20240229_IRISH_john_o’shea_ina_bhainisteoir_eatramhach_ar_fhoireann_na_heireann
FEB 29
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/2d8qdsh7

Contact: irishlingos@gmail.com
John O
John O'Shea ina bhainisteoir eatramhach ar fhoireann na hÉireann.
John O'Shea has been appointed as interim manager of the Republic of Ireland soccer team for the two challenge games against Belgium and Switzerland next month.
Tá John O'Shea ceaptha mar bhainisteoir eatramhach ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann don dá chluiche dúshláin in aghaidh na Beilge agus na hEilvéise an mhí seo chugainn.
His official job title is interim head coach.
Príomh-chóitseálaí eatramhach teideal oifigiúil a phoist.
In a statement, the Football Association of Ireland (FAI) indicated that a permanent manager would be appointed in early April.
I ráiteas, thug Cumann Peile na hÉireann (FAI) le fios go gceapfaí bainisteoir buan i dtús an Aibreáin.
John O'Shea was one of the coaches who worked with the last manager Stephen Kenny who was sacked last November.
Bhí John O'Shea ar dhuine de na cóitseálaithe a bhí ag obair leis an mbainisteoir deireanach Stephen Kenny a briseadh as a phost i mí na Samhna seo caite.
He also recently spent a spell working as a coach with Birmingham City.
Chaith sé seal le gairid freisin ag obair mar chóitseálaí le Birmingham City.
Paddy McCarthy – coach at Crystal Palace – will be John O'Shea's assistant manager.
Is é Paddy McCarthy – cóitseálaí le Crystal Palace – a bheas mar leasbhainisteoir ag John O'Shea.
John O'Shea is originally from Waterford.
Is as Port Láirge John O'Shea ó dhúchas.
He was a defender with Manchester United and Sunderland and played for Ireland 118 times.
Cosantóir le Manchester United agus le Sunderland a bhí ann agus d'imir sé d'Éirinn 118 uair.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Comments