. Tarraingíodh conspóid mhór faoi UNRWA i mí Eanáir nuair a chuir Rialtas Iosrael i leith na heagraíochta go raibh daoine áirithe ag obair dó a bhí rannpháirteach san ionsaí a rinne Hamas ar an 7ú Deireadh Fómhair. Funding from UNRWA has since been maintained. Coinníodh maoiniú ó UNRWA ó shin. A major crisis in the Gaza Strip Géarchéim mhór i Stráice Gaza

10m
Mar 03
20240229_IRISH_john_o’shea_ina_bhainisteoir_eatramhach_ar_fhoireann_na_heireann

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2d8qdsh7 Contact: irishlingos@gmail.com John O John O'Shea ina bhainisteoir eatramhach ar fhoireann na hÉireann. John O'Shea has been appointed as interim manager of the Republic of Ireland soccer team for the two challenge games against Belgium and Switzerland next month. Tá John O'Shea ceaptha mar bhainisteoir eatramhach ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann don dá chluiche dúshláin in aghaidh na Beilge agus na hEilvéise an mhí seo chugainn. His official job title is interim head coach. Príomh-chóitseálaí eatramhach teideal oifigiúil a phoist. In a statement, the Football Association of Ireland (FAI) indicated that a permanent manager would be appointed in early April. I ráiteas, thug Cumann Peile na hÉireann (FAI) le fios go gceapfaí bainisteoir buan i dtús an Aibreáin. John O'Shea was one of the coaches who worked with the last manager Stephen Kenny who was sacked last November. Bhí John O'Shea ar dhuine de na cóitseálaithe a bhí ag obair leis an mbainisteoir deireanach Stephen Kenny a briseadh as a phost i mí na Samhna seo caite. He also recently spent a spell working as a coach with Birmingham City. Chaith sé seal le gairid freisin ag obair mar chóitseálaí le Birmingham City. Paddy McCarthy – coach at Crystal Palace – will be John O'Shea's assistant manager. Is é Paddy McCarthy – cóitseálaí le Crystal Palace – a bheas mar leasbhainisteoir ag John O'Shea. John O'Shea is originally from Waterford. Is as Port Láirge John O'Shea ó dhúchas. He was a defender with Manchester United and Sunderland and played for Ireland 118 times. Cosantóir le Manchester United agus le Sunderland a bhí ann agus d'imir sé d'Éirinn 118 uair. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

5m
Feb 29
20240226_IRISH_agoid_mhor_i_tel_aviv,gorta_i_gaza

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/26ppqdop Contact: irishlingos@gmail.com Big protest in Tel Aviv, famine in Gaza. Agóid mhór i Tel Aviv,gorta i Gaza. In Israel 21 people were arrested during a protest in the city of Tel Aviv. In Iosrael gabhadh 21 duine le linn agóide i gcathair Tel Aviv. The police eventually managed to disperse the crowd by throwing water at them. D'éirigh leis na póilíní ar deiridh an slua a scaipeadh tré uisce a scaoileadh leo. The protesters were demanding that the Prime Minister of Israel, Benjamin Netanyahu, resign, that a general election be speeded up in the country and that the hostages held by the Hamas extremists in Gaza be freed. Bhí lucht na hagóide ag éileamh go n-éireodh Príomh Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu as oifig, go gcuirfí dlús le olltoghchán sa tír agus go saorfaí na gialla atá á gcoinneáil ag treallchogaithe Hamas i Gaza. In the northern Gaza Strip, UNWRA, the United Nations agency that cares for Palestinian refugees, has indicated that it has temporarily halted the delivery of relief supplies to the region. I dtuaisceart Stráice Gaza, tá sé tugtha le fios ag UNWRA, an áisíneacht de chuid na Náisiún Aontaithe a dhéanann cúram do theifigh Pailistíneacha,go bhfuil stop curtha aige faoi láthair ar sheachadadh sholáthairtí fóirthinte chuig an réigiún. He claims that it is now very difficult for a truck to cross the border into it because they come under attack from people who rob the supplies. Maíonn sé go bhfuil sé an-deacair anois ag trucail dul thar teorainn isteach ann mar go dtagann siad faoi ionsaí ó dhaoine a robáileann na soláthairtí. It is reported that there is now a severe famine in the region thanks to the war between Israel and Hamas which has been going on for 4 and a half months. Tuairiscítear go bhfuil gorta mór sa réigiún anois a bhuíochas don chogadh idir Iosrael agus Hamas atá ar bun le 4 mhí go leith. Negotiators in Paris this weekend are making strenuous efforts to come up with a ceasefire plan that would be acceptable to both sides. Tá tréaniarrachtaí á ndéanamh ag lucht idirbheartaíochta i bPáras an deireadh seachtaine seo theacht ar phlean sos- comhraic a mbeadh glacadh ag an dá thaobh leis. Talks will continue in Qatar in the coming days. Leanfar le cainteanna sa Chatar sna laethanta romhainn.

7m
Feb 26
20240221_IRISH_€800_milliun_le_cur_ar_fail_le_haghaidh_tograi_trasteorann

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/25cmbur5 Contact: irishlingos@gmail.com €800 million to be made available for cross-border projects. €800 milliún le cur ar fáil le haghaidh tograí trasteorann. The Government has announced that €800 million will be made available from the Exchequer for cross-border projects. Tá sé fógartha ag an Rialtas go gcuirfear €800 milliún ar fáil ón Státchiste le haghaidh tograí trasteorann. Taoiseach Leo Varadkar declared that this is the largest contribution the Irish Government has ever made to the development of cross-border enterprises. Dhearbhaigh an Taoiseach Leo Varadkar gurb é seo an méid is mó a chuir Rialtas na hÉireann ar fáil riamh le fiontair thrasteorann a fhorbairt. It is in view of the restoration of the political institutions in the North that the string is being pulled from the spag, he said. Is i bhfianaise athbhunú na bhforas polaitiúil sa Tuaisceart atá an tsreang á baint den spaga, arsa sé. Among the major projects that will be put on the road and will be given a tree, is the long-promised upgrade of the A5 road between Derry and Letterkenny. I measc na mórthograí a chuirfear sa siúl agus a thabharfar i gcrann, tá an t-uasghrádú atá geallta le fada ar bhóthar an A5 idir Doire agus Leitir Ceanainn. €600 million – a good share of the €800 million – has been set aside for the upgrade of that road which will start later in the year, it was said. €600 milliún – sciar maith den €800 milliún – atá curtha i leataobh i gcomhair uasghrádú an bhóthair sin a gcuirfear tús leis amach sa bhliain, a dúradh. In that regard, the bridge that is planned to be built between Co Louth and Co Down will go ahead. Ina cheann sin, rachfar chun cinn leis an droichead a bhfuil sé beartaithe a thógáil idir Co Lú agus Co an Dúin. The purpose of the bridge, which is called Caol Uisce Bridge, is to establish a new connection between Cuaille and the Beanna Boirche area and the Taoiseach said that it was dependent on the construction contract being signed next month. Is é is aidhm don droichead, dá ngairtear Droichead Chaol Uisce, nasc úr idir Cuaille agus ceantar Bheanna Boirche a bhunú agus dúirt an Taoiseach go rabhthas ag brath ar an gconradh tógála a shíniú an mhí seo chugainn. Another €12.5 million will be spent on improving the rail link between Dublin and Belfast. Caithfear €12.5 milliún eile ar an nasc iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste a fheabhsú. €50 million will be made available for the renovation of McAsmaint Park in west Belfast, where several matches will be played in the European Soccer Championship in 2028. Cuirfear €50 milliún ar fáil i gcomhair athchóiriú Pháirc Mhic Asmaint in iarthar Bhéal Feirste, áit a n-imreofar roinnt cluichí i gCraobh Sacair na hEorpa in 2028. The Taoiseach also indicated that €10 million would be available to significantly restore and develop the site of the Battle of the Boyne in Co. Meath. Thug an Taoiseach le fios freisin go mbeadh €10 milliún ar fáil le láthair Chath na Bóinne i gCo na Mí a athchóiriú agus a fhorbairt go suntasach. Another €24 million will be spent on education projects, especially projects that tackle disadvantage in the sector. Caithfear €24 milliún eile ar thograí oideachais, go háirithe tograí a théann i ngleic le míbhuntáiste san earnáil. There is no funding for Irish language projects in the amount announced today. Níl aon mhaoiniú le haghaidh tograí Gaeilge sa mhéid a fógraíodh inniu. RTÉ News and Current Affairs Three Government leaders announcing new cross- border proposals today Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Triur ceannairí an Rialtais ag fógairt tograí nua trasteorann inniu

11m
Feb 21
20240219_IRISH_iosrael_ag_bagairt_ionradh_a_dheanamh_ar_rafah_faoi_thus_ramadan

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2856nhj2 Contact: irishlingos@gmail.com Israel threatens to invade Rafah at the start of Ramadan. Iosrael ag bagairt ionradh a dhéanamh ar Rafah faoi thús Ramadan. One of Israel's three war ministers has warned that the country's military forces will fully invade the southern Gaza city of Rafah by March 10 if the Israeli hostages held in the enclave are not released before then. Tá foláireamh tugtha ag duine de thriúr airí cogaidh Iosrael go déanfaidh fórsaí míleata na tíre ionradh iomlán ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza faoin 10 Márta mura scaoilfear saor roimhe sin na gialla Iosraelacha atá á gcoinneáil san iamhchríoch. Benny Gantz, the former chief of staff of the Israeli Army, made the threat while speaking to the American Jewish conference in Jerusalem yesterday. Is é Benny Gantz, iarcheann foirne Arm Iosrael, a rinne an bhagairt agus ag labhairt le comhdháil Ghiúdaigh Mheiriceá in Iarúsailéim inné. Ramadan will begin around March 10, when Muslims fast between two darknesses for a month. Is thart ar an 10 Márta a chuirfear tús le Ramadan, tráth a dhéanann Moslamaigh troscadh idir dhá dhorcha ar feadh míosa. Ramadan is one of the most important rituals in the Islamic calendar and the vast majority of Palestinians in Gaza are Muslims. Tá Ramadan ar cheann de na deasghnátha is tábhachtaí i bhféilire Ioslam agus Moslamaigh is ea formhór mór Phalaistínigh Gaza. According to Benny Gantz, the invasion of Rafah will be carried out in collaboration with Israel's allies – Egypt and the United States – in the hope of keeping the number of civilians killed as low as possible, as he said. Dar le Benny Gantz go ndéanfar an t-ionradh ar Rafah i gcomhar le comhghuaillithe Iosrael – an Éigipt agus na Stáit Aontaithe – le súil an líon sibhialtach a mharófar a choinneáil chomh híseal agus is féidir, mar a dúirt sé. Despite what Benny Gantz claimed, Egypt and the United States are among the many countries that are petitioning the Israelis not to invade Rafah in light of what the people there are currently suffering, not to mention the extreme suffering that it would be there if there was still more destruction. In ainneoin ar mhaígh Benny Gantz, tá an Éigipt agus na Stáit Aontaithe i measc an iliomad tíortha atá ag achainí ar na hIosraelaigh gan ionradh a dhéanamh ar Rafah i bhfianaise a bhfuil á fhulaingt ag an bpobal ann faoi láthair, gan trácht ar an tsárfhulaingt a bheadh ann dá ndéanfaí tuilleadh scriosta fós ann. Israelis say Rafah is the last stronghold of Hamas militants in Gaza. Deir na hIosraelaigh go bhfuil Rafah ar an dún daingean deireanach atá ag lucht airm Hamas in Gaza. The Israelis are sworn, they say, to eradicate Hamas in Rafah and everywhere else in the Palestinian territories. Tá na hIosraelaigh mionnaithe, a deir siad, Hamas a dhíothú in Rafah agus i ngach áit eile sna críocha Palaistíneacha. About 1.4 million people currently live in Rafah as refugees from their base, people who fled before the Israelis in other places in Gaza. Tá thart ar 1.4 milliún duine ina gcónaí in Rafah faoi láthair ar dídeanaithe a mbunáite, daoine a theith roimh na hIosraelaigh in aiteanna eile in Gaza. Most of them do not have enough food and it is becoming too difficult for relief agencies to provide the basic necessities of life to the troublemakers because of the obstacles that the Israeli forces put in their way. Níl riar a gcáis ag a bhformhór acu agus tá sé ag dul ródheacair ar ghníomhaireachtaí fóirithinte bunriachtanais na beatha a chur ar fáil do na hainniseoirí mar gheall ar na constaicí atá fórsaí Iosrael a chur sa bhealach orthu. It is indeed reported that some of the refugees live on animal food. Tuairiscítear go deimhin gur beo ar bhia ainmhithe atá cuid de na dídeanaithe. There has been no success so far, however, in the attempt by international diplomats to convince Israel on the o...

16m
Feb 19
20240215_IRISH_iosraelaigh_fos_mionnaithe_ionradh_iomlan_a_dheanamh_ar_rafah

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/23k3tmdm Contact: irishlingos@gmail.com Israelis still vowed a full invasion of Rafah. Iosraelaigh fós mionnaithe ionradh iomlán a dhéanamh ar Rafah. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu has once again declared that the country's soldiers will completely invade the city of Rafah in the south of Gaza after more western countries asked him not to implement his resolution. Tá sé dearbhaithe arís eile ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go ndéanfaidh saighdiúirí na tíre ionradh iomlán ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza i ndiaidh gur iarr tuilleadh tíortha san iarthar air gan a rún a chur i ngníomh. French President Emmanuel Macron is one of the biggest allies of the Israelis but in a telephone conversation last night he pleaded with Benjamin Netanyahu not to send the foot soldiers and tanks into Rafah. Tá Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar dhuine de na comhghuaillithe is mó atá ag na hIosraelaigh ach i gcomhrá teileafóin aréir d'achainigh sé ar Benjamin Netanyahu gan an cos-slua agus na tancanna a chur isteach in Rafah. Not to mention the devastation and damage already done in that city by the Israeli forces, what is worrying Macron is that things will go from bad to worse and that his life there will be a disaster. Gan trácht ar an sléacht agus an lot atá déanta sa chathair sin cheana féin ag fórsaí Iosrael, is é atá ag déanamh scime do Macron gur ó mhaoil go mullóg a rachas cúrsaí agus gur léirscrios luanscrios a bheas ann. In light of what Netanyahu has said, however, he will not do anything to the Frenchman, as the Israelis have not yet responded to the advice that other allies have given them. I bhfianaise a bhfuil ráite ag Netanyahu, áfach, ní móide go ndéanfaidh sé rud ar fhear na Fraince, arae níl nath curtha ag na hIosraelaigh go dtí seo sa chomhairle atá curtha orthu ag comghuaillithe eile leo. In a joint statement issued by the Prime Ministers of Canada, Australia and New Zealand, the Israelis are requested not to invade Rafah. I gcomhráiteas a d'eisigh Príomh-Airí Cheanada, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne, achainítear ar na hIosraelaigh gan ionradh a dhéanamh ar Rafah. The three leaders say in their statement that it would be a disaster and that Palestinian civilians would suffer greatly as a result. Deir an triúr ceannairí ina ráiteas gur tubaiste a bheadh ann agus go bhfulaingeodh sibhialtaigh Phalaistíneacha go mór dá dheasca. It is his manhood by the German Foreign Minister Annalena Baerbock. Is é a fhearacht é ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine Annalena Baerbock. While visiting Israel, she said that the people stuck in Rafah had nowhere else to go. Agus í ar cuairt ar Iosrael, dúirt sí nach raibh aon áit eile le dul ag na daoine atá sáinnithe in Rafah. Yesterday, Taoiseach Leo Varadkar and Spanish Prime Minister Pedro Sanchez both asked the European Commission to consider what is going on in Gaza in the light of the human rights obligations of the Israelis and act accordingly according to Inné, d'iarr an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez araon, d'iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach a bhfuil ar bun in Gaza a bhreithniú i bhfianaise na n-oibleagáidí cearta daonna atá ar na hIosraelaigh agus gníomhú dá réir. However, the Israeli military forces are swarming around Rafah and they are always making all preparations for the invasion they plan to do on the place. Ar a shon sin, tá fórsaí míleata Iosrael ag drundáil thart ar Rafah agus iad ag déanamh gach úmachan i gcónaí i gcomhair an ionraidh atá beartaithe acu a dhéanamh ar an áit. About 1.4 million people are currently living in Rafah who are refugees from their base, people who fled before the Israelis in other places in Gaza. Tá thart ar 1.4 milliún duine ag baint fúthu in Rafah faoi láthair ar dídeanaithe a mbunáite, daoine a theith roimh na hIosraelaigh in aiteanna ei...

13m
Feb 15
20240213_IRISH_comhraite_i_gcaireo,_cinniuint_rafah_i_ngeall_orthu

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/26srxwg3 Contact: irishlingos@gmail.com Conversations in Cairo, the fate of Rafah depends on them. Comhráite i gCaireo, cinniúint Rafah i ngeall orthu. CIA director William Burns is to take part in joint talks in Cairo today regarding the crisis in Gaza. Tá stiúrthóir an CIA William Burns le páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna i gCaireo inniu maidir leis an ngéarchéim in Gaza. Israel's intelligence agency director David Barnea and Qatar's Prime Minister Mohammed bin Abdulrahman Al-Thani will also participate in the talks. Stiúrthóir áisíneacht faisnéise Iosrael David Barnea agus Príomh-Aire Chatar Mohammed bin Abdulrahman Al-Thani, beidh siad páirteach sna cainteanna chomh maith. Israel's intelligence agency - Mossad - is responsible for the Israeli secret military operations in Gaza. Is é áisíneacht faisnéise Iosrael – Mossad – atá freagrach as oibríochtaí mileata rúnda na nIosraelach in Gaza. The talks have been tense since the Israelis have vowed, they say, to launch an all-out invasion of the city of Rafah in southern Gaza, a 'bottleneck' where hundreds of thousands of people have been trapped since they fled the Israelis elsewhere in the country. Palestinian enclave. Tá téirim leis na comhráite ó tá na hIosraelaigh mionnaithe, a deir siad, ionradh iomlán a dhéanamh gan spás ar chathair Rafah i bhfíordheisceart Gaza, 'scóig buidéil' a bhfuil na céadta míle duine sáinnithe ann ó theith siad roimh na hIosraelaigh in áiteanna eile san iamhchríoch Phalaistíneach. What the Israelis are planning has been widely criticized, however. Tá a bhfuil beartaithe ag na hIosraelaigh cáinte go forleathan, áfach. Some want them not to go ahead with the invasion and others want them to protect civilians if they do go ahead. Tá roinnt daoine ag iarraidh orthu gan dul ar aghaidh leis an ionradh agus tá daoine eile ag iarraidh orthu sibhialtaigh a chosaint má théann siad ar aghaidh leis. It is said that the President of the United States Joe Biden is one of those who are urging the Israelis to cancel the invasion. Deirtear go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ar dhuine den dream atá ag tathant ar na hIosraelaigh an t-ionradh a chur ar ceal. King Abdullah of Jordan discussed the situation with Joe Biden in the White House in Washington yesterday. Phléigh Rí Abdullah na hIordáine an scéal le Joe Biden sa Teach Bán in Washington inné. The king said there would be another major humanitarian disaster if Israeli forces invaded Rafah. Dúirt an rí go mbeadh tubaiste mhór dhaonnúil eile ann dá ndéanfadh fórsaí Iosrael ionradh ar Rafah. The war must end without further delay, he said. Ní mór deireadh a chur leis an gcogadh gan a thuilleadh moille, arsa sé. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu seems to have no intention of backing down on his plans, however. Is cosúil nach bhfuil aon rún ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu dul siar ar a bhfuil beartaithe aige, ámh. He has only said that the Israelis would let civilians leave Rafah, but the United Nations says those people would have nowhere to go. Níl ráite aige ach go ligfeadh na hIosraelaigh do shibhialtaigh imeacht as Rafah, ach deir na Náisiúin Aontaithe nach mbeadh aon áit le dul ag na daoine sin. As with life in Rafah, there are over a million people in need and a large number of them live in tents and shacks of all kinds. Mar leis an saol in Rafah, tá os cionn milliún duine ar an ngannchuid ann agus cuid mhór acu ag baint fúthu i bpubaill agus i bprochóga den uile shórt. Diseases are spreading strongly in those places and many people, especially children, have hepatitis and diarrhoea. Tá galair á leathadh go tréan sna háiteanna sin agus tá heipitíteas agus buinneach ar a lán daoine, leanaí go háirithe. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

12m
Feb 13
20240210_IRISH_na_ceadta_ag_sochraid_stait_an_iarthaoisigh_john_bruton

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2974bkbz Contact: irishlingos@gmail.com Hundreds at the State Funeral of former Pastor John Bruton. Na céadta ag Sochraid Stáit an iarThaoisigh John Bruton. An honest, honest man who had many victories was the description made by Father Bruce Bradley of the former Taoiseach John Bruton at his funeral mass in Co Na Meath this morning. Fear ionraic, macánta a raibh iliomad bua aige an cur síos a rinne an tAthair Bruce Bradley ar an iarThaoiseach John Bruton ag aifreann a shochraide i gCo na Mí ar maidin. Hundreds attended the State funeral in Peter and Paul's Church in Dunboyne - among them were President Michael D Higgins, Taoiseach Leo Varadkar, as well as former dignitaries Enda Kenny, Brian Cowen and Bertie Ahern. Bhí na céadta i láthair ag an tsochraid Stáit i Séipéal Pheadair agus Phóil i nDún Búinne - ina measc bhí an tUachtarán Michael D Higgins, An Taoiseach Leo Varadkar, chomh maith leis na hiarthaoisigh Enda Kenny, Brian Cowen agus Bertie Ahern. Also present were Tánaiste Micheál Martin and Eamon Ryan, Leader of the Green Coalition. I láthair freisin bhí An Tánaiste Micheál Martin agus Eamon Ryan, Ceannaire An Chomhaontais Ghlais. Sinn Féin leader Mary Lou McDonald, Michelle O'Neill, First Minister of Northern Ireland and Deputy First Minister Emma Little-Pengelly were among the politicians at the funeral mass. Bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, Michelle O'Neill, Céad-Aire Thuaisceart Éireann agus an LeasChéad- Aire Emma Little-Pengelly i measc na bpolaiteoirí a bhí ag aifreann na sochraide. 180 members of the Defense Forces were involved in the funeral ceremony. Bhí 180 comhalta d'Óglaigh na hÉireann páirteach i searmanas na sochraide. John Bruton was a brave, committed man and the former Taoiseach often demonstrated first-class leadership when it was most needed, Father Bruce Bradley said in his sermon. Ba fear cróga, tiomanta é John Bruton agus ba mhinic leis an iarThaoiseach ceannaireacht den chéad scoth a léiriú nuair is mó a bhí gá leis a dúirt an tAthair Bruce Bradley ina sheanmóir. Tributes have been paid at home and abroad to John Bruton who was Taoiseach between 1994 and 1997. Tá ómós tugtha sa bhaile agus i gcéin do John Bruton a bhí ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997. He was leader of Fine Gael between 1990 and 2001. Ceannaire Fhine Gael a bhí ann idir 1990 agus 2001. Before that, he spent two terms as Minister for Finance between 1981-1982 and between 1986-1987, and was Minister for Industry, Trade, Commerce and Tourism between 1983 and 1986. Roimhe sin, chaith sé dhá thréimhse mar Aire Airgeadais idir 1981-1982 agus idir 1986-1987, agus bhí sé ina Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta idir 1983 agus 1986. He was elected to the Dáil for the first time in the Meath constituency in 1969. Toghadh chun na Dála den chéad uair é i ndáilcheantar na Mí i 1969.

10m
Feb 10
20240209_IRISH_duine_fasta_tar_eis_bhais_le_bruitineach_i_gcuige_laighean

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/28x524k9 Contact: irishlingos@gmail.com An adult has died of measles in Leinster. Duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean. The Health Service Executive has confirmed that an adult has died of measles in Leinster. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean. It was revealed that the person died in the hospital but it was not said where exactly. Tugadh le fios gur san ospidéal a bhásaigh an duine ach ní dúradh cén áit go baileach. This is the first case of measles recorded in the State so far this year. Is é seo an chéad chás bruitíní a taifeadadh sa Stát go dtí seo i mbliana. A special medical team that was recently established is on standby in light of the person's death and people with symptoms of the disease are being appealed to consult a doctor. Tá foireann speisialta leighis a bunaíodh le gairid ar fuireachas i bhfianaise bhás an duine agus táthar ag achainí ar dhaoine a bhfuil airíonna an ghalair orthu dul i gcomhairle dochtúra. Health Minister Stephen Donnelly indicated yesterday that there was likely to be a measles outbreak shortly among groups that have not received the MMR vaccine. Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios arú inné gur dhóichí go mbeadh ráig bhruitíní go gairid i measc grúpaí nach bhfuil an vacsaín MMR faighte acu. The Chief Medical Officer in the Department of Health, Professor Breda Smyth, has since said that she is very concerned that there will soon be an outbreak of smallpox in Ireland. An Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, an tOllamh Breda Smyth, tá sé ráite aicise ó shin go bhfuil an-imní uirthi go mbeidh ráig bhruitíní in Éirinn gan mhoill. She confirmed that at least 95% of the population would have to have received the MMR vaccine to prevent an outbreak. Dhearbhaigh sí nár mhór an vacsaín MMR a bheith faighte ag 95 faoin gcéad den phobal ar a laghad le ráig a chosc. Unfortunately, says Professor Smyth, only about 90% of children nationally have received the vaccine in two years and the rate is as low as 80%, or below that again, in some counties. Ar an drochuair, arsa an tOllamh Smyth, níl an vacsaín faighte ach ag thart ar 90 faoin gcéad de leanaí ar bhonn náisiúnta le dhá bhliain agus tá an ráta chomh híseal le 80 faoin gcéad , nó faoina bhun sin arís, i gcontaetha áirithe. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

7m
Feb 09
20240207_IRISH_maigh_eo_buacach_go_dramatuil_i_sraith_allianz_na_peile

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/28wzn4fc Contact: irishlingos@gmail.com Mayo triumphantly in the Allianz Football League. Maigh Eo buacach go drámatúil i Sraith Allianz na Peile. 4 minutes into injury time Mayo scored the winning point in this match tonight in the Allianz Football League in Castlebar. 4 nóiméad isteach in am cúitimh do ghortuithe a scóráil Maigh Eo pointe an bhua sa chluiche seo anocht i Sraith Allianz na Peile i gCaisleán an Bharraigh. The visitors were the All-Ireland champions, Dublin. B'iad seaimpiní Uile-Éireann,Baile Átha Cliath, na cuairteoirí. Fergal Boland's name will be on the lips of the Mayo community for a while now; he was the one who scored the winning goal within 50 seconds of the end of the game. Beidh ainm Fergal Boland i mbéal phobal Mhaigh Eo go ceann tamaill anois;b'eisean a fuair cúilín an bhua i bhfoisceacht 50 soicind do dheireadh na himeartha. A pass crossed to him from a free-kick, Boland studied straight in front of goal just over 20 meters out and kicked the ball between the posts. Pas a cuireadh trasna chuige ó chic saor, rinne Boland staidéar díreach os comhair an chúil beagán le cois 20 méadar amach agus chiceáil an liathróid idir na cuaillí. Mayo 1-12, Dublin 0-14 the final score. Maigh Eo 1-12,Baile Átha Cliath 0-14 an scór deiridh. That leaves Mayo on full league points after 2 games, Dublin still with nothing. Fágann sin Maigh Eo ar lán phointí sraithe i ndiaidh 2 chluiche, gan tada go fóill ag Baile Átha Cliath.

5m
Feb 07
20240206_IRISH_neart_le_deanamh_ag_an_bhfeidhmeannas_on_luan_ar_aghaidh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2xlyr87g Contact: irishlingos@gmail.com The Executive has plenty to do from Monday onwards. Neart le déanamh ag an bhFeidhmeannas ón Luan ar aghaidh. The new executive in the Stormont Assembly will start work next Monday (5 February). Is ar an Luan seo chugainn (5Feabhra) a rachaidh an feidhmeannas nua i dTionól Stormont i mbun oibre. Strength has been laid out for the people of the assembly in light of what has gone down the drain on the community of the North for 2 years. Tá neart leagtha amach do lucht an tionóil i bhfianaise a bhfuil imithe le sruth ar phobal an Tuaiscirt le 2 bhliain. The deputy leader of Sinn Féin, Michelle O'Neill is the First Minister of the Stormont Assembly. Is í leascheannaire Shinn Féin, Michelle O'Neill atá mar Chéad-Aire ar Chomhthionól Stormont. She was accepted as First Minister c.02:15 pm today. Glacadh léi mar Chéad-Aire c.02:15 i.n inniu. She is the first Catholic and the first Nationalist-Republican in that important position which came about with the signing of the Good Friday Agreement almost 26 years ago. Is í an chéad Chaitliceach agus an chéad Náisiúnach-Poblachtach í sa phost tábhachtach sin a tháinig in inmhe le síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta beagnach 26 bliain ó shin. In her address, she said that there was a lot to be done in the Assembly now for the benefit of the Northern community as a whole. Ina haitheasc, dúírt sí go raibh go leor le déanamh sa Tionól anois ar mhaithe le pobal an Tuaiscirt tré chéile. 'We are now better in the North in terms of equality and I am here for the benefit of the Unionist community as well' she said. 'Is fearrde muid sa Tuaisceart anois ó thaobh an chomhionannais de agus táimse anseo ar mhaithe leis an bpobal Aontachtach freisin' a dúirt sí. It is a great honor for this woman who was born in County Cork but was raised in the village of Cloyne in the Dungannon area, County Tyrone. Onóir mhór í don bhean seo a rugadh i gContaeChorcaí ach a tógadh i sráidbhaile Chluain Eo i gceantar Dhún Geanainn,ContaeThír Eoghain. Her family before her were involved in the republican movement, her father Brendan Doris was active in the IRA and spent time in prison before being elected as a councilor for Sinn Féin in Dungannon. Bhí a muintir roimpi sáite sa ghluaiseacht phoblachtach, a hathair Brendan Doris gníomhach san IRA agus a chaith seal sa phríosún sular toghadh é ina chomhairleoir do Shinn Féin i nDún Geanainn. The Stormont Assembly met this afternoon at 1 o'clock. Tháinig Tionól Stormont le chéile tráthnóna inniu ag a 1 a chlog. Edwin Poots (DUP) was elected speaker, head of the assembly council. Toghadh Edwin Poots (DUP) mar spéicéir, ceann comhairle an chomhthionóil. Emma Little-Pengelly from the DUP was elected Deputy First Minister. Ba í Emma Little- Pengelly ón DUP a toghadh mar Leas Chéad-Aire. She admitted that she and Michelle O'Neill come from different backgrounds. D'admhaigh sise gur ó chúlra difriúil í féin agus Michelle O'Neill. 'But that doesn't matter to the person suffering from cancer, to parents who can't pay for childcare, to teachers with shortages of money as well as other workers in the public service' she said. 'Ach is cuma sin don té atá ag fulaingt le hailse, do thuismitheoirí nach bhfuil in ann íoc as cúram leanaí, do mhúínteoirí le ganntan airgid ach an oiread le hoibrithe eile sa tseirbhís phoiblí' a dúirt sí. 'I will work tirelessly for the benefit of the people of Northern Ireland' she said. 'Oibreoidh mé gan stad gan staonadh ar mhaithe le pobal Thuaisceart Éireann' a dúirt sí. The DUP is returning to Stormont, according to themselves, in light of the promises they received from the British Government regarding trade matters and regarding the status of the North in the United Kingdom. Ag filleadh ar Stormont atá an DUP, dar leo féin,

14m
Feb 06
20240203_IRISH_tus_maith,pointe_bonais_ach_ga_le_feabhas_sa_chlibirt

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2altz7bg Contact: irishlingos@gmail.com Good start, bonus point but need improvement in the clubbing. Tús maith,pointe bónais ach gá le feabhas sa chlibirt. The Irish rugby team had a tidy away win tonight as they kicked off the Six Nations. Bhí bua slachtmhar as baile ag foireann rugbaí na hÉireann anocht agus tús á chur acu le Comórtas na Sé Náisiún. Andy Farrell's players edged France by 14 points at the 'Orange Vélodrome' Stadium over in Marseille. Chloígh imreoirí Andy Farrell an Fhrainc le farasbarr 14 pointe i Staid an 'Orange Vélodrome' thall i Marseille. 4 minutes to half time in this clash the Irish fans were singing 'Fields of Athenry' at the top of their voices. 4 nóiméad go leath-am sa choimhlint seo bhí lucht leanúna na hÉireann ag canadh 'Fields of Athenry' in ard a ngutha. They were fully optimistic by then that they would be the ones celebrating when the whistle blew for the final hour of the game. Bhí siad iomlán dóchasach faoin tráth sin gur iadsan a bheadh ag ceiliúradh nuair a shéidfí an fheadóig den uair dheiridh sa chluiche. And although Les Bleus drew closer to the champions of this competition after 40 minutes of play, Ireland were well ahead of their opponents in the second half. Agus cé gur tharraing Les Bleus níos gaire do sheaimpíní an chomórtais seo i ndiaidh 40 nóiméad imeartha, bhí Éirinn i bhfad chun cinn ar a gcéillí comhraic sa dara leath. The great radio commentator Michael Corcoran made his own summary of the exhibition saying that it was a game that saw 'the big beef knife in the heart of the French'. Is é an tráchtaire mór raidió sin Michael Corcoran a rinne a choimre fhéin ar an taispeántas ag rá gur cluiche é a chonaic 'scian mhór na mairteola i gcroí na bhFrancach'. In the end, the Irish scored 5 goals, which ensured them a bonus point and France got nothing out of this game worth talking about. Ar deiridh, scóráil na hÉireannaigh 5 úd, chinntigh sin pointe bónais dóibh agus ní bhfuair an Fhrainc tada as an gcluiche seo arbh fhiú caint air. Leinster man Joe McCarthy was awarded the player of the match award. Bronnadh gradam imreoir an chluiche ar fhear Chúige Laighean, Joe McCarthy. Calvin Nash will have a special memory of this night, his first senior game in the Ireland jersey for him as he got it in the second half. Beidh cuimhne ar leith ag Calvin Nash ar an oíche seo, a chéad chluiche sinsir i ngeansaí na hÉireann dósan agus é ag fáil úd sa dara leath. Jack Crowley would like to put penalty kicks and saves between the posts and there was also fine work from Jamison Gibson-Park, Tadgh Beirne, Dan Sheehan and Ronan Kelleher The Irish can be proud of their play in the back line, and there was mastery of them in the stretch out during the night. Ba mhaith ó Jack Crowley ciceanna píonóis agus slánaithe a chur idir na postaí agus chonacthas úid bhreátha freisin ó Jamison Gibson-Park, Tadgh Beirne,Dan Sheehan agus Ronan Kelleher Féadfaidh na hÉireannaigh a bheith mórtasach as a gcuid imeartha sa líne cúil, agus bhí máistreacht acu sa síneadh amach i gcaitheamh na hoíche. The only concern according to the experts of the game was that the Irish team was not more than a recommendation of two in the club, and that 'that must improve if we are to see Caithréim Mór again in this competition'. An t-aon ábhar imní dar le saineolaithe an chluiche nach raibh foireann na hÉireann thar mholadh beirte sa chlibirt, agus 'go gcaithfidh sin feabhsú má táimíd leis an gCaithréim Mhór a fheiceáil arís sa chomórtas seo'. Ireland's Dan Sheehan hiding nothing in this mischievous smile Dan Sheehan na hÉireann gan tada á cheilt aige sa gháire mioscaiseach seo

11m
Feb 03
20240130_IRISH_fainic_as_gaoth_dobhair_faoi_chraoladh_aifrinn_ar_an_idirlion

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yw9yqte2 Contact: irishlingos@gmail.com Beware of Gaoth Dobhair about broadcasting mass on the internet. Fainic as Gaoth Dobhair faoi chraoladh aifrinn ar an idirlíon. An undertaker in Gaoth Dobhair is appealing to the public to be careful about the sites they use to view funeral and memorial masses on the internet. Tá adhlacóir i nGaoth Dobhair ag achainí ar an bpobal a bheith cúramach faoi na suíomhanna a úsáideann siad le féachaint ar aifrinn sochraide agus aifrinn cuimhneacháin ar an idirlíon. Last weekend fraudsters created a fake link on the undertaker's website and people had to pay money to watch a mass in memory of a local man who was tragically killed in Gaoth Dobhair in 2019. An deireadh seachtaine seo caite chruthaigh caimiléirí nasc bréige ar leathanach idirlín an adhlacóra agus bhí ar dhaoine airgead a íoc le féachaint ar aifreann i gcuimhne ar fhear áitiúil a maraíodh go tubaisteach i nGaoth Dobhair i 2019. Kieran Roarty has a very busy funeral company in that town. Cuideachta adhlacóireachta an-ghnóthach atá ag Kieran Roarty ar an mbaile sin. Due to Covid-19, the company's live broadcast of funerals and memorial masses has become very popular. De bharr Chovid a 19 tá ráchairt mhór ar an gcraoladh beo a dhéanann an chuideachta ar thórraimh agus ar aifrinn cuimhneacháin. But over the weekend schemers created a fake link on the undertaker's Facebook page asking people to open an account and pay money to view a mass in memory of the young man who was tragically killed 5 years ago. Ach i rith an deireadh seachtain chruthaigh lucht scéiméireachta nasc bréige ar leathanach Facebook an adhlacóra ag iarraidh ar dhaoine cuntas a oscailt agus airgead a íoc le hamharc ar aifreann i gcuimhne ar an ógfhear a maraíodh go tubaisteach 5 bhliana ó shin. Kieran Roarty says he reported the fake link called recostv.live to Meta, the global conglomerate that owns Facebook. Deir Kieran Roarty gur thug sé tuairisc faoin nasc bréige darbh ainm recostv.live do Meta, an ollchuideachta dhomhanda ar leo Facebook. Kieran is asking people to report suspicious links to his short immediately. Tá Kieran ag iarraidh ar dhaoine nascanna amhrasacha dá short a thuairisciú láithreach. Yesterday's mass was in memory of Micheál Roarty from Gaoth Dobhair. Ba i gcuimhne ar Mhicheál Roarty as Gaoth Dobhair a bhí aifreann an lae inné. Micheal was one of four young men who were killed in a road accident, today in 2019 - an accident that shocked the whole community. Bhí Micheal ar dhuine de cheathrar fear óg a maraíodh i dtubaiste bóthair, cothrom an lae inniu i 2019 - timpiste a chuaigh go smior sa bpobal uilig. Meta tells the Evening Newsroom that they take down scams as soon as they are reported. Deir Meta le Seomra na Nuachta tráthnóna go mbaineann siad anuas camscéimeanna chomh luath is a thuairiscítear iad. Ailbhe Ó Monacháin will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900. Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.

9m
Jan 30
20240127_IRISH_plean_bitheagsulachta_athnuaite_le_duil_tuilleadh_meatha_a_chosc

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yvzxvcba Contact: irishlingos@gmail.com A renewed Biodiversity Plan with a view to preventing further decline. Plean Bithéagsúlachta athnuaite le dúil tuilleadh meatha a chosc. RTÉ News and Current Affairs The National Biodiversity Plan has been renewed and updated for the third time from 2022 in view of the continued decline of the country's wildlife. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Tá an Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta athnuaite agus nuashonraithe den tríú huair ó 2022 i bhfianaise fiadhúlra na tíre a bheith ag meath go tréan i gcónaí. In this fourth attempt, unlike the three previous attempts, there is a legislative basis for the updated action plan. Sa cheathrú hiarracht seo, murab ionann agus na trí iarracht roimhe, tá bonn reachtaíochta faoin bplean gníomhaíochta nuashonraithe. On top of that, fresh funding has been promised – up to €3 billion in fact – to better protect protected areas and to foster local wildlife enterprises, as well as other measures. Ar a mhuin sin, tá maoiniú úr geallta – barr ar €3 bhilliún go deimhin – le fonn limistéir shainchosanta a chosaint níos fearr agus le súil fiontair áitiúla fiadhúlra a chothú, chomh maith le bearta eile. If it's good it's not, however, and the habitats of native flowers and herbs are being steadily destroyed - the dunes, the fens, the marshes, the meadows, the bogs, the turles and so on. Más maith is mithid, ámh, agus gnáthóga bláthanna agus luibheanna dúchasacha á scriosadh go seasta – na dumhcha, na heanaigh, na léanta, na móinéir, na portaigh, na turlaigh agus mar sin díobh. All that without mentioning the deterioration of the woods, shores, rivers and lakes, and the birds, fish, shellfish and plants that live on them. É sin ar fad gan trácht ar an meath atá ar na coillte, na cladaí, na haibhneacha agus na lochanna, agus ar na héin, na héisc, na sliogéisc agus na plandaí atá beo orthu. In fact, the plan states that 85% of the State's specially protected habitats are in poor condition and that 46% of them are actually deteriorating. Deirtear sa phlean go deimhin go bhfuil drochbhail ar 85 faoin gcéad de ghnáthóga sainchosanta an Stáit agus go bhfuil 46 faoin gcéad díobh ag meath d'acht is d'áirithe. It is said that the decline is largely due to disorganized farming methods – industrial waste, land clearing and water pollution, for example. Modhanna míchóiriúla feirmeoireachta is siocair leis an meath den chuid is mó, a deirtear – iníor tionslcaíoch, bánú talaimh agus truailliú uisce, cuiream i gcás. The new plan was published under the Wildlife (Amendment) Act 2023 and there are new duties on every public institution in the State to act accordingly, including Bord Iascaigh Mara, Bord na Móna and the local authorities. Is faoin Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2023 a foilsíodh an plean úr agus tá dualgais nua ar gach aon fhoras poiblí sa Stát gníomhú dá réir, lena n-áirítear Bord Iascaigh Mhara, Bord na Móna agus na húdaráis áitiúla. Each local authority will have to draw up, update and implement their own biodiversity plan. Beidh ar gach údarás áitiúil plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh. In this regard, more national parks will be defined and existing special protected areas will be added to. Ina cheann sin, saineofar tuilleadh páirceanna náisiúnta agus cuirfear leis na sainlimistéir chosanta atá ann cheana féin. The National Parks and Wildlife Service will be provided with additional resources, according to the plan, to deal with people and organizations that break the law. Cuirfear acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí. Some of the recommendations made by the Citizens' Assembly for Biodiversity last year are also promised to be implemented.

16m
Jan 27
20240125_IRISH_654_othar_ag_fanacht_le_leaba_a_fhail_i_mbarda

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ylgt9bwr Contact: irishlingos@gmail.com 654 patients waiting to get a bed in a ward. 654 othar ag fanacht le leaba a fháil i mbarda. According to the Irish Nurses and Midwives Association, there were 654 patients waiting for a bed in a ward in the country's hospitals this morning, which is fourteen people more than yesterday. Dar le Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go raibh 654 othar ag fanacht le leaba a fháil i mbarda in ospidéil na tíre ar maidin inniu, sin ceithre dhuine dhéag níos mó ná inné. 446 of the patients were in emergency departments, and the other 208 were on trolleys or in chairs in wards. Is i rannóga éigeandála a bhí 446 de na hothair, agus is ar thralaithe nó i gcathaoireacha i mbardaí a bhí an 208 eile. The situation was worst in Limerick University Hospital this morning, where 110 people were waiting for a bed. Is in Ospidéal Ollscoile Luimnigh is measa a bhí an scéal ar maidin, áit a raibh 110 duine ag fanacht le leaba. Subsequently, 88 people were waiting for a bed in University Hospital, Cork; 65 people in University Hospital, Galway; and half a century at the University Hospital, Letterkenny. Ina dhiaidh sin, bhí 88 duine ag fanacht le leaba in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh; 65 duine in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh; agus leathchéad in Ospidéal na Ollscoile, Leitir Ceannain. In addition to that, eleven children between the three children's hospitals in Dublin were waiting for a bed. I dteannta an mhéid sin, bhí aon leanbh déag idir na trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath ag fanacht le leaba. As bad as that was, it was even worse yesterday, when 27 children were involved. Dá dhonacht sin, ba mheasa fós inné é, tráth a bhí 27 leanbh i gceist. The nurses are demanding that non-urgent elective operations be postponed in light of the crisis and priority given to the patients arriving at the emergency departments. Tá na haltraí ag éileamh obráidí roghnacha neamhphráinneacha a chur ar atráth i bhfianaise na géarchéime agus tús áite a thabhairt do na hothair atá ag teacht chuig na rannóga éigeandála. Damien McCallion from the Health Service Executive said that the prevalence of respiratory diseases is at this time of year every year, which is the calmest of the crisis. Dúirt Damien McCallion ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gurb é leitheadúlacht na ngalar riospráide a bhíonn ann an tráth seo bliana gach uile bhliain, gurb é is siocair leis an ngéarchéim. Taoiseach Leo Varadkar accepted this afternoon that far too many people were waiting too long to get a bed in a ward. Ghlac an Taoiseach Leo Varadkar leis tráthnóna go raibh i bhfad an iomarca daoine ag fanacht rófhada le leaba a fháil i mbarda. On the contrary, he claimed that great progress had been made in several years and drew attention to the additional 20,000 people who had been recruited by the health services from 2020. Os a choinne sin, mhaígh sé go raibh an-dul chun cinn déanta le roinnt blianta agus tharraing sé aird ar an 20,000 duine breise a bhí earcaithe ag na seirbhísí sláinte ó 2020. The Taoiseach also said that Ireland is among the five countries with the highest number of nurses per person in the population. Dúirt an Taoiseach freisin go bhfuil Éire i measc na gcúig thír ina bhfuil an líon is mó altraí in aghaidh gach duine sa daonra. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

11m
Jan 25
20240123_IRISH_diobhail_na_doininne_a_leasu,_ach_stoirm_eile_geallta

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yqnd24jq Contact: irishlingos@gmail.com The damage of the hurricane is being repaired, but another storm is promised. Díobháil na doininne á leasú, ach stoirm eile geallta. About 57,000 premises in the State are still without power due to the damage caused by the storm to parts of the electricity supply network for two days. Tá thart ar 57,000 áitreabh sa Stát fós gan chumhacht de bhíthin an damáiste a rinne an stoirm do chodanna den líonra soláthair leictreachais le dhá lá. Homes, farms and businesses in the north-west of the country are the most affected. Tithe, feirmeacha agus gnóthais in iarthuaisceart na tíre is mó atá thíos leis. Donegal, Leitrim, Cavan, Sligo and Mayo, it is on those five counties that the Electricity Supply Board teams are currently focusing as they do their best to rectify the damage and make power available again to people who have been missing since last night. Dún na nGall, Liatroim, an Cabhán, Sligeach agus Maigh Eo, is ar na cúig chontae sin atá meithleacha Bhord Soláthair an Leictreachais ag díriú faoi láthair agus iad ag déanamh a míle dícheall an díobháil a leasú agus an chumhacht a chur ar fáil arís do dhaoine atá dá huireasa ó arú aréir. There is an end to the work, however, since the situation is going to get worse in the afternoon and another big wind storm is promised. Tá téirim leis an obair, ámh, ó tá an scéal le dul in aimhréidh tráthnóna agus anfa mór gaoithe eile geallta. In fact, the next storm is expected to cut power again in some of the same places and in other places. Go deimhin, meastar go ngearrfar an chumhacht arís i roinnt de na háiteanna céanna agus in áiteanna eile de bharr na chéad stoirme eile. Met Éireann has issued an orange warning for Donegal which will apply from 6 o'clock in the evening until 2 o'clock tomorrow morning. Tá foláireamh flannbhuí eisithe ag Met Éireann i leith Dhún na nGall a mbeidh feidhm leis óna 6 a chlog tráthnóna go dtí 2 a chlog ar maidin amárach. The orange warning also applies to two other counties - Galway and Mayo - but it is expected that the wind will ease in those two places by midnight. Baineann an foláireamh flannbhuí le dhá chontae eile freisin – Gaillimh agus Maigh Eo – ach meastar go mbeidh an ghaoth maolaithe sa dá áit sin faoin meán oíche. In that regard, a yellow wind warning has been issued for the whole country which will apply until 5 o'clock tomorrow morning. Ina cheann sin, tá foláireamh buí gaoithe eisithe i leith na tíre ar fad a mbeidh feidhm leis go dtí 5 a chlog ar maidin amárach. People are being advised to stay at home during the storm and not to hit the road unless their journey is absolutely necessary. Táthar ag comhairliú do dhaoine fanacht sa bhaile le linn na doininne agus gan cur chun bóthair mura bhfuil géarghá lena n-aistear. Since some structures and trees have already been weakened by the strong wind that has been there for a few days, the meteorologists say, the next storm could knock them down and fall on top of people and cars unexpectedly. Ó tá struchtúir áirithe agus crainn lagtha cheana féin ag an ngaoth láidir a bhí ann le cúpla lá, a deir na meitéareolaithe, d'fhéadfadh an chéad stoirm eile iad a leagan scun scan agus titim i mullach ar dhaoine agus ar ghluaisteáin gan choinne. RTÉ News and Current Affairs A team from the Electricity Supply Board at work in Carnmore, Co Galway Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Meitheal ó Bhord Soláthair an Leictreachais i mbun oibre sa Charn Mór, Co na Gaillimhe

10m
Jan 23
20240120_IRISH_fiosruchan_coiriuil_faoi_phleasc_i_mbru_do_dhaoine_gan_didean

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yugnojdk Contact: irishlingos@gmail.com Criminal investigation into explosion in homeless hostel. Fiosrúchán coiriúil faoi phléasc i mbrú do dhaoine gan dídean. Gardai have launched a criminal investigation into an explosion in a homeless hostel in Dublin yesterday which killed a man. Tá fiosrúchán coiriúil curtha sa siúl ag na Gardaí i dtaca le pléasc a bhí i mbrú do dhaoine gan dídean i mBaile Átha Cliath inné ar maraíodh fear dá bharr. It is understood that a device of some kind exploded in the room where the man was staying. Tuigtear gur phléasc gaireas de shaghas éigin sa seomra a raibh an fear ag fanacht ann. The man was of Lithuanian origin and was in his thirties. Ba de bhunadh na Liotuáine an fear agus bhí sé sna tríochaidí. Gardai believe that the device was not thrown into the room from outside and that it had been there for some time before that. Measann na Gardaí nár caitheadh an gaireas isteach sa seomra ón taobh amuigh agus gurbh amhlaidh a bhí sé ann ar feadh tamaill roimhe sin. No one else was injured in the explosion at the Depaul clubhouse on Wales Street in the north of the city. Níor gortaíodh aon duine eile de bharr na pléisce a bhí sa bhrú leis an gcatharnas Depaul ar Shráid na Breataine Bheag i dtuaisceart na cathrach. In addition to the person who was killed, there were 73 other people in the hostel at the time and accommodation had to be provided for them in other places in the city last night. Chomh maith leis an té a maraíodh, bhí 73 duine eile sa bhrú ag an am agus b'éigean lóistín a chur ar fáil dóibh in ionaid eile sa chathair aréir. After Army explosives experts examined the scene last night, they ruled out an unspecified substance in the chamber. Tar éis do shaineolaithe pléascán ón Arm an láthair a scrúdú aréir, chuir siad ábhar neamhshonraithe a bhí sa seomra as feidhm. They have not yet said, however, whether it was an explosive material. Níl sé ráite acu fós, ámh, ar ábhar pléascach a bhí ann. A post-mortem examination is to be carried out tomorrow on the body of the man who was killed. Tá scrúdú iarbháis le déanamh amárach ar chorp an fhir a maraíodh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

2m
Jan 20
20240118_IRISH_bord_gais_le_tailli_gais,_leictreachais_a_isliu_tuilleadh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yto6ysn2 Contact: irishlingos@gmail.com Bord Gáis to further lower gas, electricity charges. Bord Gáis le táillí gáis, leictreachais a ísliú tuilleadh. Bord Gáis has announced that the company is to lower gas and electricity charges charged to domestic customers from the beginning of March. Tá sé fógartha ag Bord Gáis go bhfuil an comhlacht le táillí gáis agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí baile a ísliú ó thús mhí an Mhárta. There will be a 9.5% reduction in gas charges and a 10% reduction in electricity charges. Ísliú 9.5 faoin gcéad a bheas i gceist i gcás táillí gáis agus ísliú 10 faoin gcéad i gcás táillí leictreachais. In that case, the fixed charge will be reduced by 8%. Ina cheann sin, ísleofar an buanmhuirear 8 faoin gcéad . It is estimated that all these reductions will benefit around 600,000 customers and save them an average of €141 a year on gas charges and €190 a year on electricity charges. Meastar go rachaidh na híslithe seo ar fad chun leasa thart ar 600,000 custaiméir agus go sábhálfaidh siad €141 sa bhliain ar tháillí gáis agus €190 sa bhliain ar tháillí leictreachais ar an meán. This is the second windfall that Bord Gáis has recently granted to the company's customers. Seo an dara hamhantar atá lamháilte ag Bord Gáis do chustaiméirí an chomhlachta le gairid. Both gas and electricity charges were lowered by 15.5% in November. Íslíodh táilli gáis agus leictreachais araon 15.5 faoin gcéad i mí na Samhna. According to the company, this means that those to whom they supply both gas and electricity are better off than customers of other companies. Dar leis an gcomhlacht go bhfágann sin go bhfuil an dream a soláthraíonn siad gás agus leictreachas araon dóibh, go bhfuil an dream sin níos fearr as ná custaiméirí comhlachtaí eile. O wholesale prices have fallen significantly for a year, energy suppliers in this country are being urged to reduce customer charges accordingly. O tá praghsanna mórdhíola tite go mór le bliain, táthar ag tathant ar sholáthraithe fuinnimh sa tír seo táillí custaiméirí a laghdú dá réir. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

7m
Jan 18
20240116_IRISH_bua_rabach_ag_donald_trump_i_gcacas_iowa

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ymm7tmet Contact: irishlingos@gmail.com Donald Trump's landslide victory in the Iowa caucuses. Bua rábach ag Donald Trump i gcácas Iowa. The former President of the United States Donald Trump had a landslide victory in the Republican Party's caucus in the state of Iowa last night, according to what pollsters are predicting. Is bua rábach a bhí ag iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i gcácas an Pháirtí Phoblachtaigh i stát Iowa aréir, de réir a bhfuil á thuar ag lucht pobalbhreithe. There will be a presidential election in the United States next November and members of the Republican Party were voting for their own candidate. Beidh toghchán uachtaránachta sna Stáit Aonaithe mí na Samhna seo chugainn agus bhí baill den Pháirtí Poblachtach ag vótáil ar son a rogha iarrthóra féin. With 95% of the votes unofficially seen by the tally keepers, Donald Trump is currently estimated to have received 51% of the votes. Agus 95 faoin gcéad de na vótaí feicthe go neamhoifgiúil ag lucht coinneála scóir, meastar faoi láthair gur 51 faoin gcéad de na vótaí a fuair Donald Trump. After that, it is estimated that 21% of the votes were received by Ron DeSantis; Nikki Haley received 19%; and about 8% received by Vivek Ramaswamy. Ina dhiaidh sin, meastar gur 21 faoin gcéad de na vótaí a fuair Ron DeSantis; 19 faoin gcéad a fuair Nikki Haley; agus thart ar 8 faoin gcéad a fuair Vivek Ramaswamy. Vivek Ramaswamy announced that he would not be a candidate in the next caucus in view of the result in Iowa and asked his supporters to vote for Donald Trump in the future. D'fhógair Vivek Ramaswamy nach mbeadh sé ina iarrthóir sa chéad chácas eile i bhfianaise an toraidh in Iowa agus d'iarr sé ar a lucht tacaíochta vótáil ar son Donald Trump feasta. No Republican candidate has ever had as big a victory in the Iowa caucus as Donald Trump and he is considered to be well ahead of the other candidates nationally as well. Ní raibh bua chomh mór riamh ag aon iarrthóir Poblachtach i gcácas Iowa agus a bhí ag Donald Trump agus meastar go bhfuil sé go mór chun cinn ar na hiarrthóirí eile go náisiúnta freisin. That makes it as certain as Easter is on Sunday – and all other things being the same – that Donald Trump will be the candidate of the Republicans on November 5. Fágann sin go bhfuil sé chomh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach – agus gach ní eile mar a chéile – gurb é Donald Trump a bheas mar iarrthóir ag na Poblachtaigh ar an 5 Samhain. All this despite the various legal cases he is fighting, not to mention the controversy that attracts almost every political statement he makes. É sin ar fad ainneoin na gcásanna éagsúla dlí a bhfuil sé ag dul i ngleic leo, gan trácht ar an gconspóid a tharraingíonn beagnach gach ráiteas polaitiúil a dhéanann sé. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

9m
Jan 16
20240114_IRISH_ni_stopfaidh_aon_duine_muid_i_ngaza_-_benjamin_netanyahu

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yu8mg9az Contact: irishlingos@gmail.com "No one will stop us in Gaza" - Benjamin Netanyahu. "Ní stopfaidh aon duine muid i nGaza" - Benjamin Netanyahu. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu has said that the International Court of Justice will not stop Israel from achieving a complete victory in its war on Gaza, despite South Africa's case of genocide against Palestinians. Tá sé ráite ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu nach stopfaidh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta Iosrael bua iomlán a bhaint amach ina gcogadh ar Gaza, ainneoin chás na hAfraice Theas cinedhíothú ar Phalaistínigh a chur i leith na tíre sin. "No one will stop us - The Hague, Axis of Evil or anyone else. "Ní stopfaidh aon duine muid - an Hág, Ais an Oilc ná aon duine eile. We can and must continue to win and we will," Netanyahu said at a press event broadcast across Israel today and the first day of the war there tomorrow (Sunday). Is féidir agus is gá leanacht go mbeidh an bua againn agus déanfaidh muid sin," a dúirt Netanyahu ag preas ócáid a craoladh ar fud Iosrael inniu agus an céadú lá den chogaíocht ann amárach (Dé Domhnaigh). Netanyahu was referring to a case that South Africa brought to the International Court of Justice, the highest court of the United Nations in The Hague, in which South Africa claims that Israel has violated the United Nations Genocide Convention. Is ag tagairt a bhí Netanyahu do chás a thug an Afraic Theas chuig an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, an chúirt is airde de chuid na Náisiúin Aontaithe sa Hág, ina maíonn an Afraic Theas go bhfuil Coinbhinsiún Cinedhíothaithe na Náisiún Aontaithe sáraithe ag Iosrael. Axis of Evil is a reference to a nickname given to an alliance of armed groups in the Middle East supported by Iran. Is tagairt í Ais an Oilc de leasainm atá tugtha ar chomhghuaillíocht de ghrúpa armtha sa Mheán Oirthear a bhfuil tacaíocht na hIaráine acu. Netanyahu said that "most of the Hamas battalions have been eliminated" in the Gaza strip, but that thousands of people who had to flee from northern Gaza will not be able to return to their home area for the foreseeable future. Dúirt Netanyahy go bhfuil "formhór chathláin Hamas sriosta" i stráice Gaza, ach nach mbeidh ar chumas na mílte duine arbh éigean dóibh teitheadh as tuaisceart Gaza, filleadh ar a gceantar dúchais go ceann i bhfad. "There is an international law that says you move a community out of an area and you don't allow them to return as long as the danger is still there," Netanyahu said. "Tá dlí idirnáisiúnta ann a deir go mbogann tú pobal amach as ceantar agus nach gceadaíonn tú dóibh filleadh an fhad is gur ann fós don chontúirt," a dúirt Netanyahu. "And there is the danger. "Agus is ann don chontúirt. The fighting is still going on (in northern Gaza)." Tá an trodaíocht fós ar bun (i dtuaisceart Gaza)." Netanyahu also said that a decision has yet to be made regarding military capture of the "Philadelphia Corridor" that runs along the Gaza border with Egypt. Dúirt Netanyahu chomh maith go bhfuil cinneadh fós le déanamh maidir le gabháil mhíleata ar "Chonair Philadelphi" a ritheann feadh theorainn Gaza leis an Éigipt. "The area could be closed in an attempt to trap Hamas there, according to Israel's campaign plan," but Netanyahu said "there are several options," including sending Israeli forces into the Philadelphia Corridor. "D'fhéadfaí an ceantar a dhúnadh in iarracht Hamas a sháinniú ann, de réir phlean fheachtas Iosrael," ach dúirt Netanyahu "go bhfuil roinnt roghanna ann," ina measc sin tá fórsaí Iosrael a chur isteach i gConair Philadelphi. Israel in Gaza fighting for "their right to live in safety" - Netanyahu In a televised address, Israeli Army chief Herzi Halevi said that Israeli soldiers are in Gaza for "their right to live in safety" and they will not forget ever since the Hamas attack on...

14m
Jan 14
20240112_IRISH_taoiseach_ar_cuairt_dha_la_chuig_iarthar_na_mbalcan

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yvk3uw3q Contact: irishlingos@gmail.com Taoiseach on a two-day visit to the Western Balkans. Taoiseach ar cuairt dhá lá chuig Iarthar na mBalcán. Taoiseach Leo Varadkar is in Kosovo today for talks about that country's application for membership in the European Union. Tá an Taoiseach Leo Varadkar sa Chosaiv inniu le haghaidh comhráite faoin iarratas atá déanta ag an tír sin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. The Taoiseach is discussing the issue with Kosovo's political leaders in the capital Pristina as part of a two-day visit to three countries in the Western Balkans. Tá an Taoiseach ag plé na ceiste le ceannairí polaitiúla na Cosaive sa phríomhchathair Pristine mar chuid de chuairt dhá lá atá sé a thabhairt ar thrí thír in Iarthar na mBalcán. Tomorrow, the Taoiseach will go to Podgairítse, the capital of Montenegro, and after that to Skopje, the capital of North Macedonia, where he will have conversations with politicians in those two countries about their application for membership in the European Union. Amárach, rachaidh an Taoiseach go dtí Podgairítse, príomhchathair Mhontainéagró, agus ina dhiaidh sin go dtí Scóipé, príomhchathair na Macadóine Thuaidh, mar a mbeidh comhráite aige le polaiteoirí sa dá thír sin faoin iarratas atá déanta acu féin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. Matters of peace and security in the region will also be discussed in the joint talks, especially in light of the war in Ukraine. Beidh cúrsaí síochána agus slándála sa réigiún faoi chaibidil sna comhchainteanna freisin, go háirithe i bhfianaise an chogaidh san Úcráin. This afternoon, the Taoiseach will visit the thirteen members of the Defense Forces who are stationed in Pristina as part of an international peacekeeping mission in Kosovo led by the North Atlantic Treaty Organization. Tráthnóna inniu, rachaidh an Taoiseach ar cuairt chuig na trí chomhalta dhéag d'Óglaigh na hÉireann atá ar fiannas i bPristine mar chuid de mhisean idirnáisiúnta síochánaíochta sa Chosaiv a bhfuil Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh ina cheann. Leo Varadkar will also speak to members of the Garda Síochána who are on duty in Kosovo as part of the European Union's 'rule of law' mission. Labhróidh Leo Varadkar freisin le comhaltaí den Gharda Síochána atá ar fiannas sa Chosaiv mar chuid de mhisean 'riail an dlí' an Aontais Eorpaigh. The Irish Government is in favor of granting membership of the European Union to Kosovo, Montenegro and North Macedonia, and the Taoiseach will be advising the politicians of those countries on the best way to speed up the process. Tá Rialtas na hÉireann i bhfabhar ballraíocht san Aontas Eorpach a lamháil don Chosaiv, do Mhontainéagró agus don Mhacadóin Thuaidh, agus beidh an Taoiseach ag cur comhairle ar pholaiteoirí na dtíortha sin faoin dóigh is fearr le dlús a chur leis an bpróiseas. He will be recommending them, above all, to amend and improve their governance policies. Beidh sé ag moladh dóibh, thar aon ní eile, a gcuid polasaithe rialachais a leasú agus a fheabhsú. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

9m
Jan 12
20240111_IRISH_cruinniu_ag_blinken_agus_abbas_sa_bhruach_thiar

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yudjvq5l Contact: irishlingos@gmail.com Meeting at Blinken and Abbas in the West Bank. Cruinniú ag Blinken agus Abbas sa Bhruach Thiar. American Secretary of State Antony Blinken and Palestinian Authority President Mahmud Abbas had a meeting in Ramallah in the West Bank today to discuss the crisis in Gaza. Bhí cruinniú in Ramallah sa Bhruach Thiar inniu ag Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken agus Uachtarán Údarás na Palaistíne Mahmud Abbas chun an ghéarchéim in Gaza a phlé. The Israelis say they killed "dozens of terrorists" and raided 150 locations since yesterday in Al-Maghazi in central Gaza and Khan Younis in the south of the enclave. Deir na hIosraelaigh gur mharaigh siad "na dosaein sceimhlitheoirí" agus gur thug siad faoi 150 ionad ó inné in Al-Maghazi i lár Gaza agus in Khan Younis i ndeisceart na hiamhchríche. According to the Palestinians, 70 people were killed and another 130 were injured as a result of attacks carried out by Israeli forces on different parts of Gaza during the night. Dar leis na Palaistínigh gur maraíodh 70 duine agus gur gortaíodh 130 eile de bharr ionsaithe a rinne fórsaí Iosrael ar áiteanna éagsúla in Gaza i gcaitheamh na hoíche. The Israelis have killed at least 23,000 people in Gaza since the beginning of October, not to mention the tens of thousands they have injured. Tá 23,000 duine ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza ó thús Dheireadh Fómhair, gan trácht ar na scórtha míle atá leonta acu. In that amount, the bodies of another 8,000 people are included being hidden by the debris of the buildings that have been destroyed by Israeli bombs. I gceann an mhéid sin, áirítear coirp 8,000 duine eile a bheith folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh atá leagtha go lár ag buamaí na nIosraelach. Despite this, Antony Blinken said before the meeting with Mahmud Abbas that he believed that the Government of Israel and certain Palestinian leaders had to join forces and reach a peace agreement. Ainneoin an áir, dúirt Antony Blinken roimh an gcruinniú le Mahmud Abbas gur chreid sé go gcaithfeadh Rialtas Iosrael agus ceannairí áirithe na bPalaistíneach dul i gcomhar le chéile agus teacht ar chomhaontú síochána. He added that the Palestinian Authority had an obligation to reform itself and improve its governance approach. Dúirt sé freisin go raibh dualgas ar Údarás na Palaistíne é féin a leasú agus a chur chuige rialachais a fheabhsú. Antony Blinken also drew attention to the attacks by Israeli settlers on places in the West Bank and the illegal settlements that the Israeli Government has built in Palestinian territories. Tharraing Antony Blinken aird chomh maith ar na hionsaithe atá lonnaitheoirí Iosraelacha a dhéanamh ar áiteanna sa Bhruach Thiar agus ar na lonnaíochtaí mídhleathacha atá Rialtas Iosrael a thogáil i gcríocha Palaistíneacha. He claimed that actions like these would make it more difficult for Israelis to live peacefully. Mhaígh sé go mbeadh sé níos deacra ag na hIosraelaigh maireachtáil go síochánta de dheasca gníomhartha mar iad. At a press event he had with Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu in Tel Aviv yesterday, Antony Blinken said that the suffering of the people of Gaza - especially the children - is too severe due to the place being besieged by the Israelis. Ag preasócáid a bhí aige le Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu in Tel Aviv inné, dúirt Antony Blinken gur róghéar atá fulaingt mhuintir Gaza – go háirithe na leanaí – de bharr an áit a bheith faoi léigear ag na hIosraelaigh. The United Nations estimates that around 1.9 million people have been displaced from their homes in Gaza, and without their needs met, since the Israelis began shelling the area three months ago. Measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil thart ar 1.9 milliún duine curtha as a mbailte in Gaza, agus gan riar a riachtanais acu,

12m
Jan 11
20240106_IRISH_an_fheile_cheoil_traidisiunta_is_mo_sa_tir.seolta

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ykc2u773 Contact: irishlingos@gmail.com The biggest traditional music festival in the country. launched. An fhéile cheoil traidisiúnta is mó sa tír.seolta. Trad Fest 2024 was launched on O'Connell Street in the center of Ballyclaith City this morning. Ar Shráid Uí Chonaill i lár Chathair Bhaile Átha Claith ar maidin a seoladh Trad Fest 2024. This is the biggest traditional music festival in the country. Is í seo an fhéile cheoil traidisiúnta is mó sa tír. The festival will take place between 24-28 January. Beidh an fhéile ar siúl idir 24-28Eanáir. Singer Aoife Scott began her career as a singer at the festival 10 years ago. Chuir an t-amhránaí Aoife Scott tús lena gairm beatha mar amhránaí ag an bhféile 10 mbliana ó shin. Although young musicians are leaving the city without accommodation, she says that the festival is particularly important because traditional musicians take center stage on the city's main platforms. Cé go bhfuil ceoltóirí óga ag fágáil na cathrach ceal lóistín deir sí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bhféile mar go mbíonn ceoltóirí traidisiúnta i lár an aonaigh ar phríomh ardáin na cathrach. Acclaimed musician Mairéad Ní Mhaonaigh says she hopes to present the music session 'Transatlantic Women' with singers Aoife O'Donovan, Alison Brown and Edwina Guckian and other prominent musicians. Deir an ceoltóir cliútach Mairéad Ní Mhaonaigh go bhfuil sí ag súil leis an seisiún ceoil 'Transatlantic Women' a chur i láthair leis na hamhránaithe Aoife O’Donovan, Alison Brown agus Edwina Guckian agus ceoltóirí eile mór le rá. 100 concerts will be held in various venues in Dublin during the festival. Beidh 100 ceolchoirm á reachtáil in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh na féile. More information is available on tradfest's social media accounts: Instagram @tradfestdublin, X @trad_fest, TikTok @tradfest and Facebook Tradfest. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar chuntais mheáin shóisialta tradfest: Instagram @tradfestdublin, X @trad_fest, TikTok @tradfest agus facebook Tradfest.

1m
Jan 06