20240125_IRISH_654_othar_ag_fanacht_le_leaba_a_fhail_i_mbarda
JAN 25
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/ylgt9bwr

Contact: irishlingos@gmail.com
654 patients waiting to get a bed in a ward.
654 othar ag fanacht le leaba a fháil i mbarda.
According to the Irish Nurses and Midwives Association, there were 654 patients waiting for a bed in a ward in the country's hospitals this morning, which is fourteen people more than yesterday.
Dar le Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go raibh 654 othar ag fanacht le leaba a fháil i mbarda in ospidéil na tíre ar maidin inniu, sin ceithre dhuine dhéag níos mó ná inné.
446 of the patients were in emergency departments, and the other 208 were on trolleys or in chairs in wards.
Is i rannóga éigeandála a bhí 446 de na hothair, agus is ar thralaithe nó i gcathaoireacha i mbardaí a bhí an 208 eile.
The situation was worst in Limerick University Hospital this morning, where 110 people were waiting for a bed.
Is in Ospidéal Ollscoile Luimnigh is measa a bhí an scéal ar maidin, áit a raibh 110 duine ag fanacht le leaba.
Subsequently, 88 people were waiting for a bed in University Hospital, Cork; 65 people in University Hospital, Galway; and half a century at the University Hospital, Letterkenny.
Ina dhiaidh sin, bhí 88 duine ag fanacht le leaba in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh; 65 duine in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh; agus leathchéad in Ospidéal na Ollscoile, Leitir Ceannain.
In addition to that, eleven children between the three children's hospitals in Dublin were waiting for a bed.
I dteannta an mhéid sin, bhí aon leanbh déag idir na trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath ag fanacht le leaba.
As bad as that was, it was even worse yesterday, when 27 children were involved.
Dá dhonacht sin, ba mheasa fós inné é, tráth a bhí 27 leanbh i gceist.
The nurses are demanding that non-urgent elective operations be postponed in light of the crisis and priority given to the patients arriving at the emergency departments.
Tá na haltraí ag éileamh obráidí roghnacha neamhphráinneacha a chur ar atráth i bhfianaise na géarchéime agus tús áite a thabhairt do na hothair atá ag teacht chuig na rannóga éigeandála.
Damien McCallion from the Health Service Executive said that the prevalence of respiratory diseases is at this time of year every year, which is the calmest of the crisis.
Dúirt Damien McCallion ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gurb é leitheadúlacht na ngalar riospráide a bhíonn ann an tráth seo bliana gach uile bhliain, gurb é is siocair leis an ngéarchéim.
Taoiseach Leo Varadkar accepted this afternoon that far too many people were waiting too long to get a bed in a ward.
Ghlac an Taoiseach Leo Varadkar leis tráthnóna go raibh i bhfad an iomarca daoine ag fanacht rófhada le leaba a fháil i mbarda.
On the contrary, he claimed that great progress had been made in several years and drew attention to the additional 20,000 people who had been recruited by the health services from 2020.
Os a choinne sin, mhaígh sé go raibh an-dul chun cinn déanta le roinnt blianta agus tharraing sé aird ar an 20,000 duine breise a bhí earcaithe ag na seirbhísí sláinte ó 2020.
The Taoiseach also said that Ireland is among the five countries with the highest number of nurses per person in the population.
Dúirt an Taoiseach freisin go bhfuil Éire i measc na gcúig thír ina bhfuil an líon is mó altraí in aghaidh gach duine sa daonra.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Comments