20231105_IRISH_fear_on_tra_bhain_i_gconamara_ag_crochadh_leis_corn_ui_riada
NOV 05, 2023
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ykt7562s

Contact: irishlingos@gmail.com
A man from White Beach in Connemara hanging out with Corn Uí Riada.
Fear ón Trá Bháin i gConamara ag crochadh leis Corn Uí Riada.
Colm 'Jimí' Ó Curraoin from the Connemara Gaeltacht is the winner of this year's main Oireachtas singing competition.
Is é Colm 'Jimí' Ó Curraoin as ceartlár Ghaeltacht Chonamara buaiteoir phríomh- chomórtas amhránaíochta an Oireachtais i mbliana.
The White Beach man in the Islands District brought the 'sway' with him in the Sean Uí Riada Memorial Cup in Kilarn tonight.
Thug fear an Trá Bháin i gCeantar na nOileán an 'sway' leis i gCorn Chuimhneacháin Sheáin Uí Riada i gCill Airne anocht.
Colm Corn Uí Riada hangs with him north to the Minna area in Indrebhán, where he has lived for several years now, along with a Gold Medal and a check for €1,500.
Crochann Colm Corn Uí Riada ó thuaidh leis go ceantar na Minna in Indreabhán,áit a bhfuil cónaí air le roinnt blianta anois, chomh maith le Bonn Óir agus seic €1,500.
This is the first time he has ever read of an achievement.
Seo í an chéad uair riamh aige a léithid d'éacht a dhéanamh.
More than a score of competitors took part in this competition which was broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta from the Glenn Iolair Hotel.
Breis is scór iomaitheoir a bhí páirteach sa chomórtas seo a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as Óstán Ghleann an Iolair.
The woman of the house was the well-known broadcaster Neansai Ní Choistealbha.
Ba í an craoltóir aitheanta Neansaí Ní Choistealbha bean an tí.
She presented the program patently as is her wont and during it she referred to another historic achievement in the life of this great competition.
Chuir sí an clár i láthair go paiteanta mar is dual di agus lena linn thagair sí do éacht stairiúil eile i saol an chomórtais mhóir seo.
She said that she felt it was the first time ever that four people from the same family had been involved in the Corn Uí Riada.
Dúírt sí gur bhraith sí gurb í an chéad uair riamh ag ceathrar ón teaghlach céanna a bheith páirteach i gCorn Uí Riada.
Caitlín Ní Chualáin, her brother Mícheál, as well as two of Caitlín's children; Domhnall Ó Braonáin and Anna Ní Bhraonáin came on stage tonight.
Cinnte dearfa tháinig Caitlín Ní Chualáin, a deartháir Mícheál, chomh maith le beirt de chlann Chaitlín;Domhnall Ó Braonáin agus Anna Ní Bhraonáin ar stáitse anocht.
I would agree with Nancey that it is more likely than not that this will happen for the first time in the history of the competition and a source of pride and pride for the late Máirtín Peaits Ó Cualáin.
Thiocfainn le Neansaí gur dócha ná a mhalairt a léithid seo tarlú den chéad uair i stair an chomórtais agus údar bróid agus mórtais do Mháirtín Pheaits Ó Cualáin nach maireann.
Máirtín himself often moved audiences to tears by presenting oral sweetness and soulfulness.
Ba mhinic le Máirtín féin deora a bhaint as lucht éisteachta le binneas béil agus anamúlacht a chur i láthair.
It was Caitlín herself who came in third place and her colleague from RTÉ Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin who hung with her the Silver Medal after finishing in second place.
Ba í Caitlín fhéin a tháinig sa triú háit ar deiridh agus a comhleacaí as RTÉ Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin a chroch léi an Bonn Airgid i ndiaidh dise críochnú sa dara háit.
High quality competition was seen and heard tonight and the event's three judges had enough to separate the singers on the night in order of merit.
Chonacthas agus chualathas iomaíocht d'ardchaighdeán anocht agus bhí dóthain le déanamh ag triúr moltóirí na hócáide na hamhránaithe a scaradh ar an oíche in ord fiúntais.
But regardless of that I am sure of Colm 'Jimí' Ó Curraoin who closed the night's radio program with another beautiful and heartfelt song.
Ach is cuma sin táim cinnte le Colm 'Jimí' Ó Curraoin a ...
Comments