20220717_IRISH_nil_aon_duine_le_cuiseamh_maidir_le_bas_deirdre_jacob
JUL 17, 2022
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/26jlgy3s

Contact: irishlingos@gmail.com
No one has been charged in relation to Deirdre Jacob's death.
Níl aon duine le cúiseamh maidir le bás Deirdre Jacob.
Eighteen-year-old Deirdre Jacob was last seen outside her home on Ballybarrett Road, outside Newbridge in County Kildare at 3 o'clock on Friday, July 28, 1998.
Chonacthas Deirdre Jacob, ocht mbliana déag d'aois, don uair dheireanach taobh amuigh dá teach cónaithe ar Bhóthar Bhaile Bhairéad, taobh amuigh den Droichead Nua i gContae Chill Dara ar 3 a chlog dé hAoine, 28 Iúil, 1998.
She disappeared without a trace or report.
D'imigh sí gan tásc ná tuairisc.
A fresh investigation was launched and the case was upgraded to a murder case four years ago.
Cuireadh fiosrúchán úr ar bun agus rinneadh uasghrádú ar an gcás, go cás dúnmharaithe ceithre bliana ó shin.
A file was submitted to the Director of Public Prosecutions, based on what emerged in that inquiry.
Cuireadh comhad faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí, bunaithe ar an méid a tháinig chun cinn sa bhfiosrúchán sin.
But the file was returned by the Gardai saying they did not intend to charge anyone based on that information.
Ach cuireadh an comhad ar ais ag na Gardaí ag rá nach raibh sé i gceist acu aon duine a chúiseamh bunaithe ar an eolas sin.
In 2021, a wooded area - An t'Uisce Beag, a rural area in the south-east of Kildare, bordering Wicklow - was being searched by the Gardaí in order to find the remains of certain women who have been missing for over twenty years.
I 2021, bhí ceantar coillte - An tUisce Beag, ceantar tuaithe in oirdheisceart Chill Dara, teorainneach le Cill Mhantáin - á chuardach ag na Gardaí féachaint le teacht ar thaisí ban áirithe atá ar iarraidh le breis is fiche bliain.
Gardai say they found no evidence.
Deir na Gardaí nach bhfuair siad aon fhianaise.
These are women who have not been identified or reported since the 1990s.
Mná iad seo nach bhfuil tásc ná tuairisc orthu óna 1990-idí.
At least six of them are involved in the Leinster region.
Tá ar a laghad seisear díobh i gceist i réigiún Chúige Laighean.
Gardaí say Deirdre Jacob's family have been informed that no one will be charged at this time.
Deir na Gardaí go bhfuil teaghlach Deirdre Jacob curtha ar an eolas nach mbeidh aon duine á chúiseamh ag an am seo.
The inquiry is still ongoing, they say, and anyone with information about the murder has been asked to contact them at Kildare Garda station.
Tá an fiosrúchán fós ar bun, a deir siad, agus tá iarrtha ar aon duine a bhfuil aon eolas aige faoin dúnmharú teagmháil a dhéanamh leo ag stáisiún na nGardaí i gCill Dara.
Comments