20240210_IRISH_na_ceadta_ag_sochraid_stait_an_iarthaoisigh_john_bruton
FEB 10
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/2974bkbz

Contact: irishlingos@gmail.com
Hundreds at the State Funeral of former Pastor John Bruton.
Na céadta ag Sochraid Stáit an iarThaoisigh John Bruton.
An honest, honest man who had many victories was the description made by Father Bruce Bradley of the former Taoiseach John Bruton at his funeral mass in Co Na Meath this morning.
Fear ionraic, macánta a raibh iliomad bua aige an cur síos a rinne an tAthair Bruce Bradley ar an iarThaoiseach John Bruton ag aifreann a shochraide i gCo na Mí ar maidin.
Hundreds attended the State funeral in Peter and Paul's Church in Dunboyne - among them were President Michael D Higgins, Taoiseach Leo Varadkar, as well as former dignitaries Enda Kenny, Brian Cowen and Bertie Ahern.
Bhí na céadta i láthair ag an tsochraid Stáit i Séipéal Pheadair agus Phóil i nDún Búinne - ina measc bhí an tUachtarán Michael D Higgins, An Taoiseach Leo Varadkar, chomh maith leis na hiarthaoisigh Enda Kenny, Brian Cowen agus Bertie Ahern.
Also present were Tánaiste Micheál Martin and Eamon Ryan, Leader of the Green Coalition.
I láthair freisin bhí An Tánaiste Micheál Martin agus Eamon Ryan, Ceannaire An Chomhaontais Ghlais.
Sinn Féin leader Mary Lou McDonald, Michelle O'Neill, First Minister of Northern Ireland and Deputy First Minister Emma Little-Pengelly were among the politicians at the funeral mass.
Bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, Michelle O'Neill, Céad-Aire Thuaisceart Éireann agus an LeasChéad- Aire Emma Little-Pengelly i measc na bpolaiteoirí a bhí ag aifreann na sochraide.
180 members of the Defense Forces were involved in the funeral ceremony.
Bhí 180 comhalta d'Óglaigh na hÉireann páirteach i searmanas na sochraide.
John Bruton was a brave, committed man and the former Taoiseach often demonstrated first-class leadership when it was most needed, Father Bruce Bradley said in his sermon.
Ba fear cróga, tiomanta é John Bruton agus ba mhinic leis an iarThaoiseach ceannaireacht den chéad scoth a léiriú nuair is mó a bhí gá leis a dúirt an tAthair Bruce Bradley ina sheanmóir.
Tributes have been paid at home and abroad to John Bruton who was Taoiseach between 1994 and 1997.
Tá ómós tugtha sa bhaile agus i gcéin do John Bruton a bhí ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997.
He was leader of Fine Gael between 1990 and 2001.
Ceannaire Fhine Gael a bhí ann idir 1990 agus 2001.
Before that, he spent two terms as Minister for Finance between 1981-1982 and between 1986-1987, and was Minister for Industry, Trade, Commerce and Tourism between 1983 and 1986.
Roimhe sin, chaith sé dhá thréimhse mar Aire Airgeadais idir 1981-1982 agus idir 1986-1987, agus bhí sé ina Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta idir 1983 agus 1986.
He was elected to the Dáil for the first time in the Meath constituency in 1969.
Toghadh chun na Dála den chéad uair é i ndáilcheantar na Mí i 1969.
Comments