20220723_IRISH_an_taoiseach_mothuchanach_faoi_gheibheannas_a_uncail_i_singeapor
JUL 23, 2022
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2xzxtnqu

Contact: irishlingos@gmail.com
An emotional Taoiseach about his uncle's imprisonment in Singapore.
An Taoiseach mothúchánach faoi ghéibheannas a uncail i Singeapór.
Report by Tomás Ó Mainnín to be broadcast on TG4 at 7 The Taoiseach's 4-day official visit to Japan and Singapore has come to a close.
Tuairisc le Tomás Ó Mainnín le craoladh ar TG4 ag a 7 Tá clabhsúr curtha ar chuairt oifigiúil 4 lá a bhí ar bun ag an Taoiseach ar an tSeapáin agus ar Singeapór.
He spent part of the day in the Changi Museum in Singapore, a museum that examines the Japanese invasion of the country in the Second World War.
I Músaem Changi i Singeapór a chaith sé píosa den lá, músaem a chíorann ionradh na Seapáine ar an tír sa Dara Cogadh Domhanda.
Micheál Martin had a special reason for being there: It was a prison camp where prisoners of war were kept and in 1942 it was there that the Taoiseach's uncle, Philip Martin, who was captured while on duty with the Royal Engineers of the British Army, was sent there. the Japanese took possession of the island.
Bhí cúis ar leith ag Micheál Martin a bheith ann: Campa géibhinn a bhí ann inar coinníodh príosúnaithe cogaidh agus i 1942 is ann a cuireadh uncail leis an Taoiseach, Philip Martin, a gabhadh agus é ar dualgas le Innealtóirí Ríoga Arm na Breataine, nuair a fuair na Seapánaigh seilbh ar an oileán.
During the War he was thought to have died but in 1945 when the geese were freed Philip Martin was among the prisoners released.
Ceapadh le linn an Chogaidh go raibh sé tar éis bháis ach i 1945 nuair a fuasclaíodh na géibheannaigh bhí Philip Martin i measc na bpríosúnach a scaoileadh saor.
Micheál Martin said he was moved, emotional in the museum as he remembered his uncle.
Duirt Micheál Martin go raibh sé corraithe, mothálach san músaem agus é ag cuimhniú ar a uncail.
"We heard more stories about the hardships suffered by the prisoners, about the hard work they did, with little food.
"Is mó scéalta a chuala muid faoin gcruatan a d'fhulaing na priosúnaigh, faoin obair chrua a rinne siad, ar bheagán bia.
Philip left the camp weighing just eight stone", said the Taoiseach.
D’fhág Philip an campa agus gan é ach ocht gclocha meáchain", a dúirt an Taoiseach.
Earlier today, his last day in the Far East, Micheál Martin met the Prime Minister of Singapore Lee Hsein Loong.
Roimhe sin inniu, an lá deirneach aige sa gCianOirthear, bhuail Micheál Martin le Príomhaire Singeapór Lee Hsein Loong.
The meeting lasted a little over an hour and discussed security issues and climate change.
Beagán le cois uair a’ chloig a mhair an cruinniú ag ar pléadh deirtear cursaí slándála agus athrú aeráide.
The Taoiseach pulled down what is said to be the rights of gay people in Singapore.
Tharraing an Taoiseach anuas a deirtear cearta daoine aeracha i Singeapór.
In addition, he informed the Prime Minister, it was revealed to the media, that Ireland does not agree with the death penalty.
Ina theannta sin, chuir sé i n-iúl don Phríomhaire, tugadh le fios do na meáin, nach n-aontaíonn Éirinn le pionós an bháis.
Today the fifth person died since the beginning of the year in the country.
Inniu a cuireadh den tsaol an cúigiú duine ó thús na bliana sa tír.
Mr Loong replied, it was reported, that the death penalty is needed for arrests against illegal drug dealing.
D’fhreagair an tUas Loong, tuairiscíodh, go bhfuil pionós an bháis ag teastáil le ghabháil i ngleic le mangaireacht drugaí mídhleathacha.
After that meeting, the Taoiseach attended a meeting with representatives from Enterprise Ireland and new contracts were being signed by companies from this country doing business in Singapore.
Tar éis an chruinnithe sin, d’fhreastail an Taoiseach ar chruinniú le ionadaithe ó Fiontar Éireann agus conarthaí nua á siniú ag cuideachtaí as an tír seo atá i mbun gnó i Singeapór.
Comments