20220713_IRISH_buisead_na_bhforsai_cosanta_le_hardu_go_€1.5_billiun_faoi_2028
JUL 13, 2022
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2ygzd4nj

Contact: irishlingos@gmail.com
Defense Forces budget to increase to € 1.5 billion by 2028.
Buiséad na bhFórsaí Cosanta le hardú go €1.5 billiún faoi 2028.
The cabinet has agreed to increase the budget for the Defense Forces, Defense Forces, to € 1.5 billion by 2028.
Tá sé aontaithe ag an gcomh-aireacht go n-ardófar an buiséad do na Fórsaí Cosanta, Óglaigh na hÉireann, go dtí €1.5 billiún faoin mbliain 2028.
Under the new budget, low grade allowances will be increased from € 89 per week to € 5,000 per year.
Faoin mbuiséad nua, ardófar liúntais dóibh sin atá ar ghrád íseal ó €89 in aghaidh na seachtaine go dtí €5,000 in aghaidh na bliana.
Minister Coveney said today that the Government's decision would be the biggest decision for the Defense Forces ever and one of the biggest things he has done since he started dealing with politics.
Dúirt an tAire Coveney inniu go mbeadh an cinneadh Rialtais ar an gcinneadh is mó do na Fórsaí Cosanta riamh agus ceann do na rudaí is mó a bheidh déanta aige féin ó thosaigh sé ag plé le cúrsaí polaitíochta.
The Commission wants this target to be achieved by 2030 but the Minister aims to have the funding available two years earlier, in 2028.
Tá an Comisiún ag iarraidh go mbainfí an sprioc seo amach faoin mbliain 2030 ach tá sé mar aidhm ag an Aire an maoiniú a bheith ar fáil dhá bhliain roimhe sin, i 2028.
Defense Minister Simon Coveney said that every country in the European Union was looking to increase its Defense resources and this country must do so.
Dúirt an tAire Cosanta Simon Coveney go raibh gach tír san Aontas Eorpach ag féachaint le cur lena gcuid acmhainní Cosanta agus go gcaithfidh an tír seo amhlaidh a dhéanamh.
He said that although Ireland is a neutral country, that does not mean that the country is safe.
Dúirt sé cé go gur tír neodrach í Éire, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an tír sábháilte.
Richard Boyd Barrett of the Community for Profit Alliance said he welcomed the improvement in wages but said it was hard to believe that the Government was going to spend money on military equipment when it is failing to tackle the cost of living. .
Dúirt Richard Boyd Barrett ón gComhaontas Pobal seachas Brabús go gcuireann sé fáilte roimh fheabhsú ar chúrsaí pá ach deir sé go bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil an Rialtas le hairgead a chaitheamh ar threalamh míleata nuair atá ag teipeadh orthu dul i ngleic leis an gcostas maireachtála.
Labor Party Defense Spokesman Senator Mark Wall said at least 3,000 additional workers will be needed to implement the plan announced today.
Dúirt Urlabhraí Cosanta Pháirtí an Lucht Oibre, an Seanadóir Mark Wall go mbeidh 3,000 oibrí breise ar a laghad ag teastáil chun an plean a fógraíodh inniu a chur i bhfeidhm.
Defense Forces budget to be raised by Minister for Defense to € 1.5 billion by 2028
Buiséad na bhFórsaí Cosanta le hardú ag an Aire Cosanta go €1.5 billiún faoin mbliain 2028
Comments