20240221_IRISH_€800_milliun_le_cur_ar_fail_le_haghaidh_tograi_trasteorann
FEB 21
Description Community
About
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/25cmbur5

Contact: irishlingos@gmail.com
€800 million to be made available for cross-border projects.
€800 milliún le cur ar fáil le haghaidh tograí trasteorann.
The Government has announced that €800 million will be made available from the Exchequer for cross-border projects.
Tá sé fógartha ag an Rialtas go gcuirfear €800 milliún ar fáil ón Státchiste le haghaidh tograí trasteorann.
Taoiseach Leo Varadkar declared that this is the largest contribution the Irish Government has ever made to the development of cross-border enterprises.
Dhearbhaigh an Taoiseach Leo Varadkar gurb é seo an méid is mó a chuir Rialtas na hÉireann ar fáil riamh le fiontair thrasteorann a fhorbairt.
It is in view of the restoration of the political institutions in the North that the string is being pulled from the spag, he said.
Is i bhfianaise athbhunú na bhforas polaitiúil sa Tuaisceart atá an tsreang á baint den spaga, arsa sé.
Among the major projects that will be put on the road and will be given a tree, is the long-promised upgrade of the A5 road between Derry and Letterkenny.
I measc na mórthograí a chuirfear sa siúl agus a thabharfar i gcrann, tá an t-uasghrádú atá geallta le fada ar bhóthar an A5 idir Doire agus Leitir Ceanainn.
€600 million – a good share of the €800 million – has been set aside for the upgrade of that road which will start later in the year, it was said.
€600 milliún – sciar maith den €800 milliún – atá curtha i leataobh i gcomhair uasghrádú an bhóthair sin a gcuirfear tús leis amach sa bhliain, a dúradh.
In that regard, the bridge that is planned to be built between Co Louth and Co Down will go ahead.
Ina cheann sin, rachfar chun cinn leis an droichead a bhfuil sé beartaithe a thógáil idir Co Lú agus Co an Dúin.
The purpose of the bridge, which is called Caol Uisce Bridge, is to establish a new connection between Cuaille and the Beanna Boirche area and the Taoiseach said that it was dependent on the construction contract being signed next month.
Is é is aidhm don droichead, dá ngairtear Droichead Chaol Uisce, nasc úr idir Cuaille agus ceantar Bheanna Boirche a bhunú agus dúirt an Taoiseach go rabhthas ag brath ar an gconradh tógála a shíniú an mhí seo chugainn.
Another €12.5 million will be spent on improving the rail link between Dublin and Belfast.
Caithfear €12.5 milliún eile ar an nasc iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste a fheabhsú.
€50 million will be made available for the renovation of McAsmaint Park in west Belfast, where several matches will be played in the European Soccer Championship in 2028.
Cuirfear €50 milliún ar fáil i gcomhair athchóiriú Pháirc Mhic Asmaint in iarthar Bhéal Feirste, áit a n-imreofar roinnt cluichí i gCraobh Sacair na hEorpa in 2028.
The Taoiseach also indicated that €10 million would be available to significantly restore and develop the site of the Battle of the Boyne in Co. Meath.
Thug an Taoiseach le fios freisin go mbeadh €10 milliún ar fáil le láthair Chath na Bóinne i gCo na Mí a athchóiriú agus a fhorbairt go suntasach.
Another €24 million will be spent on education projects, especially projects that tackle disadvantage in the sector.
Caithfear €24 milliún eile ar thograí oideachais, go háirithe tograí a théann i ngleic le míbhuntáiste san earnáil.
There is no funding for Irish language projects in the amount announced today.
Níl aon mhaoiniú le haghaidh tograí Gaeilge sa mhéid a fógraíodh inniu.
RTÉ News and Current Affairs Three Government leaders announcing new cross- border proposals today
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Triur ceannairí an Rialtais ag fógairt tograí nua trasteorann inniu
Comments