jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/23k3tmdm
Contact: irishlingos@gmail.com
Israelis still vowed a full invasion of Rafah.
Iosraelaigh fós mionnaithe ionradh iomlán a dhéanamh ar Rafah.
Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu has once again declared that the country's soldiers will completely invade the city of Rafah in the south of Gaza after more western countries asked him not to implement his resolution.
Tá sé dearbhaithe arís eile ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go ndéanfaidh saighdiúirí na tíre ionradh iomlán ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza i ndiaidh gur iarr tuilleadh tíortha san iarthar air gan a rún a chur i ngníomh.
French President Emmanuel Macron is one of the biggest allies of the Israelis but in a telephone conversation last night he pleaded with Benjamin Netanyahu not to send the foot soldiers and tanks into Rafah.
Tá Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar dhuine de na comhghuaillithe is mó atá ag na hIosraelaigh ach i gcomhrá teileafóin aréir d'achainigh sé ar Benjamin Netanyahu gan an cos-slua agus na tancanna a chur isteach in Rafah.
Not to mention the devastation and damage already done in that city by the Israeli forces, what is worrying Macron is that things will go from bad to worse and that his life there will be a disaster.
Gan trácht ar an sléacht agus an lot atá déanta sa chathair sin cheana féin ag fórsaí Iosrael, is é atá ag déanamh scime do Macron gur ó mhaoil go mullóg a rachas cúrsaí agus gur léirscrios luanscrios a bheas ann.
In light of what Netanyahu has said, however, he will not do anything to the Frenchman, as the Israelis have not yet responded to the advice that other allies have given them.
I bhfianaise a bhfuil ráite ag Netanyahu, áfach, ní móide go ndéanfaidh sé rud ar fhear na Fraince, arae níl nath curtha ag na hIosraelaigh go dtí seo sa chomhairle atá curtha orthu ag comghuaillithe eile leo.
In a joint statement issued by the Prime Ministers of Canada, Australia and New Zealand, the Israelis are requested not to invade Rafah.
I gcomhráiteas a d'eisigh Príomh-Airí Cheanada, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne, achainítear ar na hIosraelaigh gan ionradh a dhéanamh ar Rafah.
The three leaders say in their statement that it would be a disaster and that Palestinian civilians would suffer greatly as a result.
Deir an triúr ceannairí ina ráiteas gur tubaiste a bheadh ann agus go bhfulaingeodh sibhialtaigh Phalaistíneacha go mór dá dheasca.
It is his manhood by the German Foreign Minister Annalena Baerbock.
Is é a fhearacht é ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine Annalena Baerbock.
While visiting Israel, she said that the people stuck in Rafah had nowhere else to go.
Agus í ar cuairt ar Iosrael, dúirt sí nach raibh aon áit eile le dul ag na daoine atá sáinnithe in Rafah.
Yesterday, Taoiseach Leo Varadkar and Spanish Prime Minister Pedro Sanchez both asked the European Commission to consider what is going on in Gaza in the light of the human rights obligations of the Israelis and act accordingly according to
Inné, d'iarr an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez araon, d'iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach a bhfuil ar bun in Gaza a bhreithniú i bhfianaise na n-oibleagáidí cearta daonna atá ar na hIosraelaigh agus gníomhú dá réir.
However, the Israeli military forces are swarming around Rafah and they are always making all preparations for the invasion they plan to do on the place.
Ar a shon sin, tá fórsaí míleata Iosrael ag drundáil thart ar Rafah agus iad ag déanamh gach úmachan i gcónaí i gcomhair an ionraidh atá beartaithe acu a dhéanamh ar an áit.
About 1.4 million people are currently living in Rafah who are refugees from their base, people who fled before the Israelis in other places in Gaza.
Tá thart ar 1.4 milliún duine ag baint fúthu in Rafah faoi láthair ar dídeanaithe a mbunáite, daoine a theith roimh na hIosraelaigh in aiteanna ei...