jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
visit this site to buy some cheap pearls from the street markets of Thailand
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ys3zlg8b
Contact: irishlingos@gmail.com
Gaza: Americans demand an immediate ceasefire.
Gaza: Meiriceánaigh ag éileamh sos comhraic láithreach.
US Vice President Kamala Harris has said that a cease-fire should be implemented in Gaza immediately and that the Israelis should allow more relief supplies into the Palestinian enclave without further delay.
Tá sé ráite ag Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe Kamala Harris gur chóir sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza láithreach agus gur chóir do na hIosraelaigh níos mó soláthairtí fóirithinte a ligean isteach san iamhchríoch Phalaistíneach gan a thuilleadh moille.
Kamala Harris said that I agreed with the reason because people in Gaza were suffering from famine and the life of the community there was terribly hard.
Dúirt Kamala Harris go raibh téirim leis an gcúis mar go raibh daoine in Gaza ar an ngorta agus go raibh saol an phobail ann uafásach crua.
There was also a term, which did not exist before, to depend on the speech of the Vice-President and it is understood that the coming of Ramadan will calm him down.
Bhí téirim freisin, nach raibh ann cheana, le brath ar chaint an Leas- Uachtaráin agus tuigtear gurb é teacht Ramadan is siocair leis.
Ramadan is one of the most important rituals in the Islamic calendar, a time when Muslims fast from dawn to dusk and will begin at sundown next Sunday.
Tá Ramadan ar cheann de na deasghnátha is tábhachtaí i bhféilire Ioslam, tráth a dhéanann Moslamaigh troscadh ó mhaidin go faoithin agus a gcuirfear tús leis le dul faoi na gréine Dé Domhnaigh seo chugainn.
It is reported that representatives from the United States and Qatar are still trying to persuade Hamas to accept the ceasefire proposed by those countries.
Tuairiscítear go bhfuil ionadaithe ó na Stáit Aontaithe agus ó Chatar fós ag iarraidh a chur i bhfáth ar Hamas glacadh le comha an tsosa comhraic atá molta ag na tíortha sin.
It is understood that the Israelis have already accepted what the diplomats proposed, for the most part.
Tuigtear go bhfuil glactha cheana féin ag na hIosraelaigh lenar chuir na taidhleoirí faoina mbráid, ar an gcuid is mó de.
According to the deal that hasn't been made yet, the Israelis would loosen their grip on Gaza a bit and let more relief supplies in.
De réir a bhfuil sa mhargadh nach bhfuil déanta fós, bhogfadh na hIosraelaigh beagán an greim atá acu ar Gaza agus ligfidís tuilleadh soláthairtí fóirithinte isteach ann.
In that case, Hamas would allow the withdrawal of the Israeli hostages they are holding in Gaza and the Israelis would free the Palestinian hostages they themselves are holding in various prisons.
Ina cheann sin, ligfeadh Hamas an scoir leis na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil in Gaza agus shaorfadh na hIosraelaigh géibheannaigh Phalaistíneacha atá siad féin a choinneáil i bpríosúin éagsúla.
It seems that this is not enough for Hamas since all the groundwork has been left to the Palestinians and it is reported that they are demanding that the Israelis withdraw completely from Gaza.
Dealraíonn sé nach leor do Hamas an méid sin ó tá an treampán bunáite ar fad fágtha ar na Palaistínigh agus tuairiscítear go bhfuil siad ag éileamh ar na hIosraelaigh tarraingt amach go hiomlán as Gaza.
The United States and other countries have been dropping food supplies from planes for the people of Gaza in recent days after what some aid organizations have called a weak and ineffective policy.
Tá na Stáit Aontaithe agus tíortha eile ag ligean anuas soláthairtí bia as eitleáin le haghaidh mhuintir Gaza le cúpla lá tar éis go bhfuil sé ráite ag roinnt eagraíochtaí fóirithinte gur polasaí lag agus neamhéifeachtúil atá ann.
It would be much better, according to those organizations, for the Israelis to fulfill their own duties towards the ...