20220720_IRISH_teifigh_on_ucrain_tagtha_chomh_fada_le_campa_bhaile_mhic_gormain
JUL 20, 2022
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2y4aw8y6

Contact: irishlingos@gmail.com
Refugees from the Ukraine have arrived as far as the Gormanstown camp.
Teifigh ón Úcráin tagtha chomh fada le campa Bhaile Mhic Gormáin.
Up to 150 refugees from Ukraine will be staying at the Gormanstown military camp in County Meath from today.
Beidh suas le 150 teifeach ón Úcráin ag fanacht i gcampa míleata Bhaile Mhic Gormáin i gContae na Mí ón lá inniu amach.
The first bus with refugees from Ukraine has arrived in Gormanstown.
Tá an chéad bhus le teifigh ón Úcráin air tar éis Baile Mhic Gormáin a bhaint amach.
The bus reached the military camp shortly after four o'clock in the evening.
Shroich an bus an campa míleata go gairid tar éis a ceathar a chlog tráthnóna.
It is understood that there were 44 Ukrainians on that bus.
Tuigtear go raibh 44 Úcránach ar an mbus sin.
The Government says that the refugees will stay in the accommodation provided in tents for a week at most.
Deir an Rialtas go bhfanfaidh na teifigh sa chóiríocht atá a cur ar fáil i bpubaill ar feadh seachtaine ar a mhéad.
Up to 350 people can stay there.
Is féidir le suas le 350 duine fanacht ann.
Since the end of February, approximately 43,000 refugees from Ukraine have arrived in Ireland.
Ó dheireadh Mhí Feabhra, tá tuairim is 43,000 teifeach ón Úcráin tagtha go hÉireann.
The camp for refugees was opened in Bally MacGorman following difficulties with State accommodation for new people coming to the country.
Osclaíodh an campa do theifigh i mBaile Mhic Gormáin i ndiaidh deacrachtaí a bheith ann maidir le cóiríocht Stáit do dhaoine nua a bhí ag teacht chun na tíre.
Over 300 people had to wait at Dublin airport last week to cancel accommodation.
B'éigean do bhreis is 300 duine fanacht ag aerfort Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ceal lóistín.
16 people will be staying in one tent in MacGorman Town and there are facilities for taking a shower and toilets on the site.
Beidh 16 duine ag fanacht i bpuball amháin i mBaile Mhic Gormáin agus tá áiseanna chun cith a thógaint agus leithris ar an suíomh.
Minister Roderic O'Gorman said that the refugees will stay there for a week at most and that it is not intended to be a long-term facility in a camp in Bally MacGorman.
Dúirt an tAire Roderic O'Gorman go bhfanfaidh na teifigh ann ar feadh seachtaine ar a mhéad agus nach bhfuil sé i gceist gur áis fhadtéarmach a bheidh i gcampa i mBaile Mhic Gormáin.
Refugees from the Ukraine have arrived at the Bally MacGorman camp Refugees from the Ukraine are staying at the Bally MacGorman camp
Teifigh ón Úcráin tagtha go campa Bhaile Mhic Gormáin Teifigh ón Úcráin ag fanacht ag campa Bhaile Mhic Gormáin
Comments