20240116_IRISH_bua_rabach_ag_donald_trump_i_gcacas_iowa
JAN 16
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/ymm7tmet

Contact: irishlingos@gmail.com
Donald Trump's landslide victory in the Iowa caucuses.
Bua rábach ag Donald Trump i gcácas Iowa.
The former President of the United States Donald Trump had a landslide victory in the Republican Party's caucus in the state of Iowa last night, according to what pollsters are predicting.
Is bua rábach a bhí ag iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i gcácas an Pháirtí Phoblachtaigh i stát Iowa aréir, de réir a bhfuil á thuar ag lucht pobalbhreithe.
There will be a presidential election in the United States next November and members of the Republican Party were voting for their own candidate.
Beidh toghchán uachtaránachta sna Stáit Aonaithe mí na Samhna seo chugainn agus bhí baill den Pháirtí Poblachtach ag vótáil ar son a rogha iarrthóra féin.
With 95% of the votes unofficially seen by the tally keepers, Donald Trump is currently estimated to have received 51% of the votes.
Agus 95 faoin gcéad de na vótaí feicthe go neamhoifgiúil ag lucht coinneála scóir, meastar faoi láthair gur 51 faoin gcéad de na vótaí a fuair Donald Trump.
After that, it is estimated that 21% of the votes were received by Ron DeSantis; Nikki Haley received 19%; and about 8% received by Vivek Ramaswamy.
Ina dhiaidh sin, meastar gur 21 faoin gcéad de na vótaí a fuair Ron DeSantis; 19 faoin gcéad a fuair Nikki Haley; agus thart ar 8 faoin gcéad a fuair Vivek Ramaswamy.
Vivek Ramaswamy announced that he would not be a candidate in the next caucus in view of the result in Iowa and asked his supporters to vote for Donald Trump in the future.
D'fhógair Vivek Ramaswamy nach mbeadh sé ina iarrthóir sa chéad chácas eile i bhfianaise an toraidh in Iowa agus d'iarr sé ar a lucht tacaíochta vótáil ar son Donald Trump feasta.
No Republican candidate has ever had as big a victory in the Iowa caucus as Donald Trump and he is considered to be well ahead of the other candidates nationally as well.
Ní raibh bua chomh mór riamh ag aon iarrthóir Poblachtach i gcácas Iowa agus a bhí ag Donald Trump agus meastar go bhfuil sé go mór chun cinn ar na hiarrthóirí eile go náisiúnta freisin.
That makes it as certain as Easter is on Sunday – and all other things being the same – that Donald Trump will be the candidate of the Republicans on November 5.
Fágann sin go bhfuil sé chomh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach – agus gach ní eile mar a chéile – gurb é Donald Trump a bheas mar iarrthóir ag na Poblachtaigh ar an 5 Samhain.
All this despite the various legal cases he is fighting, not to mention the controversy that attracts almost every political statement he makes.
É sin ar fad ainneoin na gcásanna éagsúla dlí a bhfuil sé ag dul i ngleic leo, gan trácht ar an gconspóid a tharraingíonn beagnach gach ráiteas polaitiúil a dhéanann sé.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Comments