jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ywvltwb5 Contact: irishlingos@gmail.com Molly Martens Corbett, Tom Martens to remain in prison. Molly Martens Corbett, Tom Martens le fanacht i bpríosún. The prison service in North Carolina in the United States has admitted that a mistake was made when calculating how long Molly Martens Corbett and her father Tom Martens were to spend in prison. Tá sé admhaithe ag an tseirbhís phríosúin in North Carolina sna Stáit Aontaithe go ndearnadh dearmad nuair a bhíothas ag ríomh cén fad a bhí le caitheamh i bpríosún ag Molly Martens Corbett agus ag a hathair Tom Martens. It was revealed yesterday that the two were to be released this week but it was later announced that they would be kept in prison until next June. Tugadh le fios inné go raibh an bheirt le scaoileadh saor an tseachtain seo ach fógraíodh ina dhiaidh sin go gcoinneofaí i bpríosún iad go dtí mí an Mheithimh seo chugainn. Molly Martens Corbett and Tom Martens were convicted in the murder of Jason Corbett, a 39-year-old man from Limerick who was beaten and killed in his home in North Carolina eight years ago. Ciontaíodh Molly Martens Corbett agus Tom Martens i ndúnorgain Jason Corbett, fear 39 bliain d'aois as Luimneach a bascadh agus a maraíodh ina theach in North Carolina ocht mbliana ó shin. Before it was confirmed last night that they were to be kept in prison, the family of Jason Corbett in Limerick indicated that the report about the release of the two had hurt them greatly and said that the authorities in North Carolina had wronged them. Sular deimhníodh aréir go raibh siad le coinneáil i bpríosún, thug teaghlach Jason Corbett i Luimneach le fios gur ghoill an tuairisc faoi shaoradh na beirte go mór orthu agus dúirt go raibh loicthe ag na húdaráis in North Carolina orthu. Molly Martens Corbett was married to Jason Corbett, a business manager whose body was found in the master bedroom of the couple's home in Wallburg, North Carolina in August 2015. Bhí Molly Martens Corbett pósta ar Jason Corbett, bainisteoir gnó a bhfuarthas a chorp sa phríomhsheomra codlata i dteach cónaithe na lánúine in Wallburg, North Carolina i mí Lúnasa 2015. Jason Corbett's two young children – Sarah and Jack – were in the house at the time. Bhí beirt pháistí óga Jason Corbett – Sarah agus Jack – sa teach ag an am. The children's mother died in 2006 and Jason Corbett married Molly Martens in Limerick in 2011 before the family moved to America. Cailleadh máthair na bpáistí in 2006 agus phós Jason Corbett Molly Martens i Luimneach in 2011 sular bhog an teaghlach go Meiriceá. In 2017, Molly Martens Corbett and Tom Martens were convicted of Jason Corbett's murder and sentenced to 20 years and 25 years in prison respectively. In 2017, ciontaíodh Molly Martens Corbett agus Tom Martens i ndúnmharú Jason Corbett agus gearradh príosún 20 bliain agus 25 bliain ar an dís faoi seach. That conviction was overturned in 2020 on the grounds, it was said, that important evidence was withheld from the jury at trial. Cuireadh an ciontú sin ar neamhní in 2020 ar an mbonn, a dúradh, gur coinníodh fianaise thábhachtach ón ngiúiré sa triail. Last October, however, they pleaded guilty to voluntary manslaughter. I mí Dheireadh Fómhair seo caite, áfach, phléadáil siad ciontach i ndúnorgain thoilteanach. RTÉ News and Current Affairs Molly Martens Corbett and Tom Martens Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Molly Martens Corbett agus Tom Martens
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yqqcvvob Contact: irishlingos@gmail.com Concern in Kerry about more refugees being sent there. Imní i gCiarraí faoina thuilleadh teifeach a bheith á gcur ann. An additional 100 refugees from Ukraine have been ordered to live in Kilarne, Co Kerry, from now until the end of the year. Tá bordaithe ar 100 dídeanaí breise ón Úcráin le dul chun cónaithe i gCill Airne, Co Chiarraí, as seo go deireadh na bliana. The Integration Department indicated yesterday that they have made an arrangement with the company Millstreet Equestrian Services, owned by the Dúgan family from Mill Street, to provide accommodation for the refugees. Thug an Roinn Lánpháirtíochta le fios inné go bhfuil socrú déanta acu leis an gcomhlacht Millstreet Equestrian Services, ar le muintir Dhúgáin ó Shráid an Mhuilinn é, chun cóiríocht a chur ar fáil do na dídeanaithe. It is where the Convent of Torvirte used to be on New Street in Killarney that the refugees settled. Is san áit a mbíodh Clochar na Toirbhirte ar an tSráid Nua i gCill Airne a bheas na dídeanaithe ag cur fúthu. The Dúgáin family bought the convent last summer for €3 million, twice the asking price in the first place. Cheannaigh muintir Dhúgáin an clochar an samhradh seo caite ar €3 mhilliún dhá oiread an mhéid a hiarradh air ar an gcéad dul síos. The place has since been renovated and has 26 rooms and a chapel. Tá an áit athchóirithe ó shin agus tá 26 seomra agus séipéilín ann. It is reported that the Dúgan family are determined to open a hotel on the site in the long run. Tuairiscítear go bhfuil muintir Dhúgáin meáite ar óstán a oscailt ar an suíomh i bhfad na haimsire. Millstreet Equestrian Services is one of the largest companies in the country that provides accommodation services to the State, including Dresen Castle in Mill Street. Ta Millstreet Equestrian Services ar cheann de na comhlachtaí is mó sa tír a chuireann seirbhísí cóiríochta ar fáil don Stát, lena n-áirítear Caisleán an Driseáin i Sráid an Mhuilinn. Last month, Kerry County Council wrote to the Department of Integration asking not to send any more refugees or asylum seekers to Kerry because, they say, 10% of all Ukrainians in the country are already in Kerry and not services can only be provided to a certain amount of people. An mhí seo caite, scríobh Comhairle Contae Chiarraí chuig an Roinn Lánpháirtíochta ag iarraidh gan tuilleadh teifeach ná iarrthóirí tearmainn a chur go Ciarraí ar an gcúis, a deir siad, go bhfuil 10 faoin gcéad d'Úcránaigh na tíre go léir i gCiarraí cheana féin agus nach bhfuiltear in acmhainn seirbhísí a chur ar fáil ach do mhéid áirithe daoine. According to official figures obtained by RTÉ News, 3,760 refugees from Ukraine are currently located in the town of Killarney, compared to around 2,000 in Cork city. De réir figiúirí oifigúla atá faighte ag Nuacht RTÉ, tá 3,760 teifeach ón Úcráin lonnaithe i mbaile Chill Airne faoi láthair, ar ghualainn thart ar 2,000 i gcathair Chorcaí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yowplydd Contact: irishlingos@gmail.com Gaza: Israeli forces in the center of Khan Younis, civilians on the ground. Gaza: fórsaí Iosrael i lár Khan Younis, sibhialtaigh ar an bhfán. The United Nations says 600,000 people in southern Gaza who have been ordered by Israeli forces to leave their towns soon have nowhere to go. Deir na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon áit le dul ag 600,000 duine i ndeisceart Gaza ar ordaigh fórsaí Iosrael dóibh a mbailte a thréigean gan mhoill. According to the senior executive of the United Nations in the Palestinian territories, Philippe Lazzarini, half of those people have already left their burned-out towns but they are on the way since all the shelters have been full to the brim for a long time. Dar le feidhmeannach sinsearach na Náisiún Aontaithe sna críocha Palaistíneacha, Philippe Lazzarini, go bhfuil leath na ndaoine sin tar éis a mbailte a fhágáil ina dtáinte cheana féin ach gur ar an bhfán atá siad ó tá na hionaid dídine ar fad lán go boimbéal le fada. Although the Israelis have given instructions to the pilgrims to go to specific 'safe areas', the United Nations says that nowhere in Gaza is safe and that the Israelis are pretending. Cé go bhfuil treoracha tugtha ag na hIosraelaigh do na fánaithe dul chuig 'ceantair shábháilte' faoi leith, deir na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon áit in Gaza sábháilte agus gur ag cur i gcéill atá na hIosraelaigh. Another thing is that these 'safe areas' are barren areas of land that have no resources or human resources at all, according to a local official from the United Nations. Rud eile de, is geadáin talún aimride atá sna 'ceantair shábháilte' seo nach bhfuil acmhainn ná áiseanna daonna dá laghad iontu, dar le hoifigeach áitiúil ó na Náisiúin Aontaithe. It is estimated that over 80% of the people of Gaza - both north and south - have been driven from their towns by this. Meastar go bhfuil os cionn 80 faoin gcéad de mhuintir Gaza – idir thuaidh agus theas – ruaigthe as a mbailte faoi seo. In this persecution, blood is constantly being shed. I gceann na géarleanúna seo, tá an fhuil á doirteadh i gcónaí. The Israelis have declared that their soldiers have reached the center of the city of Khan Younis in the south of Gaza and that they are going to fight with the Hamas forces there. Tá sé dearbhaithe ag na hIosraelaigh go bhfuil lár chathair Khan Younis i ndeisceart Gaza bainte amach ag a gcuid saighdiúirí agus go bhfuil siad ag dul i gcomhrac le lucht airm Hamas ann. The Israelis say they are determined to kill the Hamas leaders they believe are hiding in Khan Younis. Deir na hIosraelaigh go bhfuil rún daingean acu ceannairí Hamas a chreideann siad atá ina bhfolach in Khan Younis a bhású. In northern Gaza, Israeli forces are targeting specific areas in Gaza City, especially Jabalia. I dtuaisceart Gaza, is ag díriú ar cheantair faoi leith i gCathair Gaza, go háirithe Jabalia, atá fórsaí Iosrael. Of course, hundreds of thousands of civilians live in those places, many of them in the rubble of buildings flattened by Israeli bombs. Dar ndóigh, tá na céadta míle sibhialtach ina gcónaí sna háiteanna sin, cuid mhór acu i smionagar na bhfoirgneamh atá leacaithe ag buamaí na nIosraelach. Almost 16,000 people have been killed by the Israelis in Gaza in two months - 7,000 children among them - in the raids carried out by armed groups of Hamas on the south of Israel on October 7. Nach mór 16,000 duine atá maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le dhá mhí – 7,000 leanbh ina measc – i ndíol an ruathair a thug buíonta armtha Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair. Hamas killed 1,200 people that day, including civilians and children. Mharaigh lucht Hamas 1,200 duine an lá sin, sibhialtaigh a mbunáite agus leanaí ina measc. RTÉ News and Current Affairs Homeless people on the side of the road in Khan Younis,
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ys9ez5e9 Contact: irishlingos@gmail.com Israel's renewed fighting in Gaza. An trodaíocht atosaithe ag Iosrael i nGaza. Israel announced this morning that it is resuming hostilities in Gaza, and carried out several airstrikes on the enclave after accusing Hamas of firing bullets into Israel while a ceasefire was in effect. D'fhógair Iosrael ar maidin go bhfuil sí ag dul i mbun na cogaíochta arís i nGaza, agus rinne roinnt aer-ruathair ar an iamhchríoch tar éis a chur i leith Hamas gur scaoil siad urchair i dtreo Iosrael fad a bhí sos comhraic i bhfeidhm. The Israeli army, and IDF, say that military jets were carrying out attacks on 'Hamas terrorist' centers in Gaza. Deir arm Iosrael, and IDF, go raibh scairdeitleáin míleata i mbun ionsaithe ar ar ionaid 'sceimhlitheoireachta Hamas' i nGaza. Gaza's health ministry confirmed that three people were killed in Rafah, where many Palestinians fled after an Israeli order to leave the north of the territory. Dheimhnigh aireacht sláinte Gaza gur maraíodh triúr i Rafah, áit ar theith go leor Pailistíneach chuige tar éis ordú ó Iosrael tuaisceart na críche a fhágáil. Hamas militias are understood to have been ordered to resume fighting, and are reported to be fighting heavily in several areas of Gaza city. Tuigtear gur tugadh ordú do mhílistigh Hamas dul i mbun na trodaíochta arís, agus tuaisicítear é bheith ag go tréan i roinnt ceantar i gcathair Gaza. There is now little hope of any further extension to the seven-day pause that saw hostages exchanged and bailouts arrive in Gaza. Is beag dóchas atá anois ann go gcuirfear síneadh ar bith eile leis an sos seacht lá a chonaic gialla á malartú agus fóirithint ag teacht i nGaza. The American Secretary of State Anthony Blinken, who was in the region yesterday, had requested an extension of the cease-fire yesterday, and he also warned about protecting civilians in Palestine from further fighting. Bhí síneadh leis an sos comhraic iarrtha inné ag Stát-Rúnaí Mheiriceá Anthony Blinken a bhí sa réigiún inné, agus chuir sé fainic freisin faoi shibhialtaigh sa Phailistin a chosaint óna thuilleadh trodaíochta. Blinken said that Israel must clearly assign areas in central and southern Gaza where civilians can find shelter from the fighting. Dúirt Blinken go gcaithfeadh Iosrael limisitéir i lár agus i ndeisceart Ghaza a shannadh go ríshoiléir mar ar féidir le sibhialtaigh foscadh a fháíl on gcogaíocht. Those 7 days were the only break in the fighting since October 7 when Hamas broke through the Israeli border. Ba iad na 7 lá sin an t-aon bhriseadh a bhí sa chogaíocht ón 7 Deireadh Fómhair nuair a bhris Hamas thar teorainn Iosrael isteach. Israel says Hamas killed 1,200 people in the attack, most of them civilians, and kidnapped about 240 In response to the attack, Israel vowed to eliminate Hamas and launched a ground and air military campaign against Gaza. Deir Iosrael gur mharaigh Hamas 1,200 duine san ionsaí, sibhialtaigh a bhformhór, agus d'fhuadaigh tuairim is 240 Mar fhreagra ar an ionsaí, gheall Iosrael go gcuirfí deireadh le Hamas agus chuaigh i mbun fheachtas mhíleata talún agus aeir in aghaigh Gaza. The Hamas government says over 15,000 people have been killed, and the enclave's infrastructure has been destroyed. Deir rialtas Hamas go bhfuil os cionn 15,000 duine maraithe, agus rinneadh scrios ar infrastruchtúr na hiamhchríche. A hostage exchange took place during the ceasefire, 80 Israeli hostages against 240 Palestinian hostages. Rinneadh malartú giall i rith an tsosa comhraic, 80 giall Iosraelach in aghaidh 240 giall Pailistíneach.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yqcwf9nc Contact: irishlingos@gmail.com Legendary singer Shane MacGowan has died. An t-amhránaí mór le rá Shane MacGowan tar éis bháis. Legendary singer Shane MacGowan has died. Tá an t-amhránaí mór le rá Shane MacGowan tar éis bháis. He was 65 years old and had been ill for a long time. Bhí sé 65 bliain d'aois agus bhí sé tinn le hatha fhada. Shane MacGowan rose to fame in the 1980s as the lead singer of the band The Pogues. Bhain Shane MacGowan cáil amach sna 1980í mar phríomhamhránaí an bhanna ceoil The Pogues. He also wrote most of the songs recorded by the Pogues in that era and one of his essays, Fairytale of New York, is one of the best known Christmas songs in pop music. Ba é freisin a scríobh an chuid is mó de na hamhráin a thaifead na Pogues sa ré sin agus ceann dá aistí, Fairytale of New York, tá sé ar cheann de na hamhráin Nollag is aitheanta sa phopcheol. In a statement posted on social media, the Pogues said they were saddened to announce that Shane MacGowan had passed away. I ráiteas a postáladh ar na meáin shóisialta, dúirt na Pogues gur dhoiligh leo a fhógairt go raibh Shane MacGowan éagtha. The statement said that he passed away at 3 o'clock this morning, and that his wife Victoria Mary Clarke and his family were by his side when he passed away. Dúradh sa ráiteas gur bás le hadhairt a fuair sé ag 3 a chlog ar maidin inniu, agus go raibh a bhean chéile Victoria Mary Clarke agus a theaghlach lena thaobh nuair a shíothlaigh sé. In a post she posted on Instagram, Victoria said she was deeply saddened by Shane's death and that her grief is beyond words. I bpostáil a chuir sí ar Instagram, dúirt Victoria gur méala mór di bás Shane agus go bhfuil an brón atá uirthi thar insint. Shane MacGowan had recently spent a few months in St Vincent's Hospital in Dublin and it has only been a week since he was released from hospital. Bhí cúpla mí caite ag Shane MacGowan in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath le gairid agus níl ach seachtain caite ó scaoileadh amach as an ospidéal é. Shane McGowan was born on Christmas Day 1957 in Kent, England. Is in Kent i Sasana a rugadh Shane McGowan Lá Nollag 1957. His father was from Dublin and his mother from Tipperary. Ba as Baile Átha Cliath a athair agus Tiobradach a bhí ina mháthair. It was indeed in Tipperary that he spent a good part of his childhood, where he was greatly influenced by the local traditional and country music. Ba i dTiobraid Árann go deimhin a chaith sé cuid mhaith dá óige, mar a ndeachaigh ceol traidisiúnta agus ceol tíre na háite go mór i gcion air. In 1977, Shane MacGowan formed the punk band The Nips out of nowhere with his girlfriend Shanne Bradley. I 1977, bhunaigh Shane MacGowan an banna ceoil punc The Nips in éindí lena chailín Shanne Bradley. When the Nips disbanded he formed Pogue Mahone in 1982 and the group's name was changed to The Pogues two years later. Nuair a scoir na Nips bhunaigh sé Pogue Mahone i 1982 agus athraíodh ainm an ghrúpa go dtí The Pogues dhá bhliain ina dhiaidh sin. Red Roses for Me is the first album released by the Pogues and songs such as Dark Streets of London, Waxie's Dargle and Boys from the County Hell were among the songs that pricked ears and attracted fans, especially young Irish people in England. Is é Red Roses for Me an chéad albam a chuir na Pogues amach agus bhí amhráin mar Dark Streets of London, Waxie's Dargle agus Boys from the County Hell i measc na n-amhrán a bhioraigh cluasa agus a mheall lucht leanúna, go háirithe Éireannaigh óga i Sasana. There were more songs with him on the second album Rum Sodomy Bhí tuilleadh amhrán leis ar an dara halbam Rum Sodomy & the Lash, a raibh an-tóir air ar fud an domhain, go háirithe ar an leagan de Dirty Old Town a eisíodh mar shingil. The public was also very impressed with the Irish ballad The Irish Rover which he recor...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yvbbosyn Contact: irishlingos@gmail.com Taser guns, two water cannons to be provided to the Gardai. Gunnaí taser, dhá chanóin uisce le cur ar fáil do na Gardaí. The Commissioner of the Garda Síochána Drew Harris has confirmed that taser guns are to be made available to all members of the Public Order Unit of the Gardaí in view of the riots that were in the center of Dublin a week ago. Tá sé dearbhaithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil gunnaí taser le cur ar fáil do gach comhalta d'Aonad Oird Phoiblí na nGardaí i bhfianaise na gcíréibeacha a bhí i lár Bhaile Átha Cliath seachtain ó shin. Two water canons are also to be purchased. Táthar le dhá chanóin uisce a cheannach freisin. In that regard, according to Commissioner Harris, Gardai will start using body cameras from the middle of next year and will be provided with more safety equipment, including stronger protective spray. Ina cheann sin, de réir an Choimisinéara Harris, tosóidh Gardaí ag baint leas as ceamaraí colainne ó lár na bliana seo chugainn agus cuirfear tuilleadh fearas sábháilteachta ar fáil dóibh, sprae cosanta níos láidre ina measc. Speaking at a hearing of the Oireachtas Law and Justice Committee, Commissioner Harris indicated that the Gardaí had already been making changes to their operations since the riots. Ag labhairt dó ag éisteacht de Choiste Dlí agus Cirt an Oireachtais, thug an Coimisinéir Harris le fios go raibh athruithe á ndéanamh cheana féin ag na Gardaí ar a gcuid oibríochtaí ó bhí na círéibeacha ann. He also said that more Gardaí would be trained in matters of public order and promised that Gardaí would be seen and visible in the capital during Christmas. Dúirt sé freisin go mbeadh tuilleadh Gardaí á n- oiliúint i gcúrsaí oird phoiblí agus gheall sé go mbeadh Gardaí le feiceáil agus le sofheiceáil sa phríomhchathair i gcaitheamh na Nollag. That is on the back of the Police Authority's review of the resources currently available to the Gardai, as announced by the Minister for Justice Helen McEntee yesterday. É sin ar mhuin an athbreithnithe atá an tÚdarás Póilíneachta a dhéanamh ar na hachmainní atá ag na Gardaí faoi láthair, mar a d'fhógair an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee inné. According to Drew Harris, those who were rioting in Dublin last week are a minority and he claimed that those people misused the suffering of others for their own narrow and ugly cause. Dar le Drew Harris gur mionlach atá sa dream a bhí ag réabadh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus mhaígh sé gur bhain na daoine sin mí- úsáid as fulaingt dhaoine eile ar son a gcúise cúngaigeanta agus gránna féin. While defending the way the Garda Síochána worked during the riots, Commissioner Harris said that as bad as the disorder in Dublin was that night, it did not last as long as the disorder in other capitals (in Europe). before this. Agus é ag cosaint mhodh oibre an Gharda Síochána le linn na gcíréibeacha, dúirt an Coimisinéir Harris dá dhonacht an mí-ord i mBaile Átha Cliath an oíche sin nár mhair sé chomh fada leis an mí-ord a bhí i bpríomhchathracha eile (san Eoraip) roimhe seo. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ylcmrgr4 Contact: irishlingos@gmail.com Two in court for an attack by a dog on a boy. Beirt os comhair cúirte faoi ionsaí a rinne madra ar bhuachaill. A woman and a man who pleaded guilty to charges related to the attack of a nine-year-old boy by a dog that left him with serious facial injuries are due to be sentenced next January. Tá pianbhreith le gearradh i mí Eanáir seo chugainn ar bhean agus ar fhear a phléadáil ciontach i gcúisimh a bhaineann le hionsaí a rinne madra ar bhuachaill naoi mbliana d'aois agus ar bhain drochghortuithe san éadan dó dá bharr. Both were before Wexford Circuit Court this morning. Bhí an bheirt os comhair Chúirt Chuarda Loch Garman ar maidin inniu. They are Karen Miller and Niall Byrne from Fernanna Cearta, Enniscorthy, Co Wexford. Sin iad Karen Miller agus Niall Byrne as Fearann na Ceárta, Inis Córthaidh, Co Loch Garman. Karen Miller pleaded guilty to two counts of endangering a person when a pit bull attacked Alejandro Mizsan on November 23, 2022 and another boy four days earlier. Phléadáil Karen Miller ciontach in dhá chúis a bhaineann le duine a chur i gcontúirt nuair a rinne tarbh-bhrocaire ionsaí ar Alejandro Mizsan ar an 23 Samhain 2022 agus ar bhuachaill eile ceithre lá roimhe sin. Niall Byrne pleaded guilty to inhumanely destroying a dog and is also accused of making threats to kill a person or people. Phléadáil Niall Byrne ciontach i madra a dhíothú go mídhaonnachtúil agus tá sé cúisithe freisin i mbagairtí a dhéanamh duine nó daoine a mharú. Niall Byrne was remanded in custody and Karen Miller was released on bail until 11 January 2024. Cuireadh Niall Byrne siar faoi choinneáil agus scaoileadh saor ar bannaí Karen Miller go dtí 11 Eanáir 2024. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ys3z9eh8 Contact: irishlingos@gmail.com Dáíth MacGaphann waiting 2,000 days for a new heart. Dáithí Mac Gabhann ag fanacht 2,000 lá le croí nua. Dáithí Mac Gabhann, a seven-year-old boy from Belfast, has been waiting for a new heart for 2,000 days now. Is le 2,000 lá anois atá Dáithí Mac Gabhann, buachaill seacht mbliana d'aois as Béal Feirste, ag fanacht le croí nua. It is an unwanted milestone, but Dáíthí's father has seized the opportunity to draw public attention to his son's situation. Cloch mhíle nár theastaigh atá ann ach tá an deis tapaithe ag athair Dháithí le aird an phobail a tharraingt ar chás a mhic. It is not the first time that Dáíthí's case has been in the limelight. Ní hé an chéad uair é ag cás Dháithí a bheith faoi iomrá. In the beginning of the summer – as a result of a long campaign by his family – a new law was introduced in the North under which almost every adult who has died is now considered an organ donor. I dtús an tsamhraidh – de thoradh fheachtas fada a mhuintire – tugadh isteach dlí nua sa Tuaisceart faoin mbreathnaítear anois ar bheagnach gach duine fásta atá tar éis bháis mar dheontóir orgán. It is assumed that people would not mind their organs being used unless they had specifically indicated during their lifetime that they did not wish to donate them. Glactar leis nár mhiste le daoine go mbainfí leas as a gcuid orgán mura raibh sé tugtha le fios go sonrach acu agus iad ina mbeatha nár mhian leo iad a dheonú. The law was called 'Dlí Dáithí' in honor of the murderer. 'Dlí Dháithí' a tugadh ar an dlí in onóir an mhalraigh. A week after the law was implemented, however, the MacGiffin family were informed that doctors were no longer to be included among the people they were prioritizing. Seachtain i ndiaidh don dlí a bheith curtha i bhfeidhm, áfach, cuireadh in iúl do mhuintir Mhic Gabhann nach raibh dochtúirí le Dáithí a áireamh níos mó i measc na ndaoine a raibh siad ag tabhairt tús áite dóibh. Fortunately, he has since been given priority again but he has withdrawn from his family how things could change so suddenly. Ar ámharaí an tsaoil, tá tús áite tugtha dó an athuair ó shin ach bhain sé siar as a mhuintir an chaoi a bhféadfadh cúrsaí athrú chomh tobann. In fact, Máirtín MacGaffann said today that Dáithí will not live long if he does not find a new heart. Go deimhin, dúirt Máirtín Mac Gabhann inniu nach mairfidh Dáithí i bhfad mura bhfaighidh sé croí nua. Dáithí is in a stable condition at the moment but things can change at a moment's notice, he said. Tá bail sheasmhach ar Dháithí faoi láthair ach is feidir le cúrsaí athrú ar iompú boise, arsa sé. Despite the new law, Máirtín MacGaffann appealed to people to register as organ donors and to discuss the situation openly with others in order to improve public awareness of the issue. Ainneoin an dlí nua, d'achainigh Máirtín Mac Gabhann ar dhaoine clárú mar dheontóirí orgán agus an scéal a phlé go hoscailte le daoine eile d'fhonn feasacht an phobail trí chéile ar an gceist a fheabhsú. In addition to Dáíth, up to 150 people in the North are waiting for a new organ. Chomh maith le Dáithí, tá suas le 150 duine sa Tuaisceart ag fanacht le horgán nua. Last year, 96 people in the north received new organs from donors who had died. Anuraidh, fuair 96 duine ó thuaidh orgán nua ó dheontóirí a bhí básaithe. Unfortunately, around fifteen people are lost each year in the North while waiting for a new organ. Ar an drochuair, cailltear thart ar chúig dhuine dhéag gach bliain sa Tuaisceart agus iad ag fanacht le horgán nua. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yrocayda Contact: irishlingos@gmail.com Riots in the capital: over 30 people arrested. Círéibeacha sa phríomhchathair: os cionn 30 duine gafa. The Commissioner of the Garda Síochána Drew Harris has revealed that 34 people have been arrested so far in connection with the riots in the center of Dublin last night. Tá sé tugtha le fios ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil 34 duine gafa go dtí seo faoi na círéibeacha a bhí i lár Bhaile Átha Cliath aréir. Commissioner Harris confirmed that eleven Garda squad cars, two public transport buses and a Luas tram were burnt in the blaze. Dhearbhaigh an Coimisinéir Harris gur dódh aon scuadcharr déag de chuid na nGardaí, dhá bhus iompair phoiblí agus tram Luas sa choinscleo. A number of Gardai were also beaten, one of them badly, he said. Leonadh roinnt Gardaí freisin, duine acu go dona, a dúirt sé. Fireworks, bottles and other material were thrown by Gardaí around the crossroads between O'Connell Street and East Parnell Square near where a man with a knife attacked children and a woman with a knife at lunchtime yesterday. Caitheadh tinte ealaíne, buidéil agus ábhar eile le Gardaí thart ar an gcrosbhóthar idir Sráid Uí Chonaill agus Cearnóg Parnell Thoir in aice leis an áit ar ionsaigh fear dreabhlán páistí agus bean le scian ag am lóin inné. People were outraged by the attack and it is believed that right-wing extremists incited them to surrender to the Gardai. Bhí daoine corraithe faoin ionsaí agus táthar den bharúil gur ghríosaigh antoiscigh ón eite dheis iad le séirse a thabhairt faoi na Gardaí. The Gardaí also say that others took the opportunity to go wild, and commit vandalism and robbery. Deir na Gardaí freisin gur thapaigh daoine eile an deis le dul i bhfiáin, agus loitiméireacht agus robáil a dhéanamh. According to Chief Superintendent Patrick McMenamin it was "a livelihood for a livelihood". Dar leis an Ard-Cheannfort Patrick McMenamin gur "bithiúntas ar son an bhithiúntais" a bhí ann. Condemning the disorder, Taoiseach Leo Varadkar said that it is estimated that around 500 people were involved in the riots. Agus an mí-ord á cháineadh aige, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go meastar gur thart ar 500 duine a bhí páirteach sna scliúchais. Many Gardai are on duty in the city center today, including members of the Public Order Unit. Tá go leor Gardaí ar dualgas i lár na cathrach inniu, comhaltaí den Aonad Oird Phoiblí ina measc. Gardai are carrying out forensic examinations at various locations in the city and road traffic is still prohibited on O'Connell Street and in the Parnell Square area. Tá scrúdúithe dlí-eolaíochta á ndéanamh ag na Gardaí ar ionaid éagsúla sa chathair agus tá cosc go fóill ar thrácht bóthair ar Shráid Uí Chonaill agus i gceantar Chearnóg Parnell. The General Secretary of the Garda Síochána Association of Sergeants and Inspectors, Antoinette Cunningham, has condemned the riots. Tá na círéibeacha cáinte ag Ard-Rúnaí Chumann Sháirsintí agus Chigirí an Gharda Síochána, Antoinette Cunningham. She said Gardai were shocked by the violence in the capital last night and claimed they were under-resourced to deal with it. Dúirt sí go raibh Gardaí suaite ag an bhforéigean a bhí sa phríomhchathair aréir agus mhaígh sí nach raibh dóthain acmhainní acu le dul i ngleic lena leithéid. It is not good enough for Justice Minister Helen McEntee to continue to claim that there are enough Gardai in Dublin, says Antoinette Cunningham, when every Garda knows that is not true. Níl sé sách maith ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee coinneáil uirthi ag maíomh go bhfuil dóthain Gardaí i mBaile Átha Cliath, arsa Antoinette Cunningham, nuair atá a fhios ag gach uile Gharda nach bhfuil sé sin fíor. Gardaí are regularly brought in from other divisions to assist their colleagues in the capital, she said.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yknkt8hc Contact: irishlingos@gmail.com Gaza ceasefire: details still being finalized. Sos comhraic in Gaza: bailchríoch fós á cur ar mhionsonraí. Israeli military forces have revealed that they have hit 300 targets they say were linked to Hamas in Gaza since yesterday. Tá sé tugtha le fios ag fórsaí míleata Iosrael gur bhuail siad 300 targaid a deir siad a bhí bainteach le Hamas in Gaza ó inné. The Israelis say they fired missiles from warplanes at the targets and destroyed Hamas operational centers, bomb-making centers and underground tunnels in Jabalia and Beit Hanoun in northern Gaza. Deir na hIosraelaigh gur scaoil siad diúracáin ó eitleáin chogaidh leis na targaidí agus gur scrios siad ionaid oibríochta de chuid Hamas, ionaid déanta buamaí agus tolláin faoi thalamh in Jabalia agus in Beit Hanoun i dtuaisceart Gaza. They did not say how many people were killed in the raids, however. Ní dúirt siad cé mhéad duine a maraíodh sna ruathair, ámh. It is also reported that the Israelis fired missile barrages with targets in the towns of Rafah and Khan Younis this morning. Tuairiscítear freisin gur scaoil na hIosraelaigh baráistí diúracán le hionaid i mbailte Rafah agus Khan Younis ar maidin. The Israelis are still carrying out airstrikes on targets in southern Lebanon as well. Tá na hIosraelaigh fós ag déanamh ionsaithe ón aer ar thargaidí i ndeisceart na Liobáine freisin. It is assumed that these are targets that may be associated with Hezbollah. Glactar leis gur targaidí a d'fhéadfadh a bheith bainteach le Hezbollah atá i gceist. The Israelis say they destroyed a "squad" capable of attacking tanks and also destroyed a missile launcher. Deir na hIosraelaigh gur dhíothaigh siad "scuad" a raibh sé d'acmhainn aige tancanna a ionsaí agus gur scrios siad teilgeoir diúracán chomh maith. Although the four-day ceasefire announced yesterday was supposed to start today, it is now expected that it will not be implemented until tomorrow at the earliest. Cé gur ceapadh go gcuirfí tús inniu leis an sos comhraic ceithre lá a fógraíodh inné, meastar anois nach gcuirfear i bhfeidhm é go dtí amárach ar a thúisce. In addition to what was decided about the hostilities, it was promised that Hamas would release half a hundred hostages they are holding in Gaza in exchange for 150 Palestinians who are being held by the Israelis. Chomh maith lenar socraíodh faoi chúrsaí cogaíochta, gealladh go scaoilfeadh Hamas saor leathchéad giall atá siad a choinneáil in Gaza mar mhalairt ar 150 Palaistíneach atá faoi choinneáil ag na hIosraelaigh. However, it seems that the details are being finalized - such as which hostages will be released and to whom they will be handed over. Dealraíonn sé, áfach, go bhfuiltear ag cur bailchríoch ar na mionsonraí – leithéidí cé na gialla a ligfear saor agus cé dó a dtabharfar ar láimh iad. Regarding the ceasefire, the main mediator, Qatari diplomat Mohammed al- Khulaifi, said there was still work to be done. Maidir leis an sos comhraic, dúirt an príomh-idirghabhálaí, an taidhleoir as Catar Mohammed al-Khulaifi, dúirt sé go raibh obair fós le déanamh. There will be further talks in the hope of extending the ceasefire, he said. Beidh tuilleadh comhráite ann le súil síneadh a chur leis an sos comhraic, arsa sé. He also indicated that he was hopeful that this would be achieved. Thug sé le fios freisin go raibh sé dóchasach go mbainfí é sin amach. As part of the deal between Israel and Hamas, hundreds of lorries full of relief supplies - food, water, medicine, fuel and so on - are expected to be allowed into Gaza. Mar chuid dá bhfuil socraithe idir Iosrael agus Hamas, tá súil go ligfear isteach in Gaza na céadta leoraí lán le soláthairtí fóirithinte – bia, uisce, cógais leighis, breosla agus mar sin díobh. Since the Israelis began bombing Gaza and besieged the enclave last month,
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ywg2pasg Contact: irishlingos@gmail.com Second auction announced for offshore electricity turbines. An dara ceant fógartha do thuirbíní leictreachais ar muir. The Government has announced plans for another auction of offshore power generation rights. Tá an Rialtas tar éis plean a fhógairt do cheant eile ar chearta ginte cumhachta amach ón gcósta. The first auction was organized at the beginning of the year under which 4 licenses were awarded, 3 on the east coast and one off Connemara. Tús na bliana a heagraíodh an chéad cheant faoinar bronnadh 4 cheadúnas, 3 cinn ar an gcósta thoir agus ceann amháin amach ó Chonamara. The German company RWE and their partner in this country Saorgus Energy have been granted permission to generate 824 MegaWatts in the Dublin Area on the Irish Sea. Bronnadh cead ar an gcuideachta as an nGearmáin RWE agus ar a bpáirtí sa tír seo Saorgus Energy 824 MegaWatt a ghineadh i Réimse Átha Cliath ar Mhuir Éireann. The French EDF in partnership with Fred Olsen - a company from Norway - was granted permission to generate 1,300 MW east of Wicklow. Bronnadh cead ar na Francaigh EDF i bpáirt le Fred Olsen - cuideachta as an Iorua - 1,300 MW a ghineadh soir as Cill Mhantáin. Norway's Statkraft was granted permission to generate 500 MW north of Dublin. Bronnadh cead ar na hIoruaigh Statkraft 500 MW a ghineadh amach ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath. And 450 MW was approved for the company Fuinneamh Sceirde Teo west of Charna in Co Galway. Agus ceadaíodh 450 MW don chuideachta Fuinneamh Sceirde Teo siar amach ó Charna i gCo na Gaillimhe. The new auction is focused on the south coast. Ar an gcósta ó dheas atá an ceant úr dírithe. Environment Minister Eamon Ryan announced this this afternoon in The Hague in the Netherlands at a meeting of 9 member states in the EU about the generation of energy at sea in northern Europe from now to 2030. An tAire Comhshaoil Eamon Ryan a d'fhógair an méid sin tráthnóna san Háig san Ísiltír ag cruinniú de 9 gcinn de bhallstáit san AE faoi ghineadh fuinnimh ar muir i dtuaisceart na hEorpa as seo go 2030. Ireland aims to generate 5 GigaWatt (5,000 MW) from offshore wind by then, and quadruple that to 20 GW (20,000 MW) by 2040. Tá rún ag Éirinn 5 GigaWatt (5,000 MW) a bheith á ghineadh ón ngaoth amach ón gcósta faoin tráth sin, agus a cheithre oiread, sin 20 GW (20,000 MW) a bheith á chruthú i 2040. 3 MW planned to come from the 4 approved proposals, enough electricity to support 2.5 million households. 3 MW atá beartaithe a theacht ón 4 thogra atá ceadaithe, dóthain leictreachais a choinneodh 2.5 milliún teaghlach. The auction will start in March next year when a map of the areas where turbines will be allowed to be built on the sea in proposals that could provide 900 MW will be published. Mí an Mhárta na bliana seo chugainn a thosóidh an ceant nuair a fhoilseofar léarscáil de na limistéir ina mbeidh cead tuirbíní ar an bhfarraige a thógáil i dtograí a bheadh in ann 900 MW a sholáthar. The licenses are intended to be awarded between February and October 2025. Tá sé i gceist na ceadúnais a bhronnadh idir mí Feabhra agus mí Dheireadh Fómhair 2025.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yu8n3qu9 Contact: irishlingos@gmail.com HSE recommending Covid-19 vaccines, get flu soon. FSS ag moladh vacsaíní covid 19, fliú a fháil gan mhoill. The Health Service Executive is appealing for people to get Covid-19 and flu vaccines without delay in anticipation of an outbreak of both diseases this winter. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag achainí ar dhaoine vacsaíní covid 19 agus fliú a fháil gan mhoill ar ionchas go mbeidh ráig den dá ghalar ann an geimhreadh seo. The HSE is concerned that not enough people have received the vaccines yet. Tá imní ar FSS nach bhfuil na vacsaíní faighte ag dóthain daoine fós. It is said that the hospitals are already very crowded with many people with respiratory diseases coming to them, especially children. Deirtear go bhfuil na hospidéil an-bhroidiúil cheana féin agus go leor daoine le galair riospráide ag teacht chucu, go háirithe leanaí. In that regard, it seems that the number of cases of influenza was very high in the southern hemisphere during the winter itself this year. Ina cheann sin, is cosúil go raibh an líon cásanna den fhliú an-ard sa leathsféar theas i gcaitheamh an gheimhridh s'acu féin i mbliana. People with poor health and people working in the health sector, the HSE recommends that they above all receive both vaccines. Daoine a bhfuil drochshláinte acu agus daoine atá ag obair san earnáil sláinte, molann FSS dóibhsean thar aon dream eile an dá vacsaín a fháil. After that, everyone over the age of 50 is recommended to get them. Ina dhiaidh sin, moltar do gach uile dhuine atá os cionn 50 bliain iad a fháil. Both vaccines can be received at the same time and it takes about two weeks for them to affect a person. Is féidir an dá vacsaín a fháil ag an am céanna agus baineann sé tuairim is coicís astu dul i gcion ar dhuine. Dr Éamonn O'Moore from the HSE said that people should not be complacent about the situation. Dúirt an Dr Éamonn O'Moore ó FSS nár chóir do dhaoine a bheith réchúiseach faoin scéal. Already, he said, and with the winter just beginning, people with Covid-19 have been hospitalized. Cheana féin, arsa sé, agus gan an geimhreadh ach ina thús, tá daoine a bhfuil covid 19 orthu curtha in ospidéil. Some of them are seriously ill and some are in intensive care, he said. Tá cuid acu go dona tinn agus tá cuid acusan faoi dhianchúram, a dúirt sé. Dr O'Moore also pointed out that approximately half of those patients had not received the vaccine. Thug an Dr O'Moore le fios freisin nach raibh an vacsaín faighte ag tuairim is leath de na hothair sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yulbt2v5 Contact: irishlingos@gmail.com Newborn babies transferred out of Al-Shifa hospital. Naíonáin nuabheirthe aistrithe amach as ospidéal Al-Shifa. 31 infants in "very serious condition" have been transferred out of Al-Shifa hospital in Gaza and are on their way to Egypt. Tá 31 naíonán a bhfuil "fíor dhroch bhail" orthu aistrithe amach as ospidéal Al-Shifa i nGaza agus ar a mbealach chuig an Éigipt. The director of all hospitals in Gaza, Mohammed Zaqut, told the AFP news agency that all 31 infants had been transferred out of Al-Shifa, along with three doctors and two nurses, and that arrangements were now being made to brought across the border into Egypt through the Rafah crossing. Dúirt stiúrthóir na n- osipdéal uilig i nGaza, Mohammed Zaqut, leis an áisíneacht nuachta AFP gur aistríodh gach ceann de na 31 naíonán amach as Al-Shifa, chomh maith le triúr dochtúir agus beirt altra, agus go bhfuiltear anois ag déanamh socruithe chun iad thabhairt thar teorainn chuig an Éigipt tríd thrasnú Rafah. The largest hospital in Gaza is a "death zone", the United Nations says of the Al-Shifa hospital which is now under the control of the Israeli army. Is "crios báis" é an t-ospidéal is mó i nGaza, a deir na Náisiúin Aontaithe faoi ospidéal Al- Shifa atá anois faoi smacht arm Iosrael. The United Nations and the World Health Organization have started moving patients out of the hospital since their safety can no longer be guaranteed, since the Israeli army entered it this week. Tá na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Sláinte Domhanda tosaithe ag bogadh othair amach as an ospidéal ós rud é nach féidir a sábháilteacht a chinntiú níos mó, ó tháinig arm Iosrael isteach ann an tseachtain seo. The Israeli army says they believe Hamas has a base in the basement of the hospital and that is why they are trying to take over the building. Deir arm Iosrael go gcreideann siad go bhfuil bunáit ag Hamas in íoslach an ospidéil agus gurb é sin an chúis a bhfuil siad ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar an fhoirgneamh. Hamas and Al-Shifa staff deny that fighters are hiding in the hospital and it is not clear that the Israeli army has found any fighters yet. Séanann Hamas agus foireann Al-Shifa go bhfuil trodaithe i bhfolach san ospidéal agus ní léir gur aimsigh arm Iosrael aon trodaí go fóill. Earlier this week people who died at the hospital had to be buried in a mass grave near the entrance. Níos luaithe an tseachtain seo b'éigean daoine a bhásaigh san ospidéal a chur in uaigh ollmhór in aice leis an mbealach isteach. The Israeli army cut off electricity and fuel to the building. Cheil arm Iosrael leictreachas agus breosla ar an fhoirgneamh. The staff had to turn off the incubators for newborn babies because there was no oxygen supply to operate the equipment. B'éigean don fhoireann na goradáin do leanaí nuabheirthe a mhúchadh de bharr nach raibh soláthar ocsaigine ann leis an trealamh a fheidhmiú. Yesterday hundreds of people fled the hospital on orders from the Israeli army - some of them patients and others who were sheltering from the fighting around them. Inné theith na céadta duine as an ospidéal ar ordú ó arm Iosrael - cuid acu ar othair iad agus cuid eile a bhí ar foscadh ón chogaíocht thart timpeall orthu. The organization Médecins Sans Frontières says that a convoy of vehicles carrying hospital staff and their families was attacked as they were leaving Al-Shifa, despite the fact that an arrangement had been made with both sides. Deir an eagraíocht Médecins Sans Frontières gur ionsaíodh slógadh feithiclí a bhí ag iompar baill foirne an osipidéil agus a dteaghlaigh, le linn dóibh a bheith ag imeacht as Al-Shifa, ainneoin go raibh socrú déanta leis an dá thaobh. One person was killed in the attack. Maraíodh duine amháin san ionsaí. It is estimated that there are now 300 patients and 25 staff members ...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yl94zya2 Contact: irishlingos@gmail.com Patient details from an old hospital in Donegal published online. Sonraí othar ó sheanospidéal i nDún na nGall foilsithe ar líne. The Saolta hospital group says it has sent a report to the Gardaí about medical records from an old hospital in Co Donegal being illegally published on the digital platform TikTok. Deir an grúpa ospidéal Saolta go bhfuil tuairisc curtha acu chuig na Gardaí faoi thaifid leighis ó sheanospidéal i gCo Dhún na nGall a bheith foilsithe go neamhdhleathach ar an ardán digiteach TikTok. Historical records from a psychiatric hospital in Letterkenny – St Connell's Hospital – which go back more than two decades. Taifid stairiúla ó ospidéal síciatrach i Leitir Ceanainn – Ospidéal Naomh Conall – a théann siar breis agis scór bliain atá i gceist. A video has been posted online showing boxes containing details of patients under the hospital's care. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáineann boscaí ina bhfuil sonraí othar a bhí faoi chúram an ospidéil. St Conall's Hospital closed in 2010. Dúnadh Ospidéal Naomh Conall in 2010. The Health Service Executive examined the building yesterday and was told afterwards that the records were being kept in a locked warehouse. Rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte scrúdú ar an bhfoirgneamh inné agus dúradh ina dhiaidh go raibh na taifid á gcoinneáil i stóras a bhí faoi ghlas. The Executive promised that additional policies would be implemented to make the place safer. Gheall an Fheidhmeannacht go gcuirfí beartais bhreise i bhfeidhm leis an áit a dhéanamh níos sábháilte. It was also said that a report had been sent about the matter to the Data Protection Commissioner. Dúradh freisin go raibh tuairisc curtha faoin scéal chuig an gCoimisineir um Chosaint Sonraí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yvvth2qp Contact: irishlingos@gmail.com 12,000 properties still without power after the storm. 12,000 áitreabh fós gan chumhacht tar éis na stoirme. About 12,000 homes and businesses are still without power due to damage to electricity networks during the latest storm. Tá thart ar 12,000 teach agus gnóthas fós gan chumhacht mar gheall ar an damáiste a rinneadh do líonraí leictreachais le linn na stoirme is deireanaí. According to the Electricity Supply Board, Roscommon, Longford and North Westmeath are the areas where the power is always cut the most. Dar le Bord Soláthair an Leictreachais gurb iad Ros Comáin, an Longfort agus an Iarmhí Thuaidh, gurb iadsan na ceantair is mó a bhfuil an chumhacht gearrtha iontu i gcónaí. The company says that teams of technicians, in collaboration with their colleagues from the North, have been doing their best since early morning to restore the power in those places. Deir an comhlacht go bhfuil meithleacha teicneoirí, i gcomhar lena gcomhghleacaithe ón Tuaisceart, ag déanamh a seacht ndícheall ó mhoch maidine an chumhacht a thabhairt ar ais sna háiteanna sin. It is estimated that approximately 100,000 properties were left without power at the worst of the storm called 'Debi'. Áirítear go raibh tuairim is 100,000 áitreabh fágtha gan chumhacht an tráth ba mheasa a bhí cúrsaí le linn na stoirme ar gaireadh 'Debi' di. The chairman of the National Emergency Coordination Group, Keith Leonard, said that the worst floods were in Galway city. Dúirt cathaoirleach an Ghrúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta, Keith Leonard, gur i gcathair na Gaillimhe a bhí na tuilte ba mheasa. He also indicated that 'Debi' appeared to be the strongest of the four storms since the beginning of autumn and said that more storms were still promised. Thug sé le fios freisin gur cosúil go raibh 'Debi' ar an stoirm ba láidre de na ceithre cinn a bhí ann ó thús an fhómhair agus dúirt go raibh tuilleadh stoirmeacha fós geallta. The Mayor of Galway Eddie Hoare said that the floods were worst in the historic area of the city, where they often occur when there is a storm. Dúirt Méara na Gaillimhe Eddie Hoare gur mheasa na tuilte i gceantar stairiúil na cathrach, áit a mbíonn siad go minic nuair a bhíonn stoirm ann. To top it all off, he said, people in that area can't get insurance. Mar bharr ar an donas, arsa sé, ní féidir le daoine sa cheantar sin árachas a fháil. Support schemes established by the Government last month are to be made available to people in Galway city and Oranmore, where the storm also caused a lot of damage. Tá scéimeanna tacaíochta a bhunaigh an Rialtas an mhí seo caite le cur ar fáil do dhaoine i gcathair na Gaillimhe agus in Óran Mór, áit a ndearna an stoirm go leor damáiste chomh maith. According to the first scheme, €5,000 can be claimed on the first occasion followed by an inspection payment of €20,000. De réir na chéad scéime, is féidir €5,000 a éileamh ar an gcéad ásc agus íocaíocht iniúchta €20,000 ina dhiaidh sin. According to the second scheme, which relates to the most urgent cases, a payment of €10,000 can be claimed immediately followed by an audit payment of €100,000. De réir an dara scéim, a bhaineann leis na cásanna is práinní, is féidir íocaíocht €10,000 a éileamh láithreach agus íocaíocht iniúchta €100,000 ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yoymtft9 Contact: irishlingos@gmail.com FFS recruitment break to expand. Sos earcaíochta FFS le leathnú amach. The Health Service Executive is to extend the recruitment freeze they announced last month to all types of workers, except medical consultants, trainee doctors and nurses and midwives who qualified in 2023. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun an sos earcaíochta a d'fhógair siad an mhí seo caite a leathnú amach do gach saghas oibrí, seachas comhairleoirí leighis, dochtúirí faoi oiliúint agus altraí agus mná cabhrach a bhain a gcáilíocht amach i 2023. Last month FFS announced that they would be putting a temporary pause on the recruitment of managers, administrators, domestic helpers and trainee doctors. An mhí seo caite d’fhógair FFS go gcuirfídís sos sealadach i bhfeidhm ar earcú bainisteoirí, riarthóirí, cúntóirí baile agus dochtúirí faoi oiliúint. There will be exemptions in specific areas, however, the memo said, especially in the case of services aimed at people with disabilities. Beidh díolúintí i gceist i réimsí ar leith, áfach, a dúradh sa mheamram, go háirithe i gcás seirbhísí atá dírithe ar dhaoine faoi mhíchumas. However, Bernard Gloster indicated that it would be a temporary break and recruitment would resume in 2024. Thug Bernard Gloster le fios, áfach, gur sos sealadach a bheadh ann agus go rachfaí i mbun earcaíochta arís i 2024.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2x9xph85 Contact: irishlingos@gmail.com "Stardust's doors were locked when it caught fire". "Glas fraincín ar dhoirse Stardust nuair a chuaigh sé trí thine". Evidence was given today at Dublin District Coroner's Court that the doors of Stardust were locked when the nightclub caught fire in 1981. Tugadh fianaise inniu i gCúirt Chróinéara Dhúiche Bhaile Átha Cliath go raibh doirse Stardust faoi ghlas nuair a chuaigh an club oíche trí thine sa mbliain 1981. 48 people were killed in the tragedy. Maraíodh 48 duine sa tragóid. An inquest into the death of the deceased is currently underway at the Rotunda Hospital. Tá ionchoise maidir le bás na marbh ar siúl faoi láthair, in Ospidéal an Rotunda. Michael O'Toole, who was 20 at the time, testified that a Stardust security man told him the doors were padlocked when the club caught fire. Thug Michael O'Toole, a bhí 20 bliain d’aois ag an am, fianaise go ndúirt fear slándála de chuid Stardust leis go raibh glas fraincín ar na doirse nuair a chuaigh an club trí thine. Michael O'Toole testified that the security man - Michael Kavanagh - told him after the incident that he intended to bring a lawsuit: "I'll get everything 'he's got". Thug Michael O’Toole fianaise go ndúirt an fear slándála - Michael Kavanagh - leis i ndiaidh na heachtra go raibh sé i gceist aige cás dlí a thabhairt: "gheobhaidh mé gach a bhfuil 'aige’. They were unable to escape. Ní rabhadar in ann éalú. There was a french lock on the doors", said Michael Kavanagh, according to Michael O'Toole. Bhí glas fraincín ar na doirse", a dúirt Michael Kavanagh, dar le Michael O’Toole. Michael O'Toole was asked if he thought who Michael Kavanagh was referring to when he made that statement. Cuireadh ceist ar Michael O’Toole an raibh barúil aige cén duine a raibh Michael Kavanagh ag tagairt dó nuair a rinne sé an ráiteas sin. Michael O'Toole replied that he was talking about Éamon Butterly, Stardust's manager at the time. D’fhreagair Michael O’Toole gur ar Éamon Butterly, bainisteoir Stardust, a raibh sé ag caint ag an am. Michael O'Toole also testified that Michael Kavanagh told him that he was ashamed that he was working there as a security man. Thug Michael O’Toole fianaise freisin go ndúirt Michael Kavanagh leis go raibh náire air go raibh sé ag obair ansin mar fhear slándála. "We were always told to lock the doors", Michael Kavanagh told Michael O'Toole, he said in his evidence today. "Dúradh linn i gcónaí na doirse a chur faoi ghlas", a dúirt Michael Kavanagh le Michael O’Toole, a dúirt se ina chuid fianaise inniu. Michael Kavanagh told gardai and the media in 1981 that the emergency exits were open when the club caught fire. Dúirt Michael Kavanagh leis na Gardaí agus leis na meáin i 1981 go raibh na bealaí éalaithe éigeandála ar oscailt nuair a chuaigh an club trí thine. But he later retracted the statement. Ach tharraing sé an ráiteas siar ina dhiaidh. Last September, Michael Kavanagh gave evidence directly to the inquest himself. Mí Mheán Fómhair seo caite, thug Michael Kavanagh fianaise go díreach don ionchoise é fhéin. He said that when the tragedy happened, he felt that he was being blamed. Dúirt sé gur nuair a tharla an tragóid, gur bhraith sé go ndearnadh ceap milleáin dó. He testified that after speaking to his father and sister, he went to the Gardaí to change his statement. Thug sé fianaise gur i ndiaidh dó labhairt lena athair agus a dheirfiúr, go ndeachaigh sé chuig na Gardaí lena ráiteas a athrú. An inquest is currently underway into the deaths of those killed in the 1981 Stardust Tragedy. Tá ionchoise ar siúl faoi láthair maidir le bás na ndaoine a maraíodh i dTragóid Stardust i 1981. 48 people lost in the night club fire 48 duine a cailleadh sa tine sa chlub oíche
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yn9llfv9 Contact: irishlingos@gmail.com The Taoiseach is optimistic about Irish people in Gaza. Dóchas ag an Taoiseach faoi Éireannaigh i nGaza. The Taoiseach has said that he had "sound talks" today that Irish citizens would be allowed to leave Gaza, and that the little Irish-Israeli girl who is being held hostage by Hamas would be released. Tá an Taoiseach tar éis a rá go raibh "cainteanna fóinteacha" inniu aige go mbeadh cead ag saoránaigh de chuid na hÉireann Gaza a fhágáil, agus go scaoilfí saor an cailín beag Gael-Iosraelach atá á coinneáil ina giall creidtear ag Hamas. Leo Varadkar spoke today with Egypt's Foreign Minister, the Prince of Jordan and the Prime Minister of the Palestinian Authority at the ongoing Gaza disaster conference in Paris. Labhair Leo Varadkar inniu leis an Aire Gnóthaí Eachtracha atá ag an Éigipt, le Prionsa na hIordáine agus le Príomhaire Údarás na Palaistíne ag an gcomhdháil faoi thubaiste Ghaza atá ar bun i bPáras. The Taoiseach said that reports were given to the conference from people struggling with the land comb in the narrow region that the water system and the sewage system are giving away, and that there is a great danger that thousands will soon be lost a day. Dúirt an Taoiseach gur tugadh tuairiscí don chomhdháil ó dhaoine ag streachailt leis an gcíor thuathail san réigiún cúng go bhfuil an córas uisce agus an córas séarachais ag tabhairt uaidh, agus go bhfuil contúirt mhór ann gur gearr go gcaillfear na mílte sa ló. He also said there were fears that the fighting would spread to the West Bank and Lebanon. Dúirt sé freisin go raibh faitíos ann go scaipfeadh an chogaíocht go dtí an Bruach Thiar agus an Liobáin. Most of the heads of government and state from Europe and the Middle East were at the conference. Bhí mórchuid ceann rialtais agus ceann stáit as an Eoraip agus an MeánOirthear ag an gcomhdháil. Israel did not exist. Ní raibh Iosrael ann. After the Conference the Taoiseach requested that roadways be opened in the border between Gaza and Israel so that relief material could be brought into the besieged area. Tar éis na Comhdhála d'iarr an Taoiseach go n-osclófaí slite bóthair sa teorainn idir Gaza agus Iosrael le go mbeadh ábhar fóirithinte in ann a ghabháil isteach sa gceantar faoi léigear. There are the routes that the Taoiseach said "and some of them have 8 travel lanes, but to open them, which should be done immediately." Tá na bealaigh ann a dúirt an Taoiseach "agus 8 lána taistil ag cuid acu, ach iad a oscailt, rud ba chóir a dhéanamh láithreach." French President Macron has organized the International Conference on Relief Assistance for the Civilian Population in Gaza. Uachtarán Macron na Fraince atá tar éis an Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Chuidiú Fóirithinte don Phobal Sibhialtach i nGaza a eagrú. The Taoiseach said that everyone must accept that the lives of Palestinians and the lives of Israelis are equal. Dúirt an Taoiseach go gcaithfeadh cách glacadh leis gur comhchéim atá saol Palaistínigh agus saol Iosraelaigh. The Taoiseach called the war a crisis so bad that it is hard to imagine and he said that Israel would not have peace or tranquility without the Palestinian People having a fair play. Géarchéim atá chomh dona gur deacair é a shamhlú a thug an Taoiseach ar an gcogaíocht agus dúirt sé nach mbeadh síocháin ná suaimhneas ag Iosrael gan cothrom na féinne a bheith ag Muintir na Palaistíne. The case of Ireland, he said, shows that the conversation is valid and that two parties can come to a solution even after the centuries of conflict. Léiríonn cás na hÉireann a dúirt sé go bhfuil feidhm leis an gcomhrá agus gur féidir le dhá dhream a theacht ar réiteach fiú tar éis na gcianta achrainn. The International Relief Conference in Paris An Chomhdháil Idirináisiúnta Fóirithinte i bPáras
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2x878dsx Contact: irishlingos@gmail.com Molly and Tom Martens jailed for Jason Corbett's murder. Príosún ar Molly agus Tom Martens as dúnorgain Jason Corbett. Molly Martens Corbett and her father Tom Martens have been given an additional prison term of between 7 and 23 months in relation to Jason Corbett's murder. Tá téarma breise príosúin de idir 7 mí agus 23 mí gearrtha ar Molly Martens Cortbett agus ar a hathair Tom Martens maidir le dúnorgain Jason Corbett. This term is in addition to the 44 months they have already spent in prison. Is sa bhreis ar an tréimhse 44 mí atá caite acu i bpríosún cheana féin atá an téarma seo. The Court in the State of Carolina ordered that Molly Martens Corbett undergo a psychiatric evaluation and that she be monitored in case she tries to take her own life. D'ordaigh an Chúirt i Stát Charolina go ndéanfaí measúnú síciatrach ar Molly Martens Corbett agus go gcoinneofaí súil uirthi ar eagla go ndéanfadh sí iarracht lámh a chur ina bás féin. Limerick native Jason Corbett's two children said Molly Martens Corbett abused them when they were children and molded them to tell lies as part of her plan to get them into her legal care and -she would escape from the crime she was accused of. Dúirt beirt pháistí Jason Corbett, arbh as Luimneach ó dhúchas dó, gur bhain Molly Martens Corbett mí-úsáid astu nuair a bhí siad ina bpáistí agus gur mhúnlaigh sí iad le bréaga a insint mar chuid dá plean go gcuirfí faoina cúram dlithiúil iad agus go n-éalódh sí ón gcoir a bhí curtha ina leith. Molly Martens Corbett was brought to tears several times when the children criticized her in court. Bhis na deora ar Molly Martens Corbett roinnt mhaith uaireanta nuair a cháin na páistí í sa chúirt. Jason Corbett died in August 2015 of a stroke at his home in North Carolina. Bhásaigh Jason Corbett i mí Lúnasa 2015 nuair a tugadh bascadh dó ina theach cónaí i gCarolina Thuaidh. Molly Martens Corbett and Tom Martens were given terms of 20 and 25 years respectively for Jason Corbett's murder. Gearradh téarmaí de 20 agus 25 bliain faoi seach ar Molly Martens Corbett agus Tom Martens as dúnmharú Jason Corbett. The pair never denied killing Jason Corbett but claimed they were acting in self-defense when they killed him. Níor shéan an bheirt ariamh gur mharaigh siad Jason Corbett ach mhaígh siad gur á gcosaint féin air a bhí siad nuair a mharaigh siad é. An appeals court overturned the convictions in 2020 and ordered a retrial because the court ruled that some of the evidence withheld from the first trial should have been presented to the jury. Chuir cúirt achomhairc na ciontú ar neamhní i 2020 agus d'ordaigh atriail de bharr gur rialaigh an chúirt gur cheart go gcuirfí cuid den bhfianaise a coinníodh as an chéad triail faoi bhráid an ghiúiré. The North Carolina Supreme Court agreed with that ruling in 2021. D'aontaigh Cúirt Uachtarach Carolina Thuaidh leis an bhreithiúnas sin i 2021. In closing arguments earlier today and yesterday, the Prosecution team said there were aggravating circumstances to the case - that Jason Corbett's two children were in the house at the time of the attack. In argóintí clabhsúir níos luaithe inniu is inné, dúirt an fhoireann Ionchúisimh gur bhain cúinsí géaraithe leis an chás - sé sin go raibh beirt pháistí Jason Corbett sa teach le linn an ionsaithe. The Prosecutor said that the defendants should be sentenced to an additional prison term on this matter. Dúirt an tIonchúisitheoir gur cheart téarma príosúin breise a ghearradh ar na cosantóirí ar an ábhar seo. Lawyers for Molly Martens Corbett and her father Tom Martens argued that there were mitigating factors which meant the judge should not impose any prison term. Mhaígh dlíodóirí Molly Martens Corbett agus a hathar Tom Martens go raibh cúiseanna maolaitheacha i gceist a chiallaigh nár cheart don bhreithea...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ywzvwwpn Contact: irishlingos@gmail.com Beef export to China suspended due to BSE case. Onnmhairiú mairteola chun na Síne ar fionraí de bharr cás BSE. The export of beef from Ireland to China has been stopped due to an "atypical case" of BSE - Bovine Spongiform Encephalopathy, or mad cow disease - being found in livestock in this country. Tá stad curtha le onnmhairiú mairteola as Éirinn anonn go dtí an tSín de bharr "cás aitíopúil" den aicíd BSE - Einceifealapaite Spúinseach Bólachta, nó galar na bó buile - a bheith aimsithe i mbeithíoch sa tír seo. It is a heavy blow, without the Chinese market only reopening since April, after a stop of almost 3 years due to a case of the same disease in 2020. Buille trom é, gan margadh na Síne ach athoscailte ó mhí an Aibreáin, tar éis stad beagnach 3 bliana de bharr cás den ghalar céanna i 2020. The case was recently discovered when the Department of Agriculture tested a 10-year-old cow that had been lost and was about to be put to good use. Le gairid a haimsíodh an cás nuair a rinne lucht na Roinne Talmhaíochta tástáil ar bhó 10 mbliana d'aois a bhí caillte agus le cur ó mhaith. Under the rules agreed with China there is no arrest but the suspension of trade as soon as a case of BSE is detected. Faoi na rialacha atá aontaithe leis an tSín níl aon ghabháil as ach an tráchtáil a chur ar fionraí chomh luath is a aimsítear cás BSE. It is up to the Chinese authorities to decide when the suspension can be lifted. Is faoi údaráis na Síne cinneadh a dhéanamh cén uair ar féidir an fhionraíocht a chur go leataobh. In the Spring when Irish beef was allowed back, Bord Bia organized a major promotional campaign to promote the country's meat in a country with 1.4 billion consumers. San Earrach nuair a ceadaíodh ar ais mairteoil na hÉireann d’eagraigh an Bord Bia mórfheachtas bolscaireachta le feoil na tíre a chur chun cinn i dtír ina bhfuil 1.4 billiún tomhaltóir. But the sale was rather weak from the beginning. Ach sách lag a bhí an díol ón tús. It was worth €96 million in 2019. Luach €96 milliún a bhí ann i 2019. Atypical BSE which can occur in an older cow is not the same as typical BSE which animals contract from contaminated food. Ní hionann BSE-aitíopúil atá in ann a theacht ar bhó a bhfuil aois mhór aici, agus BSE tipiciúil a tholgaíonn beithí ó bhia truaillithe. The Department of Agriculture says that there was not the least risk that the animal could catch the acid in the human food chain. Deir an Roinn Talmhaíochta nach raibh baol dá laghad ann gur i mbiashlabhra an duine a d’fhéadfadh an t- ainmhí a raibh an aicíd uirthi a ghabháil.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ykt7562s Contact: irishlingos@gmail.com A man from White Beach in Connemara hanging out with Corn Uí Riada. Fear ón Trá Bháin i gConamara ag crochadh leis Corn Uí Riada. Colm 'Jimí' Ó Curraoin from the Connemara Gaeltacht is the winner of this year's main Oireachtas singing competition. Is é Colm 'Jimí' Ó Curraoin as ceartlár Ghaeltacht Chonamara buaiteoir phríomh- chomórtas amhránaíochta an Oireachtais i mbliana. The White Beach man in the Islands District brought the 'sway' with him in the Sean Uí Riada Memorial Cup in Kilarn tonight. Thug fear an Trá Bháin i gCeantar na nOileán an 'sway' leis i gCorn Chuimhneacháin Sheáin Uí Riada i gCill Airne anocht. Colm Corn Uí Riada hangs with him north to the Minna area in Indrebhán, where he has lived for several years now, along with a Gold Medal and a check for €1,500. Crochann Colm Corn Uí Riada ó thuaidh leis go ceantar na Minna in Indreabhán,áit a bhfuil cónaí air le roinnt blianta anois, chomh maith le Bonn Óir agus seic €1,500. This is the first time he has ever read of an achievement. Seo í an chéad uair riamh aige a léithid d'éacht a dhéanamh. More than a score of competitors took part in this competition which was broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta from the Glenn Iolair Hotel. Breis is scór iomaitheoir a bhí páirteach sa chomórtas seo a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as Óstán Ghleann an Iolair. The woman of the house was the well-known broadcaster Neansai Ní Choistealbha. Ba í an craoltóir aitheanta Neansaí Ní Choistealbha bean an tí. She presented the program patently as is her wont and during it she referred to another historic achievement in the life of this great competition. Chuir sí an clár i láthair go paiteanta mar is dual di agus lena linn thagair sí do éacht stairiúil eile i saol an chomórtais mhóir seo. She said that she felt it was the first time ever that four people from the same family had been involved in the Corn Uí Riada. Dúírt sí gur bhraith sí gurb í an chéad uair riamh ag ceathrar ón teaghlach céanna a bheith páirteach i gCorn Uí Riada. Caitlín Ní Chualáin, her brother Mícheál, as well as two of Caitlín's children; Domhnall Ó Braonáin and Anna Ní Bhraonáin came on stage tonight. Cinnte dearfa tháinig Caitlín Ní Chualáin, a deartháir Mícheál, chomh maith le beirt de chlann Chaitlín;Domhnall Ó Braonáin agus Anna Ní Bhraonáin ar stáitse anocht. I would agree with Nancey that it is more likely than not that this will happen for the first time in the history of the competition and a source of pride and pride for the late Máirtín Peaits Ó Cualáin. Thiocfainn le Neansaí gur dócha ná a mhalairt a léithid seo tarlú den chéad uair i stair an chomórtais agus údar bróid agus mórtais do Mháirtín Pheaits Ó Cualáin nach maireann. Máirtín himself often moved audiences to tears by presenting oral sweetness and soulfulness. Ba mhinic le Máirtín féin deora a bhaint as lucht éisteachta le binneas béil agus anamúlacht a chur i láthair. It was Caitlín herself who came in third place and her colleague from RTÉ Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin who hung with her the Silver Medal after finishing in second place. Ba í Caitlín fhéin a tháinig sa triú háit ar deiridh agus a comhleacaí as RTÉ Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin a chroch léi an Bonn Airgid i ndiaidh dise críochnú sa dara háit. High quality competition was seen and heard tonight and the event's three judges had enough to separate the singers on the night in order of merit. Chonacthas agus chualathas iomaíocht d'ardchaighdeán anocht agus bhí dóthain le déanamh ag triúr moltóirí na hócáide na hamhránaithe a scaradh ar an oíche in ord fiúntais. But regardless of that I am sure of Colm 'Jimí' Ó Curraoin who closed the night's radio program with another beautiful and heartfelt song. Ach is cuma sin táim cinnte le Colm 'Jimí' Ó Curraoin a ...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ythsftet Contact: irishlingos@gmail.com "Measures of Israel "Bearta Iosrael 'níos cosúla le díoltas ná le féinchosaint". The Taoiseach says that Israel's self-defense is not the only thing going on in Gaza at the moment, but that it is like taking revenge. Deir an Taoiseach nach féinchosaint Iosrael amháin atá ar bun i nGaza faoi láthair, ach gur cosúla é le díoltas bheith á bhaint amach. Leo Varadkar made this speech as Israeli ground troops surrounded Gaza City this morning. Rinne Leo Varadkar an chaint seo tráth a bhí trúpaí talún de chuid Iosrael ag timpeallú chathair Gaza ar maidin. He believes, the Taoiseach said, that Israel, like any other state, has the right to defend itself and that they have the right to go after Hamas so that they cannot do this again. Creideann sé, a dúirt An Taoiseach go bhfuil cead ag Iosreal, fearacht stát ar bith eile, í féin a chosaint agus an ceart acu dul i ndiaidh Hamas le nach féidir leo é seo a dhéanamh arís. "People should never forget", he added, "that this started with the Hamas attack on Israel in which 1,400 people were killed". "Níor cheart do dhaoine dearmad a dhéanamh go brách", a dúirt sé freisin, "gur le hionsaí Hamas ar Iosrael inar maraíodh 1,400 duine a thosaigh sé seo". "But it's not just self-defense that I'm seeing right now", said Leo Varardkar," but something that is going towards revenge, and that's not where we should be now, and that's not the way that Israel will maintain its freedom and security for the future". "Ach ní hí an fhéinchosaint amháin atá á fheiceáil agam faoi láthair", a dúirt Leo Varardkar," ach rud éigin atá ag dul i dtreo an díoltais, agus ní hé sin an áit ar cheart dúinn bheith anois, agus ní hé sin an bealach a mbuanóidh Iosrael a saoirse agus a slándáil don todhchaí". "Israel listens to the countries it considers to be its friends and allies, such as the United States", he said, "but I'm not sure, frankly, that they listen carefully to what we tell them." "Éisteann Iosrael leis na tíortha a mheasann sí atá ina gcairde agus ina gcomhghuaillithe lei, ar nós na Stát Aontaithe", a dúirt é,"ach nílim cinnte, le fírinne, go n-éisteann siad go cúramach lena ndeir muid leo." He said despite this that this would not stop this State from taking a position as members of the United Nations and the European Union. Dúirt sé ina ainneoin sin nach stopfadh sé sin an Stát seo ó sheasamh a ghlacadh mar bhaill de na Náisiúin Aontaithe agus den Aontas Eorpach. Leo Varadkar admitted that Israel would not regard Ireland as close friends like the likes of the United States and Germany. D'admhaigh Leo Varadkar nach mbreathnódh Iosrael ar Éirinn mar dhlúthchairde ar nós leithéidí na Stát Aontaithe agus na Gearmáine. He also promised that the State would increase the humanitarian relief for Palestine. Gheall sé freisin go méadódh an Stát an fhóirithint dhaonnúil don Phailistín. The Taoiseach was speaking to reporters in South Korea this morning. Bhí an Taoiseach ag labhairt le tuairisceoirí sa Choiré Theas ar maidin. The Israeli Embassy in Dublin later said in a statement that Israel is 'acting within international law' and that they are 'taking drastic measures to avoid killing civilians' The Embassy admitted that there has been strong criticism by the Taoiseach and the Tánaiste on Hamas 'since the beginning of the war'. Dúirt Ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath i ráiteas ina dhiaidh sin go bhfuil Iosrael 'ag gníomhú taobh istigh den dlí idirnáisiúnta' agus go bhfuil 'bearta as cuimse á nglacadh acu chun marú sibhialtach a sheachaint' D'admhaigh an Ambasáid go bhfuil cáineadh láidir déanta ag An Taoiseach agus ag An Tánaiste ar Hamas 'ó thús an chogaidh'. The statement said that Hamas must release all 242 Israeli hostages, and that it should always be 'remembered that it was Hamas that started all this' and that 'rocket...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yn5k6x65 Contact: irishlingos@gmail.com Time extension added to flood support schemes. Síneadh ama curtha le scéimeanna tacaíochta tuilte. The Government has extended the time for two support schemes established last month for businessmen and community organizations whose homes were severely damaged by floods. Tá síneadh ama curtha ag an Rialtas le dhá scéim tacaíochta a bunaíodh an mhí seo caite ar son lucht gnó agus eagraíochtaí pobail a ndearna tuilte damáiste mór dá n-áitribh. In a virtual meeting this morning, the Cabinet decided to keep both schemes open until next Sunday. I gcruinniú fíorúil ar maidin inniu, shocraigh an Chomhaireacht ar an dá scéim a choinneáil oscailte go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn. According to the first scheme, €5,000 can be claimed on the first occasion followed by an inspection payment of €20,000. De réir na chéad scéime, is féidir €5,000 a éileamh ar an gcéad ásc agus íocaíocht iniúchta €20,000 ina dhiaidh sin. According to the second scheme, which relates to the most urgent cases, a payment of €10,000 can be claimed immediately followed by an audit payment of €100,000. De réir an dara scéim, a bhaineann leis na cásanna is práinní, is féidir íocaíocht €10,000 a éileamh láithreach agus íocaíocht iniúchta €100,000 ina dhiaidh sin. It is estimated that around 190 businesses and organizations will benefit from the schemes which were proposed to be extended by Enterprise Minister Simon Coveney. Meastar go mbainfidh thart ar 190 gnóthas agus eagraíocht sochar as na scéimeanna arbh é an tAire Fiontar Simon Coveney a mhol síneadh ama a chur leo. The Department of Enterprise and the Irish Red Cross Society are responsible for administering the schemes. Is iad an Roinn Fiontar agus Cumann Croise Deirge na hÉireann atá freagrach as na scéimeanna a riar. Corran Abbey in east Cork is one of the places most damaged by last month's deluge of rain. Tá Mainistir na Corann in oirthear Chorcaí ar cheann de na háiteanna is mó a ndearna an díle bháistí a bhí ann an mhí seo caite damáiste dóibh. There was a month's sale in the rain that fell in torrents in twenty-four hours then two weeks ago. Bhí díol míosa sa bháisteach a thit ina tulcaí in imeacht ceithre huaire fichead ansin coicís ó shin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yrdxvvrx Contact: irishlingos@gmail.com Israel strongly criticized by the Tánaiste for mass killing of children. Iosrael cáinte go láidir ag an Tánaiste faoi ollmharú leanaí. The Minister of Foreign Affairs, Tánaiste Micheál Martin, has said that he is horrified by the high number of people killed in the bombing attack carried out by Israeli forces on the Jabalia refugee camp in northern Gaza yesterday. Tá sé ráite ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, go bhfuil uafás air faoin líon ard daoine a maraíodh san ionsaí buamála a rinne fórsaí Iosrael ar champa teifeach Jabalia i dtuaisceart Gaza inné. In a statement, Micheál Martin said that the Irish Government had said frankly and often that although the Israelis have the right to defend themselves they must comply with International Humanitarian Law. I ráiteas, dúirt Micheál Martin go raibh sé ráite go neamhbhalbh agus go minic ag Rialtas na hÉireann cé go bhfuil sé de cheart ag na hIosraelaigh iad féin a chosaint nach mór dóibh cloí leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta. That means, he said, that a distinction must be made (between military and civilians), and that action must be taken according to needs, proportionately and carefully. Ciallaíonn sé sin, arsa sé, go gcaithfear idirdhealú a dhéanamh (idir lucht airm agus sibhialtaigh), agus go gcaithfear gníomhú de réir riachtanais, go comhréireach agus go cúramach. Civilians must also be protected, he said. Caithfear sibhialtaigh a chosaint freisin, a dúirt sé. As the Secretary General of the United Nations, António Guterres, said Micheál Martin, International Humanitarian Law cannot be applied on a selective basis. Mar a dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, arsa Micheál Martin, ní féidir an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm ar bhonn roghnach. He also said in his statement that the United Nations revealed yesterday that more children have been killed in Gaza since October 7 than have been killed in conflicts around the world combined since 2019. Dúirt sé ina ráiteas chomh maith gur thug na Náisiúin Aontaithe le fios inné gur maraíodh níos mó páistí in Gaza ón 7 Deireadh Fómhair ná mar a maraíodh i gcoimhlintí ar fud an domhain le chéile ó 2019. We cannot allow this to continue, it must be stopped, he said. Ní féidir linn ligean dó seo leanúint ar aghaidh, caithfear deireadh a chur leis, arsa sé. The Tánaiste said that ceasefires should be implemented, humanitarian aid allowed into Gaza and exit routes opened, as recommended by the European Union. Dúirt an Tánaiste gur cheart sosanna comhraic a chur i bhfeidhm, cabhair dhaonnúil a ligean isteach in Gaza agus bealaí amach as a oscailt, mar atá á mholadh ag an Aontas Eorpach. We can't wait any longer, he said. Ní féidir linn fanacht níos faide, arsa sé. RTÉ News and Current Affairs Palestinian girl injured in a bombing attack by Israeli forces on Khan Younis, Gaza, 30 October 2023 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Cailín Palaistíneach a gortaíodh in ionsaí buamála a rinne fórsaí Iosrael ar Khan Younis, Gaza, 30 Deireadh Fómhair 2023
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ys998a9o Contact: irishlingos@gmail.com The Springboks own the day...and the night in Paris. Is leis na Springboks an lá....agus an oíche i bPáras. The South African team has won the Rugby World Cup again. Tá Corn Rugbaí an Domhain buaite arís ag foireann na hAfraice Theas. The Springboks, the 2019 champions, managed to hang on to Webb Ellis again after a dramatic game in Paris tonight. D'éirigh leis na Springboks,seaimpíní na bliana 2019 Webb Ellis a chrochadh leo arís i ndiaidh chluiche drámatúil i bPáras anocht. The Boks took on the New Zealand All Blacks at the Stade de France. Chloígh na Boks foireann All Blacks na Nua Shéalainne sa Stade de France. South Africa had a one-point advantage 12-11 in the final, the same gap between themselves and their opponents in the semi-final and quarter-final. Farasbarr aon phointe amháin 12-11 a bhí ag an Afraic Theas ar deiridh, an bhearna chéanna a bhí idir iad féin agus a gcéillí comhraic sa chluiche leathcheannais agus ceathrú ceannais. New Zealand looked good when they got the only chance of the game 14 minutes into the second half, Beaudon Barrett throwing himself over the line in the corner with the oval ball under his belt. Bhí cuma na maitheasa ar an Nua Shéalainn nuair a fuair siad an t-aon úd den chluiche 14 nóiméad isteach sa dara leath, Beaudon Barrett á chaitheamh féin thar an líne sa choirnéal agus an liathróid ubhchruthach faoina ascail aige. But that was the final score of the game as the All Blacks failed to convert. Ach ba é sin an scór deiridh den chluiche mar gur theip ar an All Blacks an t-úd a shlánú. The Boks kept their nerve and held off New Zealand in the final 20 minutes. Choinnigh na Boks a misneach agus choinnigh siad amach an Nua Shéalainn sna 20 nóiméad deiridh. South Africa are therefore world rugby champions for the 4th time ever; surprise. Siad an Afraic Theas mar sin seaimpíní rugbaí an domhain don 4ú huair riamh;curiarracht. It will be their celebration tonight on the streets of Paris and in other cities further from home. Beidh sé ina cheilúradh anocht acu ar shráideanna Pháras agus i gcathracha eile níos faide ó bhaile. The victorious Boks in the World Cup Na Boks buacach i gCorn an Domhain
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ytg5bpya Contact: irishlingos@gmail.com Half of the waste water below the standards of the European Union. Leath den bhfuíolluisce faoi bhun chaighdeáin an Aontais Eorpaigh. Irish Water has been criticized by the Environmental Protection Agency (EPA) for the standards of waste water being pumped into the State's water systems. Tá Uisce Éireann cáinte ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA)faoi chaighdeáin an fhuíolluice atá á scoileadh isteach i gcórais uisce an Stáit. In the annual report for 2022 on the coral on urban wastewater, the EPA says that over half of the wastewater is below the environmental protection standards of the European Union. Sa tuarascáíl bhliantúil do 2022 ar an gcóiréail ar fhuíolluice uirbeach, deir an EPA go bhfuil os cionn a leath den fhuíolluisce faoi bhun chaighdeáin chosanta chomhshaoil an Aontais Eorpaigh. In addition, the report states that 3 olympic swimming pools of untreated sewage are being released into water systems every day, thanks to water treatment plants. Ina theannta sin, deir an tuarascáil go bhfuil díol 3 línn snámha oilimpeach de shéarachas abh gan chóireáil á scaoileadh isteach i gcórais uise gach lá, de cheal ionaid cóireála uisce. Although 6 villages have been connected to water treatment systems in the past year, 26 towns and villages are still without their own treatment system. Cé gur ceanglaíodh 6 shráidbhaile de chórais cóireála uisce le bliain anuas, tá 26 bhaile agus shráidbhaile fós gan a gcóras cóireála féin. 54,000 people live in these places, the majority of them in coastal towns. 54,000 duine atá ag cónaí sna háiteanna seo, agus a bhfórmór mór acu ina mbailte cois cósta. The last of these towns will not have a treatment system until the end of 2028. Ní bheidh córas cóireála ag an gceann deireanach de na bailte seo go dtí deireadh 2028. The EPA says the sewage is a threat to the environment and public health and recommends that this work be completed as soon as possible. Deir an EPA gur bagairt do chomhshaol agus don tsláinte phoiblí é an séarachas abh agus molann sé an obair seo a chur i gcrích a luaithe is féidir. The report said that 55% of urban waste water is coming from the 15 areas that have failed EU standards, and that new infrastructure is needed for this. Dúirt an tuarascáil go bhfuil 55 faoin gcéad den fhuíolluisce uirbeach ag teachtf ó na 15 cheantar ar theip orthu sna caighdeáin AE, agus go bhfuil infrastruchtúr nua ag teastáil chuige seo. For the areas that have infrastructure that does not meet the EU standards, the EPA says that significant and continuous investment will be required for the next 20 years to bring the now deficient system above the standard. Maidir leis na ceantair a bhfuil infrastruchtúr acu nach bhfuil an baint chaighdeáin an AE amach, deir an EPA go mbeidh infheistíocht shunastach agus leanúnach ag teastáil go ceann 20 bliain leis an córais atá anois easnamhach a thabhairt os cionn an chaighdeáin. Irish Water should have a long-term plan for this work, but there is no plan to come before the pollution of some of the worst affected bodies of water. Ba cheart go mbeadh plean fadtéarmach ag Uisce Éireann don obair seo, ach níl aon phlean ann le teacht roimh an truailliú ag roinnt de na dobharlaigh is measa atá buailte. Author of concern, said the Director of the Environmental Protection Agency, Dr. Údar imní, a dúirt Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, an Dr. Tom Ryan, that less than half of the waste water is reaching EU standards, thirty years after the State was supposed to do so. Tom Ryan, go bhfuil níós lú ná leath den bhfuíolluisce ag baint chaighdeáin an AE amach, tríocha bliaina tar éis don Stát bheith ceaptha sin a dhéanamh.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yljyxo5r Contact: irishlingos@gmail.com Flooding in the south: €100,000 aid to be approved by the Government. Tuilte sa deisceart: cabhair €100,000 le ceadú ag an Rialtas. Up to €100,000 could be made available to businesses and other organizations whose premises were severely damaged by floods last week, particularly in the south of the country, according to what is being proposed by the Minister for Enterprise Simon Coveney. D'fhéadfaí suas le €100,000 a chur ar fáil do ghnóthais agus d'eagraíochtaí eile a ndearna tuilte damáiste mór dá n-áitribh an tseachtain seo caite, go háirithe i ndeisceart na tíre, de réir a bhfuil á mholadh ag an Aire Fiontar Simon Coveney. There will be an exceptional support scheme, if accepted, which the Department of Enterprise and the Irish Red Cross Society will be responsible for administering. Scéim tacaíochta eisceachtúil a bheas ann, má ghlactar leis, a mbeidh an Roinn Fiontar agus Cumann Croise Deirge na hÉireann freagrach as a riar. It is estimated that around 150 people in Corran, Co Cork, will apply for the scheme - both businesses and community organisations, including a sports association. Meastar go gcuirfidh thart ar 150 dream i Mainistir na Corann, Co Chorcaí, isteach ar an scéim – idir ghnóthais agus eagraíochtaí pobail, cumann spóirt ina measc. Payments of €10,000 will be processed promptly but higher payments will need to be fully audited and assessed. Próiseálfar íocaíochtaí de €10,000 go pras ach caithfear iniúchadh agus measúnú iomlán a dhéanamh ar na híocaíochtaí is airde. According to the current scheme, support of up to €20,000 can only be given to people. De réir na scéime atá ann faoi láthair, ní féidir ach tacaíocht suas le €20,000 a thabhairt do dhaoine. That scheme will not be abolished - it is just that the exceptional scheme is being introduced, it is said, due to the exceptional circumstances that exist. Ní chuirfear deireadh leis an scéim sin – níl ann ach go bhfuil an scéim eisceachtúil á thabhairt isteach, a deirtear, de bharr na gcúinsí eisceachtúla atá ann. Before the Cabinet meeting this morning, Environment Minister Éamon Ryan said that the floods in east Cork last week were not unexpected. Roimh chruinniú na Comhaireachta ar maidin inniu, dúirt an tAire Comhshaoil Éamon Ryan nach raibh aon choinne leis na tuilte a bhí in oirthear Chorcaí an tseachtain seo caite. Climate change is affecting us now and we have to be prepared for it, he said. Tá an t-athrú aeráide ag dul i gcion orainn anois agus caithfimid a bheith ullamh faoina chomhair, arsa sé. For example, he said, the amount of rain that fell in Ireland in July was 200% higher than usual. Cuir i gcás, a dúirt sé, bhí an méid fearthainne a thit in Éirinn i mí Iúil 200 faoin gcéad níos airde ná mar is gnách. In light of this, as well as monetary compensation, flood protection schemes must be implemented without delay and a fresh look at the management of the country's rivers, said Minister Ryan. Ina fhianaise sin, chomh maith le cúiteamh airgid, ní mór scéimeanna cosanta tuilte a chur i bhfeidhm gan mhoill agus breathnú as an nua ar bhainistiú aibhneacha na tíre, a dúirt an tAire Ryan. He also asked the local authorities to be very vigilant this winter. D'iarr sé freisin ar na húdaráis áitiúla a bheith fíorairdealleach an geimhreadh seo. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xdz9tha Contact: irishlingos@gmail.com Iarnród Éireann is looking for 100 new drivers. 100 tiománaí nua á lorg ag Iarnród Éireann. Iarnród Éireann is to recruit 100 train drivers from here for the next 2 years. Tá Iarnród Éireann le 100 tiománaí traenach a earcú as seo go ceann 2 bhliain. The new employees will be based in various stations across the country - in Dublin, Waterford, Cork, Limerick, Galway, Mayo and Westmeath. I stáisiúin éagsúla ar fud na tíre a bheidh na fostaithe nua á mbunú - i mBaile Átha Cliath, Port Láirge, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Maigh Eo agus san Iarmhí. The company says it wants to recruit more women to drive and says the number of women on its training courses is rising. Tá an chuideachta ag sonrú gur mhaith leo breis ban a earcú le tabhairt faoin tiomáint agus deir siad go bhfuil líon na mban ar a gcuid cúrsaí oiliúna ag ardú. It is intended to increase the network of train rails from now on for several years under the National Development Plan 2021-2030. Tá sé i gceist gréasán na ráillí traenach a mhéadú as seo go ceann roinnt blianta faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030. Under the Plan it is planned to carry twice as many passengers on the DART system of the high city. Faoin bPlean tá sé beartaithe a dhá oiread paisinéirí a iompar ar chóras DART na h-ardcathrach.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ypajv2y3 Contact: irishlingos@gmail.com New Zealand v South Africa in the final. Nua Shéalainn v Afraic Theas sa chluiche ceannais. The Springbok of South Africa managed to get the upper hand over their opponents, England in the evening. The gap between the teams was the smallest at the end, 16 for South Africa, 15 for England. D'éirigh le Springbok na hAfraice Theas an lámh in uachtar a fháil ar a gcéillí comhraic, Sasana tráthnóné Bhí an bhearna ba lú ar deiridh idir na fóirne, 16 ag an Afraic Theas,15 ag Sasana. The game was played in the Stade de France in Saint Denis in Paris. Sa Stade de France i Saint Denis i bPáras a himríodh an cluiche. Penalty kicks being influential on the scoring is the story you would mention with the first half. Ciceanna píonóis a bhi tioncharach ar an scóráil an scéal a luafá leis an gcéad leath. England led 12-6 at half-time, then escaped with another 3 points. Bhí Sasana 12-6 chun cinn ag leath-am, ansin d'éalaigh siad 3 phointe eile. The score then was 15-6 in favor of England. An scór ansin ab ea 15-6 i bhfábhar Shasana. But then the Springboks woke up, a save from RG Snyman and the game was now only 2 points 15-13. Ach dhúisigh na Springboks ansin, úd ó RG Snyman a slánaíodh agus ní raibh sa chluiche anois ach 2 phointe 15-13. 2 minutes from the end Handre Pollard scored a penalty kick for South Africa and they won by one point. 2 nóiméad ón deiridh scóráil Handre Pollard cic píonóis don Afraic Theas agus bhí bua aon phointe acu.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ylg6rm2t Contact: irishlingos@gmail.com People in the south tackling the storm track. Daoine sa deisceart ag dul i ngleic le lorg na stoirme. People in east Cork and west Waterford are today dealing with the aftermath of the storm that hit the region yesterday and left many towns and villages under water. Tá daoine in oirthear Chorcaí agus in iarthar Phort Láirge ag dul i ngleic inniu le lorg na stoirme a bhuail an réigiún inné agus a d'fhág neart bailte agus sráidbhailte faoi uisce. Although Met Éireann had issued an orange warning yesterday and promised heavy rain, people did not expect the intensity of it. Cé go raibh fógra flannbhuí eisithe ag Met Éireann inné agus báisteach throm geallta acu, ní raibh aon choinne ag daoine leis an tréine a bhí inti. It is estimated, in fact, that a month's rain fell in the course of a day. Meastar, go deimhin, gur thit báisteach míosa in imeacht lae. Cork County Council has revealed that over 100 homes and businesses in the east of the county were flooded. Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Chorcaí gur thuil uisce isteach i mbarr ar 100 teach agus gnóthas in oirthear an chontae. The worst affected areas are Glenmaighir/Bailerosin, Minster Na Corran, White Gate, Clon, Ballyna Martra and Killay. Is iad na háiteanna is measa a buaileadh Gleann Maighir/Baile Roisín, Mainistir na Corann, an Geata Bán, Cluain, Baile na Martra agus Cill Ia. The Abbey Community Hospital was badly damaged and there is talk of evacuating patients from the place as a result. Rinneadh an- damáiste d'Ospidéal Pobail Mhainistir na Corann agus tá caint ar othair a aslonnú ón áit dá dheasca. There was also flooding in Linn Dubh and the Common Road area of Cork city. Bhí tuilte freisin sa Linn Dubh agus i gceantar Bhóthar an Choimín i gcathair Chorcaí. Tánaiste Micheál Martin and Minister Simon Coveney, who are both from Cork, said support would be provided to people in the region under the Government's Humanitarian Aid Scheme. Dúirt an Tánaiste Micheál Martin agus an tAire Simon Coveney, arb as Corcaigh iad beirt, go gcuirfí tacaíocht ar fáil do dhaoine sa réigiún faoi Scéim Chúnaimh Dhaonnachta an Rialtais. Met Éireann has issued a yellow warning regarding the rain that is expected in Co Kerry today. Tá fógra buí eisithe ag Met Éireann maidir leis an mbáisteach atá geallta i gCo Chiarraí inniu. It is estimated that there will be cold weather in parts of the county and people are being asked to be very careful when they are driving. Meastar go mbeidh fuarlaigh in áiteanna sa chontae agus táthar ag achainí ar dhaoine a bheith an-chúramach nuair atá siad ag tiomáint. The yellow notice will apply between 6 o'clock this evening and 6 o'clock tomorrow evening. Beidh feidhm leis an bhfógra buí idir 6 a chlog tráthnóna inniu agus 6 a chlog tráthnóna amárach. A yellow notice has also been issued in the north regarding the rain that is promised in Armagh, Derry, Dun, Fermanagh and Tyrone. Tá fógra buí eisithe ó thuaidh chomh maith maidir leis an mbáisteach atá geallta in Ard Mhacha, i nDoire, sa Dún, i bhFear Manach agus i dTír Eoghain. The situation is more serious in parts of Scotland, however. Is tromchúisí a bheas an scéal in áiteanna in Albain, áfach. The meteorologists have predicted high wind and "exceptional" rain and believe that life could be at risk as a result, especially in Aberdeenshire and Angus in the east of Scotland. Tá gaoth mhór agus báisteach "eisceachtúil" tuartha ag na meitéareolaithe thall agus dar leo go bhféadfadh beatha a bheiith i mbaol dá bharr, go háirithe i Siorrachd Obar Dheathain agus in Aonghas in oirthear na hAlban. People in those places are being advised to stay at home. Táthar ag comhairliú do dhaoine sna háiteanna sin fanacht sa bhaile. RTÉ News and Current Affairs Corinth Abbey under water (Pic: Damien Rytel)