20240130_IRISH_fainic_as_gaoth_dobhair_faoi_chraoladh_aifrinn_ar_an_idirlion
JAN 30
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/yw9yqte2

Contact: irishlingos@gmail.com
Beware of Gaoth Dobhair about broadcasting mass on the internet.
Fainic as Gaoth Dobhair faoi chraoladh aifrinn ar an idirlíon.
An undertaker in Gaoth Dobhair is appealing to the public to be careful about the sites they use to view funeral and memorial masses on the internet.
Tá adhlacóir i nGaoth Dobhair ag achainí ar an bpobal a bheith cúramach faoi na suíomhanna a úsáideann siad le féachaint ar aifrinn sochraide agus aifrinn cuimhneacháin ar an idirlíon.
Last weekend fraudsters created a fake link on the undertaker's website and people had to pay money to watch a mass in memory of a local man who was tragically killed in Gaoth Dobhair in 2019.
An deireadh seachtaine seo caite chruthaigh caimiléirí nasc bréige ar leathanach idirlín an adhlacóra agus bhí ar dhaoine airgead a íoc le féachaint ar aifreann i gcuimhne ar fhear áitiúil a maraíodh go tubaisteach i nGaoth Dobhair i 2019.
Kieran Roarty has a very busy funeral company in that town.
Cuideachta adhlacóireachta an-ghnóthach atá ag Kieran Roarty ar an mbaile sin.
Due to Covid-19, the company's live broadcast of funerals and memorial masses has become very popular.
De bharr Chovid a 19 tá ráchairt mhór ar an gcraoladh beo a dhéanann an chuideachta ar thórraimh agus ar aifrinn cuimhneacháin.
But over the weekend schemers created a fake link on the undertaker's Facebook page asking people to open an account and pay money to view a mass in memory of the young man who was tragically killed 5 years ago.
Ach i rith an deireadh seachtain chruthaigh lucht scéiméireachta nasc bréige ar leathanach Facebook an adhlacóra ag iarraidh ar dhaoine cuntas a oscailt agus airgead a íoc le hamharc ar aifreann i gcuimhne ar an ógfhear a maraíodh go tubaisteach 5 bhliana ó shin.
Kieran Roarty says he reported the fake link called recostv.live to Meta, the global conglomerate that owns Facebook.
Deir Kieran Roarty gur thug sé tuairisc faoin nasc bréige darbh ainm recostv.live do Meta, an ollchuideachta dhomhanda ar leo Facebook.
Kieran is asking people to report suspicious links to his short immediately.
Tá Kieran ag iarraidh ar dhaoine nascanna amhrasacha dá short a thuairisciú láithreach.
Yesterday's mass was in memory of Micheál Roarty from Gaoth Dobhair.
Ba i gcuimhne ar Mhicheál Roarty as Gaoth Dobhair a bhí aifreann an lae inné.
Micheal was one of four young men who were killed in a road accident, today in 2019 - an accident that shocked the whole community.
Bhí Micheal ar dhuine de cheathrar fear óg a maraíodh i dtubaiste bóthair, cothrom an lae inniu i 2019 - timpiste a chuaigh go smior sa bpobal uilig.
Meta tells the Evening Newsroom that they take down scams as soon as they are reported.
Deir Meta le Seomra na Nuachta tráthnóna go mbaineann siad anuas camscéimeanna chomh luath is a thuairiscítear iad.
Ailbhe Ó Monacháin will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.
Comments