jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/2856nhj2
Contact: irishlingos@gmail.com
Israel threatens to invade Rafah at the start of Ramadan.
Iosrael ag bagairt ionradh a dhéanamh ar Rafah faoi thús Ramadan.
One of Israel's three war ministers has warned that the country's military forces will fully invade the southern Gaza city of Rafah by March 10 if the Israeli hostages held in the enclave are not released before then.
Tá foláireamh tugtha ag duine de thriúr airí cogaidh Iosrael go déanfaidh fórsaí míleata na tíre ionradh iomlán ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza faoin 10 Márta mura scaoilfear saor roimhe sin na gialla Iosraelacha atá á gcoinneáil san iamhchríoch.
Benny Gantz, the former chief of staff of the Israeli Army, made the threat while speaking to the American Jewish conference in Jerusalem yesterday.
Is é Benny Gantz, iarcheann foirne Arm Iosrael, a rinne an bhagairt agus ag labhairt le comhdháil Ghiúdaigh Mheiriceá in Iarúsailéim inné.
Ramadan will begin around March 10, when Muslims fast between two darknesses for a month.
Is thart ar an 10 Márta a chuirfear tús le Ramadan, tráth a dhéanann Moslamaigh troscadh idir dhá dhorcha ar feadh míosa.
Ramadan is one of the most important rituals in the Islamic calendar and the vast majority of Palestinians in Gaza are Muslims.
Tá Ramadan ar cheann de na deasghnátha is tábhachtaí i bhféilire Ioslam agus Moslamaigh is ea formhór mór Phalaistínigh Gaza.
According to Benny Gantz, the invasion of Rafah will be carried out in collaboration with Israel's allies – Egypt and the United States – in the hope of keeping the number of civilians killed as low as possible, as he said.
Dar le Benny Gantz go ndéanfar an t-ionradh ar Rafah i gcomhar le comhghuaillithe Iosrael – an Éigipt agus na Stáit Aontaithe – le súil an líon sibhialtach a mharófar a choinneáil chomh híseal agus is féidir, mar a dúirt sé.
Despite what Benny Gantz claimed, Egypt and the United States are among the many countries that are petitioning the Israelis not to invade Rafah in light of what the people there are currently suffering, not to mention the extreme suffering that it would be there if there was still more destruction.
In ainneoin ar mhaígh Benny Gantz, tá an Éigipt agus na Stáit Aontaithe i measc an iliomad tíortha atá ag achainí ar na hIosraelaigh gan ionradh a dhéanamh ar Rafah i bhfianaise a bhfuil á fhulaingt ag an bpobal ann faoi láthair, gan trácht ar an tsárfhulaingt a bheadh ann dá ndéanfaí tuilleadh scriosta fós ann.
Israelis say Rafah is the last stronghold of Hamas militants in Gaza.
Deir na hIosraelaigh go bhfuil Rafah ar an dún daingean deireanach atá ag lucht airm Hamas in Gaza.
The Israelis are sworn, they say, to eradicate Hamas in Rafah and everywhere else in the Palestinian territories.
Tá na hIosraelaigh mionnaithe, a deir siad, Hamas a dhíothú in Rafah agus i ngach áit eile sna críocha Palaistíneacha.
About 1.4 million people currently live in Rafah as refugees from their base, people who fled before the Israelis in other places in Gaza.
Tá thart ar 1.4 milliún duine ina gcónaí in Rafah faoi láthair ar dídeanaithe a mbunáite, daoine a theith roimh na hIosraelaigh in aiteanna eile in Gaza.
Most of them do not have enough food and it is becoming too difficult for relief agencies to provide the basic necessities of life to the troublemakers because of the obstacles that the Israeli forces put in their way.
Níl riar a gcáis ag a bhformhór acu agus tá sé ag dul ródheacair ar ghníomhaireachtaí fóirithinte bunriachtanais na beatha a chur ar fáil do na hainniseoirí mar gheall ar na constaicí atá fórsaí Iosrael a chur sa bhealach orthu.
It is indeed reported that some of the refugees live on animal food.
Tuairiscítear go deimhin gur beo ar bhia ainmhithe atá cuid de na dídeanaithe.
There has been no success so far, however, in the attempt by international diplomats to convince Israel on the o...