20240123_IRISH_diobhail_na_doininne_a_leasu,_ach_stoirm_eile_geallta
JAN 23
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/yqnd24jq

Contact: irishlingos@gmail.com
The damage of the hurricane is being repaired, but another storm is promised.
Díobháil na doininne á leasú, ach stoirm eile geallta.
About 57,000 premises in the State are still without power due to the damage caused by the storm to parts of the electricity supply network for two days.
Tá thart ar 57,000 áitreabh sa Stát fós gan chumhacht de bhíthin an damáiste a rinne an stoirm do chodanna den líonra soláthair leictreachais le dhá lá.
Homes, farms and businesses in the north-west of the country are the most affected.
Tithe, feirmeacha agus gnóthais in iarthuaisceart na tíre is mó atá thíos leis.
Donegal, Leitrim, Cavan, Sligo and Mayo, it is on those five counties that the Electricity Supply Board teams are currently focusing as they do their best to rectify the damage and make power available again to people who have been missing since last night.
Dún na nGall, Liatroim, an Cabhán, Sligeach agus Maigh Eo, is ar na cúig chontae sin atá meithleacha Bhord Soláthair an Leictreachais ag díriú faoi láthair agus iad ag déanamh a míle dícheall an díobháil a leasú agus an chumhacht a chur ar fáil arís do dhaoine atá dá huireasa ó arú aréir.
There is an end to the work, however, since the situation is going to get worse in the afternoon and another big wind storm is promised.
Tá téirim leis an obair, ámh, ó tá an scéal le dul in aimhréidh tráthnóna agus anfa mór gaoithe eile geallta.
In fact, the next storm is expected to cut power again in some of the same places and in other places.
Go deimhin, meastar go ngearrfar an chumhacht arís i roinnt de na háiteanna céanna agus in áiteanna eile de bharr na chéad stoirme eile.
Met Éireann has issued an orange warning for Donegal which will apply from 6 o'clock in the evening until 2 o'clock tomorrow morning.
Tá foláireamh flannbhuí eisithe ag Met Éireann i leith Dhún na nGall a mbeidh feidhm leis óna 6 a chlog tráthnóna go dtí 2 a chlog ar maidin amárach.
The orange warning also applies to two other counties - Galway and Mayo - but it is expected that the wind will ease in those two places by midnight.
Baineann an foláireamh flannbhuí le dhá chontae eile freisin – Gaillimh agus Maigh Eo – ach meastar go mbeidh an ghaoth maolaithe sa dá áit sin faoin meán oíche.
In that regard, a yellow wind warning has been issued for the whole country which will apply until 5 o'clock tomorrow morning.
Ina cheann sin, tá foláireamh buí gaoithe eisithe i leith na tíre ar fad a mbeidh feidhm leis go dtí 5 a chlog ar maidin amárach.
People are being advised to stay at home during the storm and not to hit the road unless their journey is absolutely necessary.
Táthar ag comhairliú do dhaoine fanacht sa bhaile le linn na doininne agus gan cur chun bóthair mura bhfuil géarghá lena n-aistear.
Since some structures and trees have already been weakened by the strong wind that has been there for a few days, the meteorologists say, the next storm could knock them down and fall on top of people and cars unexpectedly.
Ó tá struchtúir áirithe agus crainn lagtha cheana féin ag an ngaoth láidir a bhí ann le cúpla lá, a deir na meitéareolaithe, d'fhéadfadh an chéad stoirm eile iad a leagan scun scan agus titim i mullach ar dhaoine agus ar ghluaisteáin gan choinne.
RTÉ News and Current Affairs A team from the Electricity Supply Board at work in Carnmore, Co Galway
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Meitheal ó Bhord Soláthair an Leictreachais i mbun oibre sa Charn Mór, Co na Gaillimhe
Comments